Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
breathnadóirí neamhspleácha independent observers
" Beidh na hÉireannaigh i Learpholl ag iarraidh go mbeadh breathnadóirí neamhspleácha ag cuimhneachán Jim Larkin sa chathair i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn, mar gheall ar an chos ar bolg a rinneadh orthu ag an ócáid i mbliana, Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.
bhreathnóir observer
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
bhreathnóir observer
" An samhradh seo, beidh Iodálach eile ansin mar bhreathnóir, bean ar iriseoir í.
breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta international independent observers
" I bhFlorida tá na Poblachtánaigh le ceangal tar éis gur fhógair an eagraíocht síochána Pax Christi USA go gcuirfidh siad breathnadóirí neamhspleácha idirnáisiúnta chun na háite don toghchán uachtarántachta thall sa bhfómhar.
stádas breathnadóra observer status
"stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe.
breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe United Nations observers
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
breathnóir observer
" Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe le linn na trialach, gur “spectacular miscarriage of justice” a bhí ann.
fo-chomhfhios an bhreathnóra the observer's subconscious
" Éalaíonn siad aníos as fo-chomhfhios an bhreathnóra.
breathnóir observer
" Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe, gur “iomrall ceartais mórthaibhseach” a bhí sa triail i gcoinne “buamadóir Loch Earbaí.