Nó mura mbeadh acu ach Gaeilge lag lofa -- sa gcaoi go mbeadh Gaeilgeoirí níos fearr ag teacht amach as an nGalltacht sa todhchaí! Caithfidh muinn breathnú, mar sin, ar an dá réimse -- is gan faillí a dhéanamh i gceachtar acu!
An Saothar Mór
========
**SMM: An taighde mór atá curtha i gcrích agat ar chanúintí Oileáin Árann, cén tuairisc a thabharfas tú ar an taighde?**
SÓD: Baineann an taighde leis na difríochtaí cainte idir fir agus mná, agus leis na difríochtaí idir na glúine chomh maith leis na difríochtaí idir na bailte fearainn ó oileán go hoileán.