Tá trí cheist curtha sa tuarascáil:
Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn?
Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta?
Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt?
Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo
mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.