Pota Focal Intergaelic
none | anon | anonn | bonn | conn
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hoibrithe neamh- nó leathoilte the non- or semi-skilled workers
" Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.
neamhbhrabúsach non-profit
" Is ionad sláinte, oideachais agus seirbhísí sóisialta neamhbhrabúsach é atá lonnaithe i gceantar Laidineach Adams Morgan i Washington DC, agus tá sé le feiceáil go suntasach ar chúinne sráide i lár na cathrach.
seachantach evasive, non-committal
" Bímis ionraic i dtaobh na ceiste seo, seachas a bheith seachantach agus tostach.
Bhí muileann iontach ag Lillian Lillian was always going a mile a minute (talking non-stop)
" Bhí muileann iontach ag Lillian nuair a thosaigh sí ag caint ar Nigel agus ba chúis mhaíte go leor an teach gan í toiseacht ar phost Nigel sa chathair.
eagraíocht neamhbhrabúsach non-profit organisation
" Cúpla seachtain ó shin thaistil mé go ceantar tuaithe i Wyoming County, West Virginia le hobair dheonach a dhéanamh leis an Appalachia Service Project (ASP), eagraíocht neamhbhrabúsach a dhéanann tithe a dheisiú do theaghlaigh atá ar ioncam íseal i Central Appalachia.
síorphlé non-stop discussion
" Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo.
neamhsheicteachas non-sectarianism
" Beartaíodh ar an ainm seo chun an comhthéacs Albanach-Éireannach a léiriú mar aon le neamhsheicteachas an chlub.
sárú non-compliance
" Is é argóint na hAstráile go bhfuil airm ollscriosta ag an Iaráic, nó á bhforbairt acu, agus go bhfuil sárú déanta acu ar rúin na Náisiún Aontaithe.
gan staonadh non-stop
" Tá sé i mbun taighde gan staonadh ar an Fhear Mór ó shin, agus tá a mheas air tar éis méadú go mór.
neamh-mhíleata non-military
" Ar an gcéad dul síos, tá an rúidbhealach in Aerfort na Sionainne ar an rúidbhealach neamh-mhíleata is faide san Eoraip, é dhá mhíle ar fhad.
tuistí neamh-Éireannacha non-Irish parents
" Deir Uachtarán an Choimisiúin go dtacóidh an Coimisiún freisin i gcás cúirte le leithéidí Mr Jamie Sinnott a bhí ag éileamh cearta oideachais do dhaoine faoi mhíchumas, nó le tuistí neamh-Éireannacha ar rugadh a bpáistí sa stát seo.
eagras neamhbhrabúsach non-profit organization
" Is eagras neamhbhrabúsach cearta daonna é a bhfuil sé mar aidhm aige cáilíocht bheatha daoine ramhra a fheabhsú.
neamhbhrabúsach non-profit
" Is eagras neamhbhrabúsach, neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach é ÁdTF.
neamhpholaitiúil non-political
" Is eagras neamhbhrabúsach, neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach é ÁdTF.
neamhsheicteach non-sectarian
" Is eagras neamhbhrabúsach, neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach é ÁdTF.
neamhbhrabúis non-profit
" Ó 2002, is comhlacht neamhbhrabúis é, atá ag obair le Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath agus ag déanamh athinfheistíochta ar an airgead a shaothraíonn sé óna thionscadail féin.
neamhdhúchasacha non-native
" Tá spiorad agus féiniúlacht ar leith ag baint leis an pháirc ó ceannaíodh i 1913 í, agus tá baol ann go gcaillfear cuid den fhéiniúlacht sin má cheanglaítear í i meon an phobail le cluichí neamhdhúchasacha eile.
bhuidéal beorach gan alcól a bottle of non-alcoholic beer
" 50 ar bhuidéal beorach gan alcól agus ar a laghad an méid céanna ar ghnáthphionta beorach.
imeachtaí neamhiomaíocha non-competitive
" Mar shampla, chomh maith le hIomall a' Mhòid, bíonn Fèis a' Mhòid, raon fairsing imeachtaí neamhiomaíocha, ar siúl fud fad na cathrach - Slógadh na bhFidléirí, seisiúin i dtithe tábhairne, céilithe, ceolchoirmeacha agus mar sin de.
neamhpháirtíneach non-partisan
" I Nevada agus in Oregon, tharraing na póilíní na céadta foirm chláraithe vótála a bhain le Daonlathaigh as boscaí bruscair agus táthar ag cur i leith fostaithe de chuid Voter Outreach of America, comhlacht comhairleoireachta de chuid na bPoblachtánach a ligeann air féin gur eagraíocht cearta vótála neamhpháirtíneach é, gur iadsan a chaith sa bhruscar iad.
neamhbhrabúsach non-profit
" Is suíomh neamhbhrabúsach é a bhfuil stádas ponc org aige (tá sé ag brath go hiomlán ar shíntiúis phríobháideacha agus ar an Wikipedia Foundation), agus tá moladh ard faighte aige mar shampla den eolas daonlathaithe agus de bhrí nach bhfuil sé lán fógraí a léimeann aníos agus go bhfuil saoirse iomlán ann ó thaobh eolas a thabhairt agus a fháil.
neamhbhrabúsach non-profit
" Tá seirbhísí OSP i dtíortha eile Eorpacha, mar shampla in Albain, sa Fhrainc agus san Iorua, áiteanna a bhfuil an Stát ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do sheirbhís neamhbhrabúsach ar mhaithe le forbairt ceantar iargúlta.
eitilt gan stad non-stop flight
" Agus, ar scála domhanda, is féidir anois eitilt gan stad a fháil ó Éirinn go dtí an Afraic, an tSeapáin, Hong Cong, Singapore agus gach coirnéal de na Stáit Aontaithe.
neamh-mhaoinithe non-funded
" Cén obair a dhéantar i gCnaG ó lá go lá? Tá oifigigh forbartha ann atá ag cuidiú le scoileanna neamh-mhaoinithe forbairt a dhéanamh go bhfaighidh siad aitheantas agus maoiniú ón Roinn Oideachais – earcaíocht daltaí, margaíocht, eagrú grúpaí agus araile.
do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe for non-funded primary schools
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
neamh-ranníocach non-contributory
" Deirtear go n-ardófar an pinsean neamh-ranníocach fosta, ó €182 go thart ar €195.
neamhiomaíoch, non-competitive,
" Arís i mbliana bhí Uíbh Fháilí, an Clár agus Loch Garman díomách agus neamhiomaíoch, níor imir Gaillimh go maith ach ar feadh 60 nóiméad (sa bhliain ar fad!) agus bhuaigh Cill Chainnigh Craobh Laighean gan stró dá laghad.
neamhnáisiúnaigh non-nationals
" Táthar ag tuar gur neamhnáisiúnaigh a bheas in 20% den daonra iomlán faoin mbliain 2020.
atá in ainm is a bheith neamhphroifisiúnta. which is supposed to be non-professional.
" Chomh maith leis sin, tá peil ollscoile ann, a imrítear sa séasúr céanna, atá in ainm is a bheith neamhphroifisiúnta.
neamhnáisiúnaigh. non-nationals
" " Agus níor fhoghlaim na hÉireannaigh ceachtanna ar bith óná stair féin, dar le Collins, agus is léiriú air sin an dóigh a mbíonn muid ag plé le neamhnáisiúnaigh.
neamhfhicsean non-fiction
" Is annamh a bhíonn deis ag léitheoirí leabhar neamhfhicsean a léamh.
eagraíochtaí neamhrialtasacha non-governmental organisations
" Ba iad na heagraíochtaí neamhrialtasacha Seirbhís Eolais do Dhídeanaithe (www.
nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin that there weren't that many Irish language non-fiction books
" Ní luaithe mé ag gearán nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – *Dúirt Bean Liom* (Coiscéim, €7.
eagraíochtaí neamhrialtasacha non-governmental organisations
" Bhí ról tábhachtach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ag an gcomhdháil in Rio – nó ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda, mar is fearr aithne air.
san earnáil neamhbhrabúis in the non-profit sector
" Is liosta le háireamh iad na poist thábhachtacha a bhí ag Strong go dtí seo – tá obair déanta aige san earnáil ghnó, le rialtais éagsúla ar fud an domhain agus san earnáil neamhbhrabúis, cuir i gcás.
neamhiomaíoch non-competitive
" Socraíodh ar eagraíocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn i measc achan aoisghrúpa.
dhromchla mín neamhionsúite a fine non-absorbable surface
" Is é atá in monotyping ná stíl déanta prionta ina dtarraingítear nó in bpéinteáiltear ar dhromchla mín neamhionsúite.
gnó neamhbhrabach a non-profit business
" An méid sin ráite, tharla go bhfuil mé ag obair don *Irish Internet Association* (IIA) – bheifí ag súil lena leithéid! Ach is cumann gnó neamhbhrabach é an IIA agus dá bharr, caithfimid ar fad a bheith cliste lenár n-acmhainní agus lenár gcuid ama ach go háirithe.
andúchasacha non-native
" 6 milliún le híoc as scéim leis na hainmhithe andúchasacha a dhíothú chomh luath is a foilsíodh an tuarascáil.
síorshruth leanúnach constant stream non-stop
" Ní gá dó éisteacht le síorshruth leanúnach na Sky-nuachta.
Ní hann don non-extant
" Ní hann don teanga Batwa a thuilleadh agus is gnách leo príomhtheanga na tíre ina bhfuil siad a labhairt.
Deontas Galltachta grants in non-Gaeltacht areas
" An Deontas Galltachta Ba mheasa i bhfad, áfach, an tionchar a bheadh ag an mholadh go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh.
éiteicneolaíochta non-technology
" Ach, buíochas le Viviane, bhí sí ag smaoineamh ar m’ainbhéas teicneolaíochta agus ar an ngá dom tréimhse éiteicneolaíochta a bheith agam anois is arís.
neamhbhrabúis non-profit
" Tá comhlachtaí neamhbhrabúis, comhlachtaí earraí tomhaltais, comhlachtaí earcaíochta, siopaí speisialtóireachta arlíne, lucht eolas fíona, eolaithe teicneolaíochta, ealaíontóirí, ceoltóirí agus eagraíochtaí Gaeilge (!!!) ag plé is ag roinnt is ag líonrú ar Twitter chuile lá.
neamhrialtasach non-governmental
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
neamhpháirtíneach non-party
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
neamhchomhdháil non-conference
" Is neamhchomhdháil í Barcamp a eagraíodh le déanaí agus an plean a bhí ann ná imeachtaí na neamhchomhdhála a roinnt thar Wave.
ar bhonn seachbhrábúsach on a non-profit basis
" Faoin mbille mar atá sé, bunófar comhlacht príobháideach a thairgfidh árachas ar bhonn seachbhrábúsach.
Galltachta non-Gaeltacht Ireland
" Ina dhiaidh sin arís, sheas mé ag cúl halla ag fanacht le Deaidí na Nollag (’09) agus ag éisteacht le Gaeilge na Gaeltachta, chuile fhocal chomh glan soiléir, ó ghasúir ghaelscoile na Galltachta! Dá mhéid mo ghean ar an ghaelscolaíocht roimhe seo, níor shamhlaigh mé riamh go dtí Nollaig 2009 go n-oibreodh an córas chomh ceart críochnúil is atá ag éirí le gaelscoil amháin ar m’eolas.
dheoch ghlan non-alcoholic
" Bhí mé in Ukiyo, bialann seapáineach i lár na cathrach agus tharraing mé amach *Foursquare* chun nod a fhágáil i leith a “Nojito”, leagan de dheoch ghlan de Mojito a bhí an-bhlasta go deo.
shaolta temporal, non-beliving
" Is léir gur sochaí shaolta í an Astráil agus, dá bhrí sin, is fíorannamh a bhíonn cúrsaí creidimh i lár an aonaigh abhus.
seanmheáin non-electronic media
" Bhí iomrá sa nua- agus sna seanmheáin go raibh Apple chun táibléad a sheoladh: uirlis ríomhaireachta gan mhéarchlár nó lúchóg a ligfeadh don úsáideoir an méid céanna a dhéanamh is a féidir leo a dhéanamh ar ríomhaire glúine nó pearsanta.
neamh-idirdhealaithe non-discrimination
" Dar le saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe, is féidir go dtagann dlí Arizona salach ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an chaitheamh dhaonnachtúil atá mar bhunchlocha chonarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine.
neamhrialtasaí non-government
" Is í tuairim na heagraíochta neamhrialtasaí (PICUM)(http://www.
neamhphléascach non-explosive
" Thug go leor de na tuairiscí luatha le fios go mb’fhéidir go raibh baint ag an eachtra le *South Park*, an scigchlár beochana teilifíse, ós rud é gur páirceáladh an SUV, líonta le leasachán neamhphléascach, thart ar bhloc ó cheanncheathrú Viacom ar leis *Comedy Central*.
neamhlíneach non-linear
" Luaineacht Luach na hOla ========= Tá fianaise ann go bhfuil caidreamh neamhlíneach idir an t-éileamh ar tháirgí ganna agus an luacháil a chuirfear leo.
hiasacht gan ús a non-interest loan
" Ach ba de thaisme a tháinig Mandelson anseo agus é ag súil le haiséirí pholaitiúil, (tar éis dó éirí as oifig de bharr gur ghlac sé le hiasacht gan ús ó chomhleacaí leis, Geoffrey Robinson, le teach a cheannach fad is a bhí a chuid gnaithe á fhiosrú ag an Roinn a bhí faoi cheannas Mhandy.
neamhláithreacha non-present
" Vótaí ó Cheann Ceann na Cruinne =============== Anuas air sin, soláthraítear vótaí neamhláithreacha do dhaoine ar lá vótaíochta ag bothanna speisialta i ngach toghcheantar agus bíonn vótaí poist ar fáil freisin, pé áit a bhfuil tú ar fud na cruinne.
éighníomhach non-interactive
" Dúirt údar an taighde sin, Don Tapscott, gur roghnaigh na daoine seo idir 16 is 29 bliain d’aois an t-idirlíon thar an teilifís toisc go raibh teilifís aon bhealach is éighníomhach.
neamhbhrabúis non-profit
" Tá tionscadal ar siúl ag an eagraíocht neamhbhrabúis sa Bheilg, OR.
neamhbhrábúis non-profit
" Más brúghrúpa neamhbhrábúis thú, ní gá duit foinse d'airgid a nochtadh.
gníomh neamhfhoréigin non-violent act
" Síleann sé gur treise i bhfad an gníomh neamhfhoréigin, mar a léirigh Nelson Mandela agus Martin Luther King, an neamhfhoréigean atá bunaithe ar chomhthuiscint agus ar idir-réiteach.
andúchasach non-native
" Frida === Bhí níos mó clú ar Frida Kahlo le linn a saoil mar bhean chéile andúchasach Diego Rivera ná mar ealaíontóir ina cáilíocht féin.
neamhdhúchais non-native
" Is é cás mo bhuairimh don Ghaeilge ná go bhfuil a oiread sin cainteoirí neamhdhúchais ann anois.
Non, pourquoi no, why
"Non, pourquoi?” Mhínigh mé dó go mbeadh moill ann, agus gur baile ar beagán óstán atá i bPoznań.
sliogáin ghliogair non-explosive shells
" Thuig na hÉireannaigh gur sceimhlitheoireacht in aghaidh an phobail áitiúil a bhí ar bun ag Arm Iosrael ann nuair a scaoileadh siad sliogáin ghliogair – gan ábhar pléascach – isteach faoi fhraitheacha tí.
Non habeo pecunia I’ve no money
"Non habeo pecunia’ arsa mise i Laidin – ó tharla an fonn sin orm.
cainte gan stad gan staonadh non-stop talk
" Bhí Laoch na Litríochta dubhaigeanta, dúlionnach agus duairc an mhí seo a chuaigh thart, de thairbhe cainte gan stad gan staonadh faoi dhrochstaid na tíre.
Contúirt an Neamhaitheantais the danger(s) of non-status
" Contúirt an Neamhaitheantais ============== Is é sin croílár na faidhbe i saol na n-inimirceach seo.
do cheannaghaidh neamh-Áiseach your non-Asian aspect
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
gan chreideamh non-belief
" ' I saol ilchultúrtha, ilchreidmheach (agus gan chreideamh) na linne seo, tchítear dom nach bhfuil a leithéid iomlán riachtanach ná fóirsteanach a thuilleadh.
neamhathraitheacht seo this non-change
" I ndeireadh báire, níor athraigh mórán in olltoghchán Mheiriceá i mbliana, ach tá scéal mór taobh thiar den neamhathraitheacht seo ar fiú breathnú air.
deochanna glana non-alcoholic drinks
" Bhí na céadta daoine óga ann, iad ar fad idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois, iad gléasta i mbréagriocht agus ag ól deochanna glana.
an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol that non-writing era before the Famine
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha the non-material cultural heritage
" an coinbhinsean um chosaint na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha dar cuireadh i dteannta a chéile i bPáras i 2003.
héalárnach a non-central
" an chosmeolaíocht héalárnach.
neamhriail non-rule
" Dá mbeifí lena leathbhreacanna a aimsiú sa Ghaeilge, is dócha gur ‘neamhriail’ nó ‘saoirse’ a bhaistfí ar anarchy agus go nglacfaí le ‘hainriail’ ar chaos.
nár den chine gheal non-white race
" Luann Rolston na teagmhálacha a bhí idir Éireannaigh agus daoine eile nár den chine gheal iad, anseo in Éirinn, i dtíortha na himpireachta, i Meiriceá Thuaidh, an caidreamh acu difriúil, ag brath ar shiocracha áirithe na linne agus na háite.
ba shlán gach caol agus leathan acu every palatal and non-palatal (consonant) was perfectly so
" Duine ar bith díobh sin ar chuir mé caidéis orthu, ní bheadh a fhios agam nach le bean nó fear Gaeltachta a bhí mé ag comhrá: ba shlán gach caol agus leathan acu, gach fada agus gearr, gach séimhiú agus urú.
níor stair go stair scríofa history has got to be written (or it’s non-existent)
" B’shin í an tuiscint chomhaimseartha Eorpach; níor náisiún go stair, is níor stair go stair scríofa.
neamh-Chriostaithe non-Christians
" Bhailigh Críostaithe, neamh-Chriostaithe chomh maith le turasóirí fiosracha faoi spéir scamallach i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar na mallaibh, le fianacht a thabhairt ar ócáid fíorshuntasach i stair na Eaglaise Caitlicí.
ach deoch glan leanna just non-alcoholic beers
" An moladh atá ag Balor ná go ngeallfadh an tUasal Fingers nach n-ólfadh sé ar feadh bliana ach deoch glan leanna.
mharú ar bhonn neamhthráchtála to kill on a non-commercial basis
" Thug alt amháin den státchairde cead do bhaill an Choimisiúin míolta móra a mharú ar bhonn neamhthráchtála, áfach, i gcomhair taighde eolaíoch.
chuig tír nach labhraítear Béarla inti to a non-English speaking country
" Tá daoine eile ag fáil bháis ach is líonmhaire na Gaeil-Airgintínigh agus, faoi láthair, tá tuairim’s leathmhilliún Gael-Airgintíneach sa tír, an diaspóra Éireannach is mó chuig tír nach labhraítear Béarla inti.
taighdeoir acadúil a non academic researcher
" An méid atá ar an téip, níor taifeadadh é faoi rabhadh mar is gá má tá ráitis phóilíní le cur os comhair na cúirte; ní ráiteas faoi mhionn (a sworn statement) atá ann ach agallamh a rinne taighdeoir acadúil, ní ceisteoir de chuid an PSNI; agus níl fianaise tacaíochta ann, fianaise fhóiréinseach nó fianaise balaistíoch.
múineann neamhghá seift every non-necessity teaches a trick
" Abraimis mar sin ‘seachain gach ní neafaise’, ‘múineann neamhghá seift’, nó ‘is fearr gach laghad’.
neamhfhicsean non-fiction
" Is annamh a bhíonn deis ag lucht léite na Gaeilge leabhar neamhfhicsean a léamh.
leabhair neamhfhicsin non-fiction books
" In eagrán (i)Beo!(/i) na míosa seo caite, bhí Pól Ó Muirí ag caoineadh chomh hannamh agus a fhoilsítear leabhair neamhfhicsin i nGaeilge.