níos feiceálaí
more noticeable
Dar ndóigh, ní bhaineann an feiniméan seo leis an Rinn amháin ach tá sé
níos feiceálaí i nGaeltacht na nDéise toisc go bhfuil an ceantar chomh beag sin.
ardú suntasach
a noticeable increase
Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh
ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
méadú suntasach
a remarkable/noticeable increase
Grianghraf: Matt Turner
Tá
méadú suntasach tagtha ar tháirgeadh fíona sa tír le tamall de bhlianta anuas.
gnéithe suntasacha
noticeable aspects
Is
gnéithe suntasacha dá gcultúr corparáideach an col le machnamh, le hathmheas agus le nuálaíocht.
Dul chun cinn suntasach
noticeable progress
Dul chun cinn suntasach déanta maidir le soláthar seirbhísí do phobal na Gaeilge.
suntasaí
noticeable
Is é an rud is
suntasaí ná an t-atmaisféar nó an easpa atmaisféir atá le brath in Ollscoil Rennes.
athrú suntasach
noticeable change
Ach áit go bhfuil
athrú suntasach tagtha ar an saol ná in úsáid an idirlín chun siopadóireacht agus gnó bainc a dhéanamh, agus chun teilea-obair a dhéanamh.
suntasach
noticeable
"
Seirbhísí webmail
=======
Go deimhin, tá difear
suntasach idir cláracha ríomhphoist ar nós Microsoft Outlook, agus na seirbhísí *webmail* atá coitianta anois.
suntasach
noticeable
An rud a bhí
suntasach faoin mhéid a bhí le rá acu ná gur luaigh achan duine áit in Éirinn agus nár luaigh siad áit ar bith thar sáile.
suntasach
noticeable
Na rialacha
=======
Tá gach cosúlacht ar an scéal gur ar an gcluiche rugbaí mar a imríodh i Sasana é (cé go raibh rialacha éagsúla á n-úsáid fós) a bunaíodh rialacha an choiste, ach bhí cúpla athrú
suntasach i gceist freisin.
suntasach
noticeable
Rud amháin
suntasach is ea go bhfuil muintir an pharóiste dílis dá ndúchas agus ana-mhórálach as agus tá ceoltóirí agus amhránaithe óga den scoth ina gcónaí sa pharóiste seo anois.
suntasach
noticeable
Ach tá cúpla athrú beag
suntasach le tabhairt faoi deara an babhta seo.
ísliú suntasach
noticeable decrease
Ní nach ionadh go bhfuil
ísliú suntasach tagtha ar ioncam an stáit.
suntasach
noticeable
Ar an drochuair, mar gheall ar pholasaí earráideach teanga, níor éirigh leis na húdaráis an teanga a chur chun cinn ar bhealach
suntasach i measc an phobail.
ba shuntasaí
most noticeable
Ach ba é an t-athrú
ba shuntasaí ná teanga eile a bheith agam, nach raibh a fhios agam í a bheith ann ar chor ar bith sular fhág mé, teanga a thabharfadh radharc eile dom ar an saol.
suntasach
noticeable
Ábhar imní é an méadú
suntasach atá tagtha ar úsáid cócaoin sa tír le gairid.
suntasach
noticeable
Is athrú
suntasach é seo ar an gcaidreamh le tíortha iasachta a bhí ag an Spáinn le cúig bliana is fiche anuas.
athrú suntasach meoin
noticeable change in thinking
Ní mar sin, áfach, a d'amharc tromlach na ndaoine in Éirinn ar an cheist agus is
athrú suntasach meoin é seo ón dóigh a raibh cúrsaí.
difríocht shuntasach
noticeable difference
Is é an chéad
difríocht shuntasach a thug Laoch na Litríochta fá deara nuair a shiúil sé isteach sa Brandon an easpa gleo.
tá méadú suntasach
noticeable increase
Tá gradaim bainte ag cláracha éagsúla de chuid TG4 in Éirinn agus ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus
tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag féachaint ar an stáisiún de bharr fheabhas a sceidil.
méadú suntasach
noticeable increase
Dála na hÉireann, tá
méadú suntasach tagtha ar phraghas na dtithe sna cathracha sin le cúpla bliain anuas.
an-suntasach
very noticeable
) ná an traenáil a dheineadh amaitéaraigh scór bliain ó shin, ach mar sin féin tá an t-athrú ar chruth na n-imreoirí
an-suntasach.
suntasach
noticeable
Bhí sé
suntasach go raibh cuid mhaith de na daoine a cháin an t-ionsaí i Maidrid ina dtost an t-am seo anuraidh agus faoi na smachtbhannaí.
suntasach
noticeable
Ach taobh amuigh den mhéid sin, tá athruithe nó nósanna nua ag teacht i dtreis nach raibh chomh
suntasach sin cheana i gcúrsaí spóirt, sa tír seo ar chuma ar bith, agus tá cúpla dream ann a raibh a mbaint le spórt an-imeallach roimhe seo ach atá anois ag teacht chun cinn de réir a chéile agus a ról agus a dtionchar ag dul i méad ó lá go lá.
suntasach
noticeable
Nuair a chríochnaigh babhta a haon bhí rud amháin
suntasach agus ina údar imní ag an lucht leanúna: nár cháiligh contae ar bith as Cúige Laighean, Cill Chainnigh san áireamh, do bhabhtaí ceannais na Sraithe Náisiúnta.
suntasach
noticeable
Rud eile atá
suntasach ná an méid mór ceoil chlasaicigh atá ar siúl sa chathair, agus tá traidisiún snagcheoil ann freisin.
difríochtaí suntasacha
noticeable differences
Ach tá
difríochtaí suntasacha idir na ceamaraí digiteacha is saoire agus na cinn is daoire agus is gá an teicneolaíocht atá le fáil iontu a thuiscint chun an luach is fearr a fháil.
suntasach
noticeable, remarkable
Soitheach gan stiúir
=======
Ó ceapadh Martin Cullen ina Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada
suntasach déanta aige.
stríoca suntasacha
noticeable stripes
Bhí
stríoca suntasacha le feiceáil ar dhroim an ainmhí.
laghdú suntasach
noticeable decrease
Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh
laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
suntasach
noticeable
Tá na riachtanais sin ag teacht i bhfeidhm anois agus creidim go dtiocfaidh méadú, agus méadú
suntasach, ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí ar nós aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile, sna blianta atá romhainn.
Foirgneamh suntasach
impressive/noticeable building
Na dánlanna
=======
**Rijksmuseum**
Foirgneamh suntasach a tógadh in 1885 é an Rijksmuseum agus is é príomhdhánlann na tíre – tugann 1.
buntáiste suntasach
noticeable advantage
Tá sí á húsáid go forleathan le drugaí a chur ar fáil agus glacann an pobal leis sin mar gur féidir
buntáiste suntasach a fheiceáil uaidh.
dul chun cinn suntasach
noticeable progress
Ba mhaith liom bheith dearfach ina thaobh agus gan a bheith diúltach ach tá fhios ag an saol mór go mbeidh jab aige
dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt na hiomána.
ardú suntasach
noticeable increase
Tuigeann sé gur gá dó
ardú suntasach a dhéanamh ar an mothúchán-mhéadar.
ardú suntasach
noticeable increase
Tá
ardú suntasach le feiceáil i líon na nEaspáinneach i Meiriceá le corradh is scór bliain anuas.
an-suntasach
very noticeable
Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé
an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc.
an ceann ba shuntasaí
the most noticeable one
Cuireadh tús le scéim mhór inimirce i 1948 agus tháinig na sluaite as deisceart, lár agus oirthear na hEorpa agus thug siad leo a gcuid nósanna féin maidir le go leor rudaí ach ba é an bia
an ceann ba shuntasaí.
líon suntasach ranganna
a noticeable number of classes
Bhí daoine áirithe ann a raibh
líon suntasach ranganna caillte acu toisc “fadhbanna” éagsúla bheith acu.
an chéad difríocht shuntasach
the first noticeable difference
”
Ba é seo
an chéad difríocht shuntasach a thug Balor an Bromaire Bomannach faoi deara, ach níorbh fhada go bhfacthas dó go raibh an tErectus seo ní hamháin ina *cock-up* ach ina *cock-up* aisteach fosta.
feiceálach
noticeable
Tá sé
feiceálach sna siopaí móra; in HMV, tá sé taobh istigh den doras.
poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach
very noticeable and attractive publicity and advertising
Níl dabht ar bith ach go bhfuil
poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach á fáil ag an iomáint agus ag an rugbaí de bharr a gceangal leis na comhlachtaí móra seo.
An difríocht is suntasaí,
the most noticeable difference,
An difríocht is suntasaí, dar liom, seachas cúrsaí airgid dar ndóigh, ná go bhfuil traenálaithe ag Setanta agus Aisake a bhíonn ar fáil gach lá le cabhrú leo i ngach gné den spórt agus den ullmhúchán ó thaobh nirt, aclaíochta, scileanna éagsúla, bia, síceolaíochta, agus araile.
suntasach
noticeable
Cé gur drochshamhradh a bhí ann ó thaobh na haimsire de, bhí sé
suntasach go raibh an aimsir go breá nuair a imríodh formhór na gcluichí móra.
Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí
I suppose that the most noticeable new things
Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
le sonrú
noticeable
Gan amhras bhí dearcadh fríth-Éireannach – go háirithe dearcadh fríth-Chaitliceach –
le sonrú sa choilíneacht roimh theacht na ndílleachtaí, agus de réir nuachtáin amháin in Sydney sa bhliain 1848, ní raibh sna mná óga ach “the sweepings of the workhouses”.
sonrú
noticeable
Anois tá scór acu ann agus gan mórán tairbhe breise le
sonrú as a gcuid saothair.
rath le brath
success noticeable
Ach caidé mar atá ag éirí le cultúr na hÉireann a fhréamhacha a shíniú thar sáile? An bhfuil
rath le brath ar chultúr na hÉireann i gcéin?
Ní féidir liom breithiúnas a thabhairt ar gach uile áit a bhfuil rian de chultúr na hÉireann, ach más sampla ar bith é Virginia, áit a bhfuil mé féin faoi láthair, nílimid ag déanamh ródhona thar lear.
shuaithinseach
noticeable
Is deas an rud é aitheantas a bhaint amach i ngeall ar do chuid buanna – nílim á shéanadh sin – ach nuair a cheapann na páistí bunscoile gur dia beag é Simon Cowell, is follas go bhfuil fadhb ann! Le tamall de bhlianta anuas, tá déithe bréige déanta de mhainicíní, d’aisteoirí, agus fiú de ‘réaltaí’ Big Brother nach bhfuil tallann
shuaithinseach ar bith léirithe acu.
sonrú
noticeable
*
Tá feabhas éigin le
sonrú i gcúrsaí oideachais, de réir na tuarascála, ach bhíothas díomách a léamh inti go bhfuil cúrsaí níos measa i dtaca le neamhchúram agus mí-úsáid na bpáistí dúchasacha: *The rate of substantiated notifications for child abuse or neglect increased for both Indigenous and non-Indigenous children between 1999-2000 and 2007-08.
shuntasach
noticeable
Tugaim faoi deara difríocht
shuntasach idir bailte beaga na nDílseoirí agus bailte na Náisiúnaithe nuair a thaistealaím trí dheisceart Chontae Dhoire: bíonn áiseanna iontacha ag an gclub áitiúil den Chumann Lúthchleas Gael, idir pháirc, chlub sóisialta agus phiniúir.
sonrú
noticeable
Nuair a léigh muintir na hAstráile faoin mbeirt seo, agus faoin seachtar eile a cailleadh ar a mbealach go dtí an áit naofa seo, bhí dobrón náisiúnta le
sonrú.
le sonrú
noticeable
Tá sampla eile den sotal seo
le sonrú i logleabhair scairdeitleán an rialtais le cúig bliana anuas.
sonrú
noticeable
Bhí ríméad le
sonrú go forleathan abhus, ámh, nuair a d’fhógair an Vatacáin go díreach roimh an Nollaig go ndéanfaí naomh de dhuine Astrálach den chéad uair, d’ainneoin na tréithe náisiúnta thuasluaite.
sonrú
noticeable
Má tá macalla an Brando óg le
sonrú i Tahar, ní fada ón Brando críonna é Niels Arestrup, i bpáirt Caesar Luciani, an ‘Don’ Corsacach istigh.
le sonrú
noticeable
Tá líon na mbuntáistí seo
le sonrú nuair a chuirtear staid na Gaeilge i gcomórtas le teangacha mionlaithe eile agus leis na cinn Cheilteacha ach go háirithe.
níos suntasaí
more noticeable
An ‘Smeadar Gàidhlige’
=======
Ag seoladh an phlean, dúirt Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha na hAlban, Fiona Hyslop, go gcuideodh sé le seasamh ‘
níos suntasaí’ a thabhairt don teanga i measc an phobail agus go spreagfadh sé daoine chun í a fhoghlaim agus a labhairt.
le sonrú
noticeable
Bhí sé sin
le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
le mothú
noticeable
”
Seargluí an Mhílaochais
==========
Fad is a bhí an comhrá seo ag dul ar aghaidh ar an ghuthán phóca, bhí an gheonaíl agus an phusaireacht
le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh arís agus arís eile d’údarás an eagarthóra.
le sonrú
noticeable
Mar fhocal scóir, ceist atá an-chotianta ná cad é an difríocht idir Chnádán agus Loscann? B’fhéidir gurb ar an gcraiceann atá an éagosúlacht is mó
le sonrú.
le sonrú
noticeable
”* Agus is beag an difear atá
le sonrú idir J Street agus AIPAC.
le sonrú
noticeable
Theip ar a bhformhór, de réir an choimisiúin, de bharr nach bhfuil aon athrú mór i dtreo iompraíochtaí níos folláine
le sonrú i measc rannpháirtithe na gclár sna scoileanna.
le tabhairt faoi deara
noticeable
Ach an aimsir a bheith in arraíocht, beidh cion siocrach an ainm, fad an tsléibhe,
le tabhairt faoi deara go soiléir.
le sonrú leo
noticeable in them
Tá an Eachtarthacht nó an Eileacht sin – a raibh an méid sin dúile ag intleachtóirí na Fraince inti -
le sonrú leo.
le sonrú
noticeable
Tá codarsnacht shoiléir
le sonrú sa chás seo idir inchreideacht na meán fhadbhunaithe agus bréagadóireacht an idirlín.
le haireachtáil
noticeable
Nuair a thug léiritheoirí an chláir dhoiciméadaigh cuairt ar an ardscoil úd in Maine, ba léir gur beag Glee in aon chor a bhí
le haireachtáil.
le brath ann
noticeable in it
Mar sin féin, tá tionchar na Gaeilge fós
le brath ann: ó iarsmaí na teanga a tháinig i dtír leis na himircigh sa naoú haois déag go dtí an spéis atá á cothú sa teanga ag díograiseoirí i gcathair Melbourne na laethanta seo.
le brath ar
noticeable in
Bhí funneamh aisteach le sonrú sa scéal sin, fuinneamh a bhí
le brath ar scríbhneoireacht Kerouac trí chéile.
le brath láithreach
immediately noticeable
Fear criól, lán de chaint gan focal béarla aige ach bhí a fhuinneamh agus a thuiscint ar an áit
le brath láithreach.
feictear sloinnte Gael go sonrach
Irish surnames are noticeable
Tá trí reilig Titanic i Halifax anois, reilig Fairview Lawn, reilig Baron de Hirsh agus reilig Mount Olivet, agus
feictear sloinnte Gael go sonrach i measc na leac ann.
tabharfar faoi deara
it’s noticeable
Cuireann Crumley i gcuimhne don léitheoir an mana a bhí ag Bill Clinton agus é i mbun toghchánaíochta i 1992: Is é an geilleagar an mhórcheist, a phleidhce!
Má bhíonn tréimhse cúig bliana Sarkozy san Elysée le hiniúchadh go fuarchúiseach, dar le Crumley,
tabharfar faoi deara go bhfuil méadú ollmhór tar éis teacht ar an bhfiachas náisiúnta ó 2007 i leith agus gur íslíodh rátáil chreidmheasa na Fraince ar na margaí airgeadais aon chéim i mí Eanáir seo caite.
le tabhairt faoi
deara noticeable
Feabhas beag atá
le tabhairt faoi deara i gCorcaigh agus i gCiarraí ach laghdú i gcás chuile contae eile.
le sonrú ó shin i leith
noticeable from then on
Tá borradh as cuimse faoi mhéid na státchabhrach dóibh
le sonrú ó shin i leith.
cuid nach beag acu le sonrú go soiléir
a sizeable amount of them clearly noticeable
Bíodh is go bhfuil comhchosúlacht láidir idir an dá thír, tá éagsúlachtaí tábhachtaí ann freisin - cé nach mbíonn
cuid nach beag acu le sonrú go soiléir ach amháin do mhuintir an dá thír iad féin.
le sonrú ina gcomhfhreagras
noticeable in their correspondence
Theip ar gach iarracht a rinne siad an scéim a aontú agus tá a bhfrustrachas
le sonrú ina gcomhfhreagras leis an Roinn.
fuil óg le brath
young blood noticeable
Tá
fuil óg le brath i seanchorp na cathrach anois agus b’fhéidir go bhfuil ré nua i ndán do Sao Luís.
Tá sé seo le sonrú go soiléir
this is clearly noticeable
Tá sé seo le sonrú go soiléir dar liom i mbrollach an Bhunreachta áit a maítear gur 'in Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás.
Tugtar faoi deara
it’s noticeable
Tugtar faoi deara go raibh an scríbhneoir Mark Steyn mar aoi-láithreoir ag Rush Limbaugh ar an 26ú Nollaig, duine nach bhfuil blas ar bith coimhthíoch ar éinne a léann an *Irish Times.
tá sé sonrach i ndomhan na scannánaíochta
it’s noticeable in the world of celluloid
An Dornán Beag Tuisceanach
==========
An drogall seo maidir le dul i ngleic le nádúr an oilc agus a iarmhairtí,
tá sé sonrach i ndomhan na scannánaíochta chomh maith.
le sonrú go soiléir
clearly noticeable
Táthar ag súil freisin go mbeidh an t-athrú intinne airbheartaithe réamhráite
le sonrú go soiléir agus é i mbun a dhualgais mar phríomh-aire ar thír fhorbartha dhaonlathach san aonú haois is fiche.
le sonrú ar leathanaigh spóirt
noticeable on the sports pages
Bíonn an éagothroime idir spórt na bhfear agus na mban
le sonrú ar leathanaigh spóirt na nuachtán laethúla agus Domhnaigh.
le brath
noticeable
Faoi chrainnte Pháirc an Fhionnuisce, roinnt acu ann ón 18ú haois, ansin cuma an 19ú haois ar Inse Chór agus Cill Mhaighneann, ach ag dul trí Rialto agus Cromghlinn tá fobhailte na 1930aí
le brath.
le sonrú go tréan
strongly noticeable
Tá anáil na gcultúr as ar eascair a muintir
le sonrú go tréan ar an ghlúin seo agus is chun tairbhe na tíre an éagsúlacht seo a chothú.
sonrú ann
noticeable about him
Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le
sonrú ann.
le sonrú abhus
noticeable here
Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír,
le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.
an t-ardú suntasach seo
this noticeable rise
Webber, a fheicfear
an t-ardú suntasach seo ó thaobh fadhbanna murtaill ach ag gach aon bhall de na 53 tír.
easpa treorach le sonrú uirthi
lack of direction noticeable
In ionad fanaiceacht agus maorlathais an ama atá thart, an fhadhb is mó atá ag an tsochaí iarchumannach seo ná go bhfuil cuma an éadóchais agus
easpa treorach le sonrú uirthi.
athrú suntasach
noticeable change
Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil
athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.
is suntasaí
most distinctive, noticeable
Ceann de na rudaí
is suntasaí faoi bhunadh na Nua-Shéalainne, dar le Ruth Nic Giolla Iasachta, ná a meas ar an gcomhshaol.