Pota Focal Intergaelic
neat | nest | net | nett | newt
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
béal dorais next door
" Gheobhadh Dónall lóistín béal dorais.
an chéad chéim eile the next step
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
béal dorais next door
" Bhí a racht thairis anois agus dá mbeadh an t-ádh uirthi theithfeadh sé anois agus thitfeadh sé ina chnap codlata ar an tolg béal dorais.
na comharsana béal dorais the next-door neighbours
" De ghnáth ar maidin! Ach is aoibhinn liom a bheith ag seinnt tar éis meán oíche agus bíonn na comharsana béal dorais ag gearán.
don chéad ghlúin eile for the next generation
" Ach dúirt sé gur cheart go mbeadh siad siúd a thabharfadh cuairt ar an leacht a thógfaí "ábalta ainmneacha na n-oibrithe tarrthála a léamh, go mbeadh a fhios acu cad é a rinne siad, go bhfaigheadh siad tuiscint ar a laochas, go spreagfadh a n-íobairt iad, agus go ndéanfaí iad a áireamh mar eiseamláirí don chéad ghlúin eile a bheas ár gcosaint go léir.
Sin tú you're next
" Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán nuair a scairt an fáilteoir, "Sin tú, a Fiona.
neasghaolta next of kin
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
go ndeireadh an tseanbhean béal dorais that the old woman next door used to say
" D'aithin mé cuid mhór de na nathanna agus thuig mé cén fáth go ndeireadh an tseanbhean béal dorais, 'he pulled down a story' nuair a chuala mé 'tharraing sé anuas scéal' i nGaeilge.
an chéad chéim loighciúil eile the next logical step
" "Braithimid gurb é seo an chéad chéim loighciúil eile.
an chéad toghchán Tionóil eile the next Assembly election
" Tá *mandate *eile de dhíth ar an DUP agus ní thiocfaidh sin roimh an chéad toghchán Tionóil eile.
lá arna mhárach the next day
" Nuair a mhuscail Joe McHugh, a bhí ina chodladh sa tseomra céanna linn, lá arna mhárach, dúirt Caitlín leis, "Och, a Joe, ar choinnigh muid muscailte thú?" "Muscailte?," arsa Joe, "caithfidh sé go bhfuil mé f***in' líofa sa Ghaeilge fán am seo!" Tá suíomh gréasáin Bhríd Ní Mhaoileoin ag: (www.
an lá dár gcionn the next day
" Thit siúlóir amháin i mo grúpa air, agus ní raibh sí ábalta dul amach in éineacht linn an lá dár gcionn.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Tógadh Anna í féin le Gaeilge, agus tá sé tábhachtach di an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
buailte ar a chéile next to each other
" Deir siad go n-éiríonn daoine níos réchúisí sna daichidí – cad é bhain duitse!?” Ar an drochuair, nuair a shuigh siad síos bhí Bríd agus Kate buailte ar a chéile agus bhí deireadh déanta.
ár gcéad cheann scríbe eile our next destination
" Lean muid ar aghaidh linn go dtí ár gcéad cheann scríbe eile: an seanmhuileann.
chomharsa bhéal dorais next-door neighbour
" Dhún na nGall” ann agus is é a chomharsa bhéal dorais ná “An tUasal Mícheál Mac Gabhann, An Trá Bhán, Baile Beag, Co.
chomharsa bhéal dorais next-door neighbour
" Dhún na nGall” ann agus is é a chomharsa bhéal dorais ná “An tUasal Mícheál Mac Gabhann, An Trá Bhán, Baile Beag, Co.
neasghaolta next of kin
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh sos cogaidh sealadach sobhriste a fhógairt sa chath síoraí leis na neasghaolta sa teach.
ó cheann ceann na bliana from one end of the year to the next
" “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an Ghaeilge? Ag breathnú ar an mhéid bunscoileanna lán-Ghaelacha atá á mbunú ar fud na tíre, ar an mhéid clubanna óige atá á mbunú ag na hógeagraíochtaí Gaeilge, agus ar an dearcadh nua atá ag na "seandaoine" ar an chéad ghlúin eile, bheinn ag súil go mbeidh an teanga faiseanta i measc óige na hÉireann agus go mbeidh siad in ann í a thógáil ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
An Chéad Ghlúin Eile The Next Generation
" “An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana.
An Chéad Ghlúin Eile The Next Generation
" “An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana.
an chéad chéim eile the next step
" Maraíodh Denis Donaldson an lá sula raibh an dá Rialtas le ráiteas a eisiúint le chéile faoi cad é an chéad chéim eile a bhí beartaithe acu maidir leis an phróiseas síochána.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Fiú má bhaineann an GPA a gcuid aidhmeanna amach ach gan íocaíocht ar son imeartha ina measc, an mbeidh suim ag an chéad ghlúin eile d’imreoirí sa chúis? Cibé scéal é, tá uachtarán nua-tofa CLG ag tabhairt le fios go bhfuil sé féin an-dáiríre faoin mbagairt, mar a fheiceann sé é, ón GPA maidir le himreoirí ag fáil íocaíochta as ucht imirt dá gcontae.
An Chéad Ghlúin Eile The Next Generation
" “An Chéad Ghlúin Eile” a bheidh mar théama an Tóstail i mbliana.
go raibh an teach béal dorais ligthe that the house next door was rented out
" Chuala siad go raibh an teach béal dorais ligthe anois agus go mbeadh comharsanaigh úra acu.
an chéad babhta eile next time around
" Ach fan go dtitfidh fómhar na SSIAs isteach i gcuntais iad san atá ag smaoineamh ar vóta a chaitheamh i gcoinne Fhianna Fáil an chéad babhta eile.
óna chomharsa bhéal dorais from its next-door neighbour
" Chomh luath is a bhí an teorainn trasnaithe agam, bhraith mé go raibh an tírín beag seo go hiomlán difriúil óna chomharsa bhéal dorais.
an chéad chlár eile the next programme
" Mar gheall ar athruithe a thiocfas leis an chéad chlár eile de Chistí Struchtúracha na hEorpa 2007-13, beidh cead ag Albain maoiniú trasteorann a iarraidh faoin Territorial Co-operation Objective.
leis an chomharsanach béal dorais with the next-door neighbour
" Dáimh leis an chomharsanach béal dorais Tá naisc chasta pholaitíochta idir tuaisceart na hÉireann agus Albain agus, iontach go leor, tá dáimh ag náisiúnaithe agus ag aontachtaithe araon leis an chomharsanach béal dorais.
béal dorais next door
" Nuair a bhí mise i mo ghasúr, is dóigh go raibh thart ar dheich dteach fhichead ar an mbaile agus bhí chuile theach acu sin, ach teach s’againne agus an teach béal dorais, ar mhúinteoirí iad freisin, beo ar an talamh nó ar an bhfarraige.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
sa séasúr atá romhainn. next season.
" Bhí siadsan ar an fhoireann sa bhua in aghaidh Portsmouth a fuair áit don chlub san Eoraip sa séasúr atá romhainn.
an chéad bhabhta eile. next time around.
" Agus mé chomh fada sin chun tosaigh anois, rachad sa tseans uair amháin eile – caillfidh Cuffe an suíochán agus beidh an lá leis an mBaróideach an chéad bhabhta eile.
an chéad athbheochan eile the next revival
" Bhí de mhí-ádh air fosta gur chaill sé an chéad athbheochan eile - más sin atá ann - agus deontais mhóra Fhoras na Gaeilge agus cláir TG4.
ón teach béal dorais, from the house next door,
" Bhí sé druidte, áfach; de réir fógra, bhí an eochair le fáil ón teach béal dorais, ach ní raibh duine ar bith sa teach sin.
an mhaidin dár gcionn the next morning
" Léigh mé an an mhaidin dár gcionn gur thionóisc bhuille is teithidh ba chúis le bás Tommy Long as Doire agus go raibh Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána ag fiosrú cad é go baileach a tharla.
sa teach béal dorais, in the house next door,
" Tá taispeántas maith faoi Hugh Miller sa teach béal dorais, áit ar chaith sé féin agus a bhean Lydia trí bliana.
an chéad bhabhta coimisiúnaithe eile. the next commissiong round.
" Mura bhfaigheann siad an coimisiún, beidh siad ag fanacht ar feadh sé mhí go dtí an chéad bhabhta coimisiúnaithe eile.
leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna. with the next generation of devices
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
an chéad dúshlán eile the next challenge
" Dar leis an gcomhlacht Zamano (a bunaíodh i mBaile Átha Cliath) is é cosaint sonraí an chéad dúshlán eile do chúrsaí gnó soghluaiste.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
An lá dár gcionn, the next day
" An lá dár gcionn, áfach, thit sí agus í ina hionad oibre.
De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, according to the next day's local paper
" De réir nuachtán áitiúil an lae dar gcionn, bean áitiúil ocht mbliana is caoga d'aois a bhí inti.
an chéad nasc eile the next link
" Ach mheas an pobal mór go raibh caidreamh ródhlúth idir Paisley Jnr agus an forbróir Seymour Sweeney, agus bhí sé greannmhar a bheith ag fanacht ar an chéad nasc eile a cheanglódh MLA Thuaisceart Aontroma le ball saibhir an DUP.
Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú. They was an effort to bring and the next generation
" Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.
An mhaidin dár gcionn, the next morning
" An mhaidin dár gcionn, d’éirigh mé ag a naoi a chlog.
chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil. to take the next step in the learning process
" Tá aitheantas tugtha don obair agus don dul chun cinn atá déanta ag an bhfoghlaimeoir agus spreagtar é chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil.
na chéad chéimeanna eile the next steps
" Mar sin de, cad iad na chéad chéimeanna eile le *Lá Nua* a thabhairt slán agus le hé a threisiú? Áirím sé réimse forbartha.
an chéad uair eile, next time
" Ach an chéad uair eile, seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu ná leithéidí Daniel Day Lewis agus Tommy Lee Jones.
an chéad leid eile the next hint
" Agus leoga, is cuma leo cibé! EurotrashIs é an chéad leid eile atá agam ná seo: má tá dúil agat i gcineál áirithe ceoil, gach seans nach gcloisfidh tú é agus tú ar shaoire sciála.
an chéad ghlúin eile the next generation
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
ó cheann ceann na tíre. from one end of the country to the next.
" Taobh istigh de dhá bhliain, bhí post bainte amach aici le RTÉ agus aithne uirthi ó cheann ceann na tíre.
nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm when the next general election is called
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
an oíche dár cionn. the next night
" Mar a tharlaíonn, beidh Lunny ag seinm leo an oíche dár cionn.
An bhliain dár gcionn, the next year
" An bhliain dár gcionn, chuir an rialtas fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann sall go Manainn chun cuid de na cainteoirí dúchais a thaifeadadh.
sa chéad stát eile in the next state
" Níos déanaí, agus muid ag taisteal chuig tigh cara liom i Redding sa chéad stát eile – Connecticut – pléascann an spéir in athuair.
ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí at the next bout of games
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
don lá arna mhárach. for the next day
" 30 pm agus tar éis dom lóistín a fháil don oíche, ba go hoifig na n-oilithreach a bhí mo thriall le stampa a fháil ar mo phas oilithrigh agus le tuar na haimsire sna Piréiní a fháil don lá arna mhárach.
gcomharsana béal dorais next door neighbours
" Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.
béal dorais next door
" Dódh sconsa adhmaid ár gcomharsan béal dorais, ach múchadh an tine sular shroich sé na tithe.
comharsanacht béal dorais the next neighbourhood
" Lucht rac is roll nó na *Rock’n’Rollers* ansin sna seachtóidí agus sna ochtóidí, nó duine ar bith a bhí ag iarraidh a bheith réchúiseach nó ‘*hip*’ – bhog siad go dtí an “*Village*” nó go comharsanacht béal dorais, Chelsea, agus rinneadh siombailí díofa de mhodh maireachtála Nua-Eabhrac.
béal dorais next door
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
béal dorais next door
" D'fhógair Obama go seolfadh sé mórchuid de na saighdiúrí san Iaráic ar aghaidh chun na hAfganastáine chun an tír sin a smachtú, go háirithe agus an Phacastáin béal dorais ag titim as a chéile freisin.
ar imeall next, beside
" Agus nárbh iontach, gaisciúil, lúfar, spleodrach, ócáideach an cluiche a bhí ann ó thús go deireadh, cluiche a bhain croitheadh as ardáin nua na seanpháirce ar imeall na Canálach Ríoga sa 125ú bliain i stair an Chumainn Lúthchleas Gael.
béal dorais next door
" ‘*Trick or treat*’, ar seisean agus nocht an stócach béal dorais seo a aghaidh go dradgháireach liom, a starrfhiacla ag glioscarnach go bréagbhagarthach orm.
cothrom an lae seo this day (next year)
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
béaldorais next door
" Is insint í seo a chíorann an grá paiseanta idir an file agus Fanny Brawne, an maintín béaldorais - ina dtáinig easláinte, bochtú agus ógbhás an fhile idir iad agus an comhlíonadh collaíoch nádúrtha a bhí ag dul d’aon bheirt a bhí chomh nua-aimsireach dá n-aois féin is a bhí an dís fíoreisceachtúil sin ina ré siúd.
Ghlúin Aníos next generation
" An Ghlúin Aníos De réir mar a chuirfear le líon na gcainteoirí agus na léitheoirí Gaeilge, ardóidh líon an chodáin bhig sin a cheannós nuachtán Gaeilge.
leis an gcéad chor eile sa scéal for the next twist in the story
" Anuas air sin, fágann Ó Conaire thú ag fanacht i gcónaí leis an gcéad chor eile sa scéal.
Beidh lá eile ag an bPaorach better luck next time
" "Beidh lá eile ag an bPaorach!" ar sé go gealgháireach, agus nílim cinnte go fóill an raibh sé ag caint faoi chéad chruinniú eile an Chlub Leabhair, nó faoi fhoireann peile na Stát Aontaithe.
béal dorais next door
" Cloisim coismeigeanna beaga ar an urlár sa seomra béal dorais, an doras ag oscailt is ansin na cosa sin ag damhsa leo síos an staighre.
sraith eile next release
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
neasbhaincéirí next best thing to bankers
" ” Cúis mhór ghearáin eile a bhí ag Balor faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ná líon na mbaincéirí, na n-iarbhaincéirí, na bhfobhaincéirí agus na neasbhaincéirí a bhí i láthair agus a bhí ag cur samhnais ar na fíor-Ghaeil lena mbréagchrábhadh faoi thábhacht theanga na Gaeilge ina saol agus i saol an náisiúin.
go ceann bliana for the next year
" As seo go ceann bliana nó dhó, beidh an tír ar an gcúigiú geilleagar is mó ar domhan agus ar an deichiú tír is mó a tháirgíonn ola.
ní raibh goir ar bith aige it wasn’t next or near
" Mar sin féin, ní raibh goir ar bith aige ar Chluiche Cheannais Iomána na hÉireann, idir Tiobrad Árann is Cill Chainnigh.
chéad iarraidh eile next time around
" Beidh sé in ann an t-am a roghnú níos fearr an chéad iarraidh eile.
an chéad iarraidh eile the next time round
" Agus, má éiríonn linn dul chun cinn arís, b’fhéidir nach mbeimid chomh sotalach an chéad iarraidh eile.
in aice lapa next to hand/ paw
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
Comharsa béal dorais a next door neighbour
" Comharsa béal dorais a chuir fios orthu sa deireadh.
le taobh an chrainn next the flagpole
" Is é sin, sa chúinne uachtar le taobh an chrainn.
béal dorais next door
" Ba cheart go mbeadh imní Tel Aviv mar gheall ar an gcaillteanas de dheachtóir cairdiúil béal dorais maolaithe beagáinín, áfach, sa bhfíric go bhféadfadh ElBaradei comhoibriú leis na páirtíní Iosrael go léir atá ag ICG.
bheith ar aghaidh boise acu next to hand
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
an ghlúin aníos the next generation
" Ach teangacha a bheith acu, in áit na haon teanga amháin, ní fios an leas a dhéanfaidh an ghlúin aníos don tír seo.
ar scáth a chéile next each other
" Pé áit a d’imigh an Bhanríon an tseachtain sin, bheadh ribíní na Poblachta is an Aontais ar scáth a chéile ar foluain.
ghlúin aníos next generation
" Ach chuir seanaois agus na tríoblóidí nua stad leis an traidisiún stairiúil seo thart ar 1970, cé go n-eagraíodh an ghlúin aníos deasghnáth iad féin, anois is aris.
chéad ghlúin eile next generation
" Teilgtear chugainn gan taise iad, cóta aibhléise á gcoimeád beo don chéad ghlúin eile.
chéad chruinnithe eile next meeting
" An Bord a Scor Anois ============ Creidim go mba cheart an Bord atá ann faoi láthair a scor tar éis an chéad chruinnithe eile.
an ghlúin Gaeilgeoirí aníos the next generation of Irish speakers
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
don té ba ghaire duit to the person next to you
" Cuid de bheannacht na Nollag leathchrústa a thairiscint don té ba ghaire duit.
in ascaill a chéile next to each other
" ‘Go maire tú, go maire tú…’ Fear ar bheagán Polannaise agus fear ar bheagán Béarla in ascaill a chéile i bpasáiste faoi thalamh oíche Nollag i bPoznań.
comharsan béal dorais next door neighbour
" Is é an rud is measa a rinneadh riamh ná deontas Gaeltachta a thabhairt do dhuine nach bhfuil Gaeilge ar a chumas agus comharsan béal dorais le cumas cainte gan aon deontas a fháil.
ar phingneacha for next to nothing
" Thugas faoi deara go raibh fógraí ar dhá thaobh an bhóthair agus muid ag teacht isteach ón aerfort ag tairiscint deochanna láidre mar an *"Hand Grenade"* agus an *"Jester"* ar phingneacha.
don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht the next generation
" Óir tá teachtaireacht láidir á tabhairt ag na Gardaí don ghlúin atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair – ’sé sin go gcaithfidh siad a gcuid gnóthaí oifigiúla a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.
comharsana béal dorais next door neighbours
" Is comharsana béal dorais iad an Pholainn is an Úcráin, agus sular bhain an Pholainn ballraíocht den AE amach, bhí saorchead isteach go dtí an Pholainn ag muintir na hÚcráine.
maireachtáil ar an ghannchuid surviving on next to nothing
" Má bhí gean agus grá ag daoine dá gcuid páistí, ba bheag an mhaith iad dá mbeadh ar an pháiste obair go dian seachtó uair sa tseachtain i monarcha chontúirteach, siúl ar scoil costarnocht, nó maireachtáil ar an ghannchuid.
shleamhnaigh sé amach bealach na fírinne he slipped in the next life
" Níl aon amhras ann ach gurbh iontaí an turas agus an éacht a rinne Armstrong (a thug a chéim dheireanach i Lúnasa na bliana seo nuair a shleamhnaigh sé amach bealach na fírinne).
cathain a bheidh an chéad dreigechith eile when the next meteor shower
" Is mór liom an feidhmchláirín *Android Meteor Shower Calendar* a thaispeánann cathain a bheidh an chéad dreigechith eile agus eolas a bhailiú faoi ar líne.
i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn in the Leinster matches next year
" Sprioc an Dá Dheich ========= An 10ú Craobh ag Brian Mac Óda mar bhainisteoir agus an 10ú bonn mar imreoir ag Henry Ó Seibhleáin – is iad sin spriocanna muintir Chill Chainnigh do 2013 agus bímis deimhin de go mbeidh gach mac agus iníon athar agus máthar de chuid phobal Chill Chainnigh ag obair ar son na spriocanna seo a bhaint amach agus go bhfóire Dia ar gach foireann a gcastar orthu! D’fhéadfadh sé tarlú dar ndóigh go mbuafadh foireann éigin ar Chill Chainnigh i gcomórtas Laighean na bliana seo chugainn ar nós mar a rinne Gaillimh in 2012 ach cén seans go dtarlóidh sé an dara huair i rith na bliana céanna? Seans faoin spéir déarfainn, mar a chonacthas i mbliana agus is lú é mar sheans agus an dá sprioc thuas luaite ina spreagadh ar leithligh ag Cill Chainnigh an chéad bhliain eile.
ar láimh liom next to me
" Táid na DVD-anna seo uile ar na seilfeanna ar láimh liom - lón anama fá choinne na n-íos-sealanna, sciath in éadan an truflais, gairleog cosanta ar Filistíneachas *Hollywood*.