Meastar go forleathan go bhfuil Ned Kelly, an ceithearnach coille a crochadh sa bhliain 1880 nuair nach raibh sé ach cúig bliana fichead, ar an duine Éireannach-Astrálach is clúití – nó míchlúití – i stair na hAstráile.
Aisteach le rá, is é an ceithearnach coille, Ned Kelly, a crochadh sa bhliain 1880 in Melbourne, Victoria, an Gael is clúití i stair na tíre (Eagrán 121, Bealtaine 2011).
taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadhto exhume the outlaw’s remains
Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.