Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
blas na dtuaisceartach the accent of the northerners
" Agus mé ag cabaireacht le Bavárach meánaosta ar na mallaibh, dúirt sé liom, "Ní hé an caighdeán oifigiúil is measa liom, ach go bhfuil blas na dtuaisceartach ar chaint na ngasúr óg anois! Sin an fáth go bhfuil mo chroí ag cur fola!" Agus b'fhíor dó.
Tuaisceartaigh is Deisceartaigh Northerners and Southerners
" Ní thuigimse an tír seo anois, is cúrsaí mar atá:Tá Tuaisceartaigh is Deisceartaigh 's is cuma sa frig dár gcrá,Is níl duine ar bith ag obair ach iad uilig ag déanamh flea Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo these mysterious, frightening northerners
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
gach saghas Tuaisceartach every kind of Northerner
" Bhí gach saghas Tuaisceartach i láthair ag an ócáid seolta, má thuigeann tú leat mé, agus ní raibh a fhios ag daoine roimh ré cé acu an n-éireodh le Fíbín daoine a chur ag gáire, nó an dteipfeadh ar an jóc.
muintir an tuaiscirt the northerners
" Tugann muintir an tuaiscirt ‘saltie’ ar an gcrogall inbhir agus ‘freshie’ ar an gcrogall fionnuisce.
Tuaisceartaigh Northerners
" Is Tuaisceartaigh iad baill an ghrúpa, seachas mise.
scríofa ag tuaisceartaigh written by northerners
" Is éard atá in *Arrivals* ná cúig ghearrdhráma scríofa ag tuaisceartaigh nó ag daoine atá ina gcónaí anseo ag inse scéalta chuid de na hinimircigh atá ag cur fúthu ó thuaidh.
dearcadh mhuintir an tuaiscirt the northerners’ view
" Léirigh na cúig dhráma taithí inimirceach sna Sé Chontae agus dearcadh mhuintir an tuaiscirt ina leith.