Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thug bata agus bóthar do Ceausescu that sent Ceausescu packing
" Cad a tharla do *people power*, an chumhacht ollmhór sin a bhris riail iarainn an Cumannachais agus a thug bata agus bóthar do Ceausescu, do Hoenniger, don iliomad deachtóir, beag agus mór, in oirthear na hEorpa? Cá bhfuil sé i dtuaisceart na hÉireann? Tá an oiread sin eagla ar dhaoine roimh an dream eile - agus sin gach aicme den tsochaí - nach bhfuil siad sásta bata agus bóthar a thabhairt don tseicteachas.
Tugadh bata is bóthar dóibh They were sent packing
á shailleadh agus á phacáil salting and packing it
" Sa sráidbhaile nua, bhí na hiascáirí ábalta na scadáin a dhíol díreach leis na saillteoirí agus bhí fostaíocht ar fáil ag baint as an iasc, á shailleadh agus á phacáil.
plódaithe le turasóirí mála droma, full of back-packing tourists,
" De ghnáth, bíonn lár an bhaile plódaithe le turasóirí mála droma, agus bíonn corr-réalta scannáin nó rac-cheoil ag spaisteoireacht ina measc freisin.
boscaí pacála packing boxes
" Chuaigh Fremont amach le boscaí pacála a cheannach agus nuair a tháinig sé ar ais leo, rith sé leis an bheirt acu agus iad ag amharc ar na boscaí go mbeadh siad an-mhaith mar thaisceadáin.
bata agus bóthar a thabhairt do Staunton. to send Staunton packing.
" Táthar den tuairim go mb’fhéidir gur thairg O’Brien an bronntanas agus Steve Staunton fós ina bhainisteoir, rud a chiallódh go raibh brú áirithe ar an FAI bata agus bóthar a thabhairt do Staunton.
bata agus bóthar do sent him packing
" Thug Abbott bata agus bóthar do Macfarlane mar urlabhraí i dtaca le hathrú aeráide ina chomhaireacht chúil nua agus cheap sé ina ionad an Seanadóir Nick Minchin.
díbeartha sent packing
" Is é seo an chéad chlárú a dhéanfar i ndiaidh do Bhrian na Gairleoige Fiáine a bheith ina Rí ar Mhnáibh , ar Fhearaibh agus ar Ógánaibh Éireann agus do Bhrian na Grúise Gairgí a bheith díbeartha ar ais mar Ghobharnóir ar na drongaibh lár tíre.
bata agus bóthar do sent packing
" 
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.
díbríodh were sent packing
" Tá mé den tuairim gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta.
de dhroim seoil to send packing
" An té nach bhfeiceann cé tá i gceannas an stáit is mian leis a ionsaí, bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin ach ní chuirfidh sé an cheannasaíocht de dhroim seoil.
cuireadh an ruaig ar were sent packing
" Ar aon nós, ba i réimse na talmhaíochta a bhí níos mó ná 60% de lucht oibre na tíre nuair a cuireadh an ruaig ar na Sasanaigh.
bata agus bóthar garbh don altra (sends) the nurse packing unceremoniously
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
thug siad bata agus bóthar do Gillard they sent G. packing
" Ní raibh aon leisce orthu, mar sin, an cinneadh a dhéanamh a leas féin a chur chun cinn ar dhílseacht agus thug siad bata agus bóthar do Gillard.
ag éirí leo éirí as succeeding in packing it in
" Sa chlár, bhí mná ag caint ar conas mar atá ag éirí leo éirí as agus, b'fhéidir, ar an gcaoi sin go mbeidh muid in ann cuidiú le duine nó beirt amuigh ansin atá ag dul fríd am an-chrua leis an ól agus atá ag streachailt.
Bata is Bóthair sent packing
" Bata is Bóthair ====== Ach bíonn deacrachtaí le hantoisceacht i gcónaí.
ruaigeadh amach as an áit to send (the Tipp man) packing
" Ní fáidh fear ina dhúiche féin, áfach: is cuimhin lena mhac an uair ar briseadh Pól as a phost mar bhainisteoir ar an gcomharchumann áitiúil, agus go raibh daoine ag scaipeadh bileog ag an séipéal áitiúil agus iad ag iarraidh an pobal a ghríosadh chun fear Dhúrlas Éile a ruaigeadh amach as an áit.
tugadh bata agus bóthar don was sent packing
" Ar tugadh bata agus bóthar don gcailín bocht aimsire úd a luaitear? ’Bhfuil a cnámha siúd caite i gcúinne éigin den chill chéanna? Gach seans go bhfuil.
curtha de dhroim seoil (we’ve) sent packing
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.