Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iliomad numerous
" Ach maidir le Seáiní Mac Mathúna, Jamsey Ó Conchubhair agus imreoirí cróga an Chláir, Pól Ó Floinn agus gaiscígh eile Phort Láirge, Joe Déin agus iománaithe sciliúla Chorcaí agus iliomad imreoirí iontacha eile, ealaíontóirí an chluiche is fearr in Éirinn, ní fheicfear iad i mbun imeartha lena gcontaetha go ceann bliana eile.
líonmhar numerous
" Nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl in Éirinn, ní raibh cairde chomh líonmhar, chomh saibhir ná chomh feargach againn is atá ag muintir na hIaráice i láthair na huaire.
cháin siad ar an iliomad cúiseanna which they criticised for numerous reasons
" “Bhí mise ag eagrú coirmeacha a cháin siad ar an iliomad cúiseanna.
is líonmhaire i bhfad na tithe saoire holidays homes are a lot more numerous
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
iliomad eagraíochtaí agus grúpaí numerous organisations and groups
" Ceann de na príomhrudaí a bheas le déanamh acu ná tacaíocht a chur ar fáil don iliomad eagraíochtaí agus grúpaí ar fud na tíre atá ar bís leis an Ghaeilge a chur chun cinn, bíodh siad i saol an ghnó, i bpobail, i scoileanna nó in ionaid eile nach iad.
líonmhaire more numerous
" Cad chuige nach mbeadh? Is fearr dráma raidió a scríobh ná gearrscéal ar an ábhar gur líonmhaire na héisteoirí agus gur mó an táille.
in áiteanna iomadúla in numerous places
" Is féidir teacht ar nuacht in áiteanna iomadúla sa lá atá inniu ann ach ní raibh aon chlár dírithe ar phobal Polannach na hÉireann.
ró-líonmhar too numerous
" Agus bóithre Mheiriceá ag cur thar maoil anois le carranna atá á dtiomáint ag dream atá róghnóthach, róthuirseach, rófheargach agus ró-líonmhar, braitheann daoine go bhfuil sé ródhainséarach dul amach i gcarr nach bhfuil cosúil le tanc – agus sin an fáth gurb ann don Hummer, ar ndóigh.
líonmhar plentiful numerous
" ** ** Dumhcha muiríneachaSeo sampla ón tuarascáil: tá “drochstádas” ag gnáthóg na ndumhcha muiríneacha, atá líonmhar i nDún na nGall.
líonmhaire more numerous
" An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh? Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo.
iliomad numerous
" Tar éís an iliomad carranna a thriallthiomáint suas síos bóithre Nua-Gheirsí, roghnaíomar táirge na Seapáine i ndeireadh báire.
iliomad numerous
" Bhíodh suas le 80,000 saighdiúir ar coinmheadh sa champa ag an aon am amháin i rith an Chogaidh Mhóir – saighdiúirí nua ag dul sna línte tosaigh, saighdiúiri ar sos, nó saighdiúirí gortaithe in iliomad ospidéal míleata an bhaile.
iliomad numerous
" Tá an iliomad cúiseanna ann a bheith saor ó pháistí, dar le Childfree: is mór an ceangal iad; tá an iomarca daoine ar domhan cheana agus tá brú rómhór ar na hacmhainní; níl fonn orm a bheith i mo thuismitheoir srl.
iliomad post numerous jobs
" ” Thosaigh John ag cabhrú lena thuismitheoirí sa siopa i ndiaidh na hardteiste a fhad is raibh sé á fhéachaint féin san iliomad post faoi is thairis.
cáipéisí líonmhara numerous documents
" Mura mbíonn trácht ar na cáipéisí líonmhara a aistrítear go Gaeilge gan a léamh choíche ina dhiaidh sin, déantar cur síos ar sheirbhísí ateangaireachta abhus agus san Eoraip a bhfuil coinleach glas ag fás orthu, cheal úsáide.
sluaite iomadúla numerous crowds
" Amach as gach poll sa tír a tháinig siad, ina scaiftí líonmhara, ina sluaite iomadúla.
iliomad numerous
" In oifigí úra an Taoisigh os cionn an bheáir Tigh Doheny agus Nesbitt’s a chuir Balor an t-agallamh ar Cheannaire Fhianna Fáil, nó tá Tithe an Rialtais díolta ag Bord Snip Nua le Bord Snip Nua ar phraghas an-íseal mar oifigí don iliomad iar-státseirbhíseach atá fostaithe anois ar tuarastal an-ard ag Bord Snip Nua.
líon mór dualgaisí numerous duties
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
iomadúla numerous
" Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
iliomad numerous
líonmhar numerous
" Mionlach líonmhar Nuair a chloistear an focal mionlach is gnách smaoineamh ar mhuintir Ogiek na Céinia is na Tansáine arb ann do 40,000 díobh, nó ar mhuintir Ogoni na Nigéire a bhfuil tuairim is leathmhilliún díobh ann, nó fiú ar Choirdínigh na Tuirce a bhfuil suas le 25 milliún díobh ann dar le tuairimí áirithe.
líonmhara numerous
" Bhí maithe agus móruaisle, cosmhuintir agus mionuaisle na hÉireann agus Mheiriceá cruinnithe le chéile arís ina sluaite líonmhara sa pháirc ollmhór chun an tríochadú Irish Fest a cheiliúradh.
chomh tiubh as thick, numerous
" Agus má bhreathnaíonn tú ar sheanléarscáileanna, feicfidh tú líonra traenach sa tír atá chomh tiubh sin go mbreathnaíonn sé mar mhionchuislí duilleoige.
flúirseach numerous
" Tháinig na hionaid i bhfad níos luaithe go Meiriceá, ámh - chomh fada siar leis na fichidí, nuair a tógadh ‘sraithshiopalanna’ chun freastal ar lucht tiomána na tíre, a d'éirigh flúirseach san am sin.
gradam i ndiaidh gradaim numerous awards
" Is é an léargas pearsanta ionraic a thugann Corduff agus O Donnell ar an gcaoi a ndeachaigh imeachtaí le deich bliana anuas i bhfeidhm orthu go pearsanta, ar a dteaghlaigh agus ar an bpobal trí chéile, a mheallann na sluaite isteach ó cheann ceann na tíre arís agus arís eile agus a ghnóthaíonn gradam i ndiaidh gradaim don scannán.
go láidir ann numerous there
" Is saoithiúil ar bhealach gur i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert chun tosaigh ar ball.
an iliomad numerous
" An Fhírinne nó Cruinneas Áirithe ================ Cé gur chuir an iliomad scribhneoirí idir scribhneoirí Gaeilge agus Béarla spéis iontu i gcaitheamh na mblianta is beag leabhar a bhfuil léargas réalaíoch déanta ar an mionlach seo iontu, léargas a bhfuil fírinne nó cruinneas áirithe ag baint leis – (is eisceachtaí anseo iad an léargas a thugann Pádraic Ó Conaire ar Lucht Siúil na Seónna Taistil in Deoraíocht agus an dream ar tugadh na ‘tincéirí’ uair amháin orthu sa nóibhille Eitleán le Seán MacMathúna).
uaigheanna aos Allah go líonmhar numerous Muslim graves
" Imeacht ón Eoraip ========= Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean.
is líonmhaire are more numerous
" Chomh maith leis sin, beidh cuma spleodrach ar an chathair, í cóirithe go húrnua le haghaidh Bhliain an Chultúir, spásanna úrnua siamsaíochta anseo is ansiúd ar fud na cathrach agus fáilte Uí Dhochartaigh (is líonmhaire na Dochartaigh ná muintir Uí Cheallaigh i nDoire agus tá a bhfáilte siúd lán chomh fial) roimh óg agus aosta.
mórán chomh líonmhar céanna almost as numerous
" Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
iomadúla numerous
" Is féile mhór sa Ghailís í, mar a gcaitear mórán ama ag ullmhú faoi choinne na dtinte cnámh iomadúla.
dream is líonmhaire most numerous group
" Ní hionadh gurb as an Úcráin don dream is líonmhaire de na hinimircigh lasmuigh den dlí.
ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin more numerous on the mainland than the population of the island
" Bhí na Stáit bainte amach ag breis is milliún Pórtó Ríceach faoin mbliain 1960 agus faoi 2003 bhí na Pórtó Rícigh ar tír mór níos líonmhaire ná daonra an oileáin féin sa bhaile.
Ba líonmhaire na bacanna the roadblocks were more numerous
" Ba líonmhaire na bacanna ar an mbóthar go hInis Ceithleann ná swarm defence chosantóirí Fhear Manach in aghaidh an Chabháin ar pháirc na peile.
ba de dhroim loiceadh san iliomad páirtithe it was because of numerous (political) parties abandoning it
" Má polaitíodh an Ghaeilg, ba de dhroim loiceadh san iliomad páirtithe polaitíochta eile a tharla amhlaidh.
oscailte don iliomad tionchar open to numerous influences
" Dá mbeifeá chun cur síos a dhéanamh orainn ó thaobh stíle de, is dócha go bhféadfá a mhaíomh gur meascán eicléicteach atá ann idir cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol na muintire agus an ceol domhanda – táimid oscailte don iliomad tionchar agus stíle - ó Michael Jackson go Mozart! Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh ============== **M.
d'fhéadfadh an iliomad fáthanna there could be numerous reasons
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
is léir ón iliomad físeanna as is obvious from numerous videos
" Bhí sé glórach agus ionsaitheach, agus níor chúlaigh sé riamh ó iaróig ná ó throid, mar is léir ón iliomad físeanna atá ar fáil de ar an idirlíon ag béicíl le daoine a chuir cruacheisteanna air.
is líonmhaire are more numerous
" Tá daoine eile ag fáil bháis ach is líonmhaire na Gaeil-Airgintínigh agus, faoi láthair, tá tuairim’s leathmhilliún Gael-Airgintíneach sa tír, an diaspóra Éireannach is mó chuig tír nach labhraítear Béarla inti.
ag éirí níos líonmhaire becoming more numerous
" Gan amhras, tá cleachtadh ag colúnaithe ar bhagairtí a fháil sa phost, ach tá na bagairtí ag éirí níos líonmhaire agus níos gáirsiúla.
atá líonmhar which is numerous
" Bhí ‘drochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall.
líonmhar numerous
" Céard a tharraingíonn duine isteach i gcultúr? Cén fáth a shantódh duine a tógadh i gcultúr láidir na milliún cainteoirí dúchais, cultúr nach bhfuil chomh líonmhar ná chomh fairsing lena cultúr féin? Sin an cineál ceiste a bhí ar Katie Nic Aindréis thall i Virginia.
iliomad numerous
" Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.
líonmhar numerous
" Má chaill, bhí comhluadar líonmhar ina theannta ó cheann ceann na tíre.
líonmhair numerous
" Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.
líonmhar numerous
" Is iomaí cineál mionlaigh ar an saol, ach is tearc mionlach chomh líonmhar leis na Dalit in oirthear domhain.
bagairtí nach beag numerous threats
" Tá caint go leor agus bagairtí nach beag á ndéanamh i dtaobh acmhainní an Artaigh anois agus claibín oighir an domhain ag leá leis in aghaidh an lae.