ar fhás phoipíní an chodlaidínon the growth of opium poppies
Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann.
Luaigh siad ceannach agus breabaireacht, a chreideann siad a bheith go forleathan san Afganastáin, agus an bhaint atá ag cuid nach beag de chomhghleacaithe Karzai i saothrú phoipíní an chodlaidín agus trádáil na hearóine.
Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.