Pota Focal Intergaelic
F | O | oaf | ob | off
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
moll mór airgid a pile of money
" Agus mé ag fágáil theach Mhairéad, mo sháith ite agam agus dhá dhlúthdhiosca i mo sheilbh a bhronn sí orm mar bhronntanais, rith sé liom gur duine í a mbeadh a leithéid de mholadh níos tábhachtaí di ná moll mór airgid ó Virgin Records nó ceolchoirm mhór eile sa Hollywood Bowl.
gannchuid cré lack of soil
" Tá an Rinn difriúil ó na Gaeltachtaí eile ar mhórán slite; tá talamh bhreá mhéith ann, ní hionann is ceantair eile Ghaeltachta a bhfuil mórchuid cloch is gannchuid cré iontu.
líon íseal seo daoine this small number of people
" Cothaíonn an líon íseal seo daoine deacrachtaí maidir le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus iompar teanga.
seachas é a dhaoradh chun báis instead of comdemning him to death
" Díbirt ======= Nuair a stop an troid, gealladh do Dwyer go gcuirfí i gcéin go Meiriceá é, seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne.
ar bhuntáistí an dátheangachais on the advantages of bilingualism
" Tá cur síos sa bhileog ar bhuntáistí an dátheangachais agus ar Comhluadar.
liosta áiseanna list of facilities
" Tá pacáiste eolais agus liosta áiseanna againn do bhaill nua, á gcur ar an eolas faoi imeachtaí agus faoi na hearraí éagsúla atá ar fáil (leabhair, téipeanna, etc.
Siamsaíocht d'ardchaighdeán entertainment of a high standard
" • Siamsaíocht d'ardchaighdeán i nGaeilge a bheith á soláthar ag na forais chuí stáit.
an nóis taistil the custom of travelling
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
Casadh na séasúr The turning of the seasons
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
thuirne na beatha the spinning-wheel of life
" Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha! Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid.
togha na Gaeilge the best of Irish
" Is anseo a gheobhaidh tú Máire Uí Eaghráin taobh thiar den chuntar, bean uasal a bhfuil togha na Gaeilge aici agus croí mór flaithiúil fáiltiúil.
faoi choim na hoíche under cover of night
" Fuair muid cuireadh dul go teach i gcomhair dinnéir agus chuaigh muid ansin faoi choim na hoíche.
ghléas taistil means of transport
" Tá na busanna an-sean agus is minic a úsáidtear seanleoraithe, fiú amháin, mar ghléas taistil.
boirbe a ngutha the fierceness of their voice
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
shráideacha na hagóide the streets of protest
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
dínit na tragóide the dignity of tragedy
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
ar mhaithe le for the sake of
" Ná déanaimis an botún céanna arís ar mhaithe le scéal maith a insint.
saoirse trádála freedom of trade
" Gan dabht, tá cothromaíocht leochaileach idir saoirse trádála agus sláinte ainmhithe.
de bharr na péine because of the pain
" Ba chuimhin leis fuaim uafásach na mbó agus iad ag baint smeacha as a liopaí de bharr na péine.
dealbhóireachta saol na dealbhóireachta: the world of sculpture
" In ainneoin go mbaineann a shaothar le cúrsaí faisin agus *haute couture*, tá dlúthcheangal le saol na healaíne agus na dealbhóireachta le brath sa taispeántas seo.
áraslainne block of flats
" Nuair a amharcaim amach ar mo chuid fuinneog ar thaobh amháin chím bratach na hÉireann ag foluain ar bharr áraslainne.
cuircín tuft of feathers
" Tá brollach fionn air agus cuircín ar a cheann.
leabharlann de cháipéisí inmheánacha a library of internal documents
" Anuas air sin, d'fhéadfaí leabharlann de cháipéisí inmheánacha comhlachta a bhainistiú go héasca agus iad ar fad a chur ar fáil dá oifigí ar fud an domhain.
Spleodar na hóige. The exuberance of youth.
nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht would that not have the effect of making her more curious
" Dá dtabharfaí fógra fainice di nach amhlaidh a threiseodh sin a fiosracht.
a chuir síolta na críochdheighilte that sowed the seeds of partition
" Ó 1911 ar aghaidh cuireadh ceisteanna faoi chreideamh agus ba é an daonáireamh sin a chuir síolta na críochdheighilte.
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
ar bís a líon a chur in iúl dying to show how many of them there are
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe ar bís a líon a chur in iúl.
athaontú na tíre the re-unification of the country
" Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d'athaontú na tíre.
sháraigh sháraigh siad: they got the better of
" Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh.
stádas na teorann the status of the border
" Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh vótáil ann ar stádas na teorann, rud nach nglacfaidh rialtas na Breataine leis, agus tuigeann náisiúnaithe an chontúirt a bhaineann le móramhachas lom.
nach dtig a iomrá 'fhad le Balor without word of it reaching Balor
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
lucht lorgtha na fírinne those in search of truth
" 'Bígí ag cuartú faoina bhun, ach ná bainigí sult as!' a chomhairlíonn Balor do lucht lorgtha na fírinne.
ciontach i gcoir guilty of crime
" 'Daltaí scoile a fhaightear ciontach i gcoir ar bith as seo amach, ní cóir iad a chaitheamh isteach sa phríosún ach isteach i gceardchumann.
athchruth change of appearance
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
nach n-áirítear go coiteann not commonly thought of
" Caithfidh sé gurbh ea? Fear eile ar an gcoigrích thiar, nach n-áirítear go coiteann mar Ghael é, is ea Billy the Kid, nó mar a bheireadh sé air féin i ndeireadh achair, 'William Bonney'.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
comhdhéanta de made up of
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ar dtús bhí an Chomhdháil comhdhéanta de na heagraíochtaí Gaeilge agus daoine aonair, ach ó lár sheascaidí an chéid seo caite is eagraíochtaí amháin atá cláraithe leis an gComhdháil.
easpa lack of
" Cad iad na laigí a bhaineann leis an eagraíocht? An laige is mó le blianta anuas ná easpa airgid agus acmhainní chun an obair a dhéanamh.
athrú meoin change of mentality
"athrú meoin ag teastáil i gcás mhuintir na Gaeltachta féin, áfach.
easpa suime lack of interest
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
ráta íseal boilscithe low rate of inflation
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
in amhras faoi suspicious of
" "Rómhilis!" a mhaíonn fear na súile nimhe, a bhíonn i gcónaí in amhras faoi dhaoine a bhfuil rian ar bith de chineáltas ag baint leo.
caighdeán maireachtála standard of living
" Tá fórsaí an mhargaidh ag obair go tréan san earnáil phríobháideach, go háirithe in earnálacha na tógála agus na teicneolaíochta, agus is cinnte go bhfuil an caighdeán maireachtála ardaithe sa tír ina hiomláine.
ag béal an tolláin at the end of the tunnel
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
dalladh gréine plenty of sun
" Fuaireadar ithir shaibhir, dóthain báistí agus dalladh gréine rompu ach ní raibh aon fhíon le fáil.
na binsí fiosraithe tribunals of enquiry
" Más fíor go sceitheann fíon fírinne, b'fhéidir gur tuilleadh fíona atá ag teastáil ag na binsí fiosraithe atá ar siúl in Éirinn.
ábhar conspóide a matter of controversy
" Ba chúis díomá do go leor daoine agus ábhar conspóide an Stiúrthóir Declan McGonagle a bheith ag fágáil na dánlainne i ndiaidh do deich mbliana a chaitheamh ina bun.
a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti that we can all be proud of
" Caithfidh muid fanacht go dtí go bhfógrófar cé hé/hí an stiúrthóir nua le fáil amach cad é atá i ndán d'Áras Nua-Ealaíne na hÉireann amach anseo, ach tá McGonagle ag fágáil dánlainne ina dhiaidh a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti.
tearmann na ndíthreabhach is na manach sanctuary of the hermits and the monks
" Corca Dhuibhne - tearmann na ndíthreabhach is na manach is na luath-Chríostaíochta; Riasc, Cill Mhic an Domhnaigh, Gallarus, Cill Seanaigh; dúthaigh Bhréanainn, Mhaolcéadair, Chuáin, Ghobnait is Mhanacháin.
a shíolraíonn a mbunús that most of them derive
" Meastar gur ó sheanteangacha na Mayach a shíolraíonn a mbunús.
an-dua a lot of effort
" Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.
isteach sa mhodh smaoinimh seo into this way of thinking
" Fiú mo leithéidse, a thaistealaíonn ó thuaidh ó am go ham, tá sé éasca dom sleamhnú isteach sa mhodh smaoinimh seo.
Castar cuid mhór daoine orm I meet a lot of people
" Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti? Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
i bhfábhar an chomhaontaithe in favour of the agreement
" Bhíomar ag cur agallaimh ar aontachtóir a bhí i bhfábhar an chomhaontaithe faoin gcruachás ina raibh sí toisc nach raibh ach iarrthóir aontachtach frithchomhaontaithe ag seasamh sa toghchán.
néalta móra toite large clouds of smoke
" Cúpla lá ó shin, bhí néalta móra toite ag éirí i dtreo na spéire.
Scairdeann brúcht ollmhór uisce a large eruption of water gushes
" Scairdeann brúcht ollmhór uisce amach as an tsráid, agus léimeann na páistí thart ann.
i gcomhthéacs in the context of
" Is é an deis is mó atá ann d'ár dteanga féin ná go bhfuilimid anois ag caint ar shochaí agus ar thimpeallacht atá méadaithe go mór agus is féidir labhairt ar ár dteanga i gcomhthéacs theangacha na hEorpa seachas a bheith ag plé le Gaeilge agus Béarla amháin.
shiollaí na gaoithe puffs of wind
" Suite mar atá sí ar chósta thiar na hÉireann, bíonn boladh na farraige agus ceol an chonsairtín ag meascadh le chéile ar shiollaí na gaoithe.
scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí the best of musicians and singers
" Bíonn scoth na gceoltóirí agus na bhfonnadóirí i láthair ag an bhféile seo gach bliain.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
chnap éadaí pile of clothes
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
i mbaol titim in danger of falling
" Cén fáth? An raibh an foirgneamh i mbaol titim? An raibh galar tógálach, marfach ag bagairt ar mhuintir na scoile? An raibh a bpáistí i gcontúirt? An raibh an áit ar snámh le francaigh? Ní raibh.
shainmhíniú na faidhbe the definition of the problem
" Féachadh ar na Taistealaithe féin mar shainmhíniú na faidhbe.
adhmad éicint a bhaint as an ainm make some sense of the name
" Is féidir linn adhmad éicint a bhaint as an ainm: 'llif' = feacht, díle.
faoi bhruach na Life around the banks of the Liffey
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
chnap éadaí pile of clothes
" Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.
i mbaol báis in danger of dying
" San am sin, ní dóigh liom gur thuig daoine i gceart go ndearna na haltraí an obair leis na hothair a bhí i mbaol báis go deonach - ní raibh aon íocaíocht i gceist.
easpa infheistíochta lack of investment
" Tá an díospóireacht fós ag dul ar aghaidh faoi easpa infheistíochta sa chóras sláinte, agus bhí a rian le feiceáil i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Institiúid do Shláinte Phoiblí le déanaí.
caighdeán na múinteoireachta the standard of teaching
"caighdeán na múinteoireachta fós an-íseal, áfach, agus níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí go ceann i bhfad.
lagmhisneach loss of heart
" Baineann roinnt mhaith acu triail as an teanga a fhoghlaim arís, áfach, ach tagann lagmhisneach orthu athuair nuair a dhéanann siad freastal ar chúrsa nach bhfuil go maith.
d'íomhá na teanga to the image of the language
" Is mór an dochar a dhéanann sé seo d'íomhá na teanga.
In ainneoin in spite of the fact
" In ainneoin go n-aithníonn muid an t-aimhleas a dhéanann buidéal eile Seicteachais, nó leathcheann eile Seirbhe dúinn, ní thig linn stopadh.
teacht i dtír take advantage of
" Díchoimisiúnú ======= Tá an Fíor-IRA réidh le teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
téarmaí tagartha terms of reference
" Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Sinn Féin chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais.
fáil réidh le get rid of
" Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh fáil réidh le Fadhb na hÉireann.
feisire Member of Parliament
" Bhí mé sásta a chloisteáil gur chaill George Howarth, Oifig Thuaisceart Éireann agus feisire anseo ar Merseyside, a phost mar aire.
fáil réidh get rid of
" Cé gur mhol Tuarascáil Patten fáil réidh le piléir phlaisteacha, agus go bhfuil an L21A1 níos contúirtí ná an seancheann, fuair an t-arm/RUC an L21A1 ar an chéad lá de mhí an Mheithimh i mbliana.
in áit an fhíona instead of wine
" "Níl fonn fíona orm anocht," arsa Deirdre, "faigh gloine *cider* in áit an fhíona domhsa fosta.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
faoi choimirce under the auspices of
" Cathain a bunaíodh Gaillimh le Gaeilge agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge i 1987 faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail as pioneers in this type of project
" Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag an tionscadal i measc phríomhghníomhairí na cathrach agus mhuintir na cathrach, chomh maith le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail.
doirteadh fola the spilling of blood
" Bhí baint ag a mháthair le bunú Mhuintir na Síochána i 1972 agus chonaic sé doirteadh fola timpeall air go leanúnach agus é ag éirí aníos.
fhealsúnacht na hagóide the philosophy of protest
" " Albaim Eanáir 1967: The Doors Deireadh Fómhair 1967: Strange Days Iúil 1968: Waiting For The Sun Iúil 1969: The Soft Parade Feabhra 1970: Morrison Hotel Iúil 1970: Absolutely Live Aibreán 1971: LA Woman Samhain 1978: An American Prayer (Filíocht Morrison á haithris le ceol The Doors) Nuair a bhí sé ar an ollscoil, rinne sé staidéar ar chúrsaí ar nós fhealsúnacht na hagóide agus shíceolaíocht na sluaite.
foinsí inspioráide sources of inspiration
" Tá a chuid foinsí inspioráide le feiceáil go soiléir ina cheol: an fhealsúnacht, an litríocht, an béaloideas agus an mhiotaseolaíocht.
bhunadh na cathrach the inhabitants of the city
" Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
faoi choimirce under the auspices of
" I measc an tsaothair a bheidh ar taispeáint, beidh péintéireacht ó Ollscoil an Tríú hAois, *installation* ó thionscadal a thosaigh an dánlann le hionad áitiúil ban agus saothar ar páipéar a tháinig ó dhaoine atá ag obair faoi choimirce an Bhoird Shláinte sa chathair, atá ceangailte le fada leis an dánlann ar scéimeanna den chinéal seo.
as an ngnáth out of the ordinary
" Is i bhfolach i gceangaltán le teachtaireachtaí ríomhphoist a bhíonn a lán víreas, agus is fearr gan aon cheangaltáin as an ngnáth a oscailt.
in áit an fhíona instead of wine
" "Níl fonn fíona orm anocht," arsa Deirdre, "faigh gloine *cider* in áit an fhíona domhsa fosta.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
de cheal because of lack of
" Labhair an t-iriseoir seo le hurlabhraí de chuid Bhord Sláinte an Iar-Thuaiscirt a dúirt nach raibh aon eolas aici faoi threalamh a bheith gan úsáid de cheal cumhachta leictrí.
racht feirge outburst of anger
" Cheistigh mé cúpla duine tar éis na heachtra le feicéail ar tharla aon rud suntasach i mBoston féin a mhíneodh treise racht feirge na mban meanaósta.
líon mór eachtrannach a large number of foreigners
" Caithfear an cheist a chur: céard atá i ndán do Bhaile Átha Cliath amach anseo? Gan amhras, má ghlactar le líon mór eachtrannach sa tír beidh trioblóid againn sa todhchaí.
chnámh spairne bone of contention
" Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d'ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
de dhroim an domhain off the face of the earth
" Sin mar a cuireadh in iúl dhom féin go raibh an t-ionad do chuairteoirí a bhfuil Ceol mar ainm air le himeacht de dhroim an domhain sul i bhfad.
leabhar na tairngreachta the book of prophecy
" Ach tar éis na scéalta a bhí ag teacht chugam faoi ó fhoinsí éagsúla (ceoltóirí den chuid is mó), thar tréimhse fhada, bhí sé cosúil le seanchas a bhí scríofa i leabhar na tairngreachta a fheiceáil ag tarlú.
neart forógra plenty of forewarning
" An oscailt Ba ar an gCéadaoin an 14 Aibreán 1999 a osclaíodh an t-ionad seo le neart forógra.
iomrá ar bith no mention of
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.