Tá baint agam féin le heachtraíocht faoin spéir sa choláiste ina bhfuil mé ag múineadh anseo i Sasana agus cheannaigh mé leabhar agus fístéip a d'fhoilsigh an BMC/MLTB dar teideal "Safety on Mountains" i mbliana le haghaidh mo chuid ranganna.
Scáthbhrait agus scáthanna báistí móra; téitheoirí allamuigh; toilg; agus pluideanna fiú! Agus mar a dúirt mé – daoine áille – gach ribe éadaí a chaitheann siad ó dhearthóir éigin.
Leoga, arsa muid, nárbh é an spá is túisce a tharraing cáil ar Brides-les-Bains sula raibh aon chaint ar sciáil? Agus idir an teach allais, is é sin, an sabhna, agus an seomra gaile, an seacúsaí faoin aer agus an cith ilfheidhmeach, ní raibh lá aiféala orainn gur ansin a chríochnaíomar an tseachtain sciála.
Tá an saothar ar fad scaipthe fud fad na cathrach i suíomhanna suntasacha éagsúla ar nós Dánlann Hugh Lane, Dánlann Náisiúnta na hÉireann agus i suíomhanna taobh amuigh faoin spéir sa chathair féin.
Agus nárbh bhreá an rud é sna tráthnónta fada, geala samhraidh úd a bheith in ann dul amach faoin aer agus cúpla míle nó ciliméadar a rith nó a shiúl, beagán allais a shileadh agus corghram meáchain a chailleadh.