Pota Focal Intergaelic
mews | neas | neos | ness | new
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuachtáisínteacht news agency
" Tá sí ina Cathaoirleach freisin ar Choiste Comhairleach *Eurolang* (nuachtáisínteacht ar an idirlíon do na mionteangacha) agus í tar éis trí bliana a chaitheamh ina cathaoirleach ar an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse.
nuacht reatha current news
" An réabhlóid sa teicneolaíocht fhaisnéise ======= Níl aon insint ar an dúil atá ag an bpobal i gcúrsaí faisnéise, go háirithe sa nuacht reatha.
dea-scéala good news
" Ach is é an dea-scéala ná go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceantracha faoi leith - deisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath mar shampla - ardaithe ó 11% go 20%.
dea-scéala good news
" Ceann de na buntáistí leis an phost, mar sin, ná go mbím ag tabhairt dea-scéala go minic do thuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí atá ag fanacht le tacaíocht airgid chun cur le saol scoile na bpáistí.
dea-scéala good news
" I ndiaidh gach ní, bhí dea-scéala i gceist.
dea-scéala good news
" Ceann de na buntáistí leis an phost, mar sin, ná go mbím ag tabhairt dea-scéala go minic do thuismitheoirí, daltaí agus múinteoirí atá ag fanacht le tacaíocht airgid chun cur le saol scoile na bpáistí.
dea-scéala good news
" Agus bhí dea-scéala amháin sa daonáireamh do Shinn Féin.
na príomhfheasacháin nuachta the main news bulletins
" Comhtharlúint, nó díreach in am do na príomhfheasacháin nuachta ar chósta thoir na Stát Aontaithe? "Éirí amach" Bhasra.
Fíor-nuacht real news
" Fíor-nuacht atá i gceist agam - scéala nach bhfuil ag nuachtán ar bith eile!" Bhí Balor prioctha ag an bheach.
drochscéala bad news
" Ach tháinig drochscéala ón Bhreatain Bheag sular fhág mé an baile - bhíothas i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar an leacht cuimhneacháin i bhFrongoch do na príosúnaigh Éireannacha a bhí i ngéibheann ansin i ndiaidh Éirí Amach 1916 (cf.
heagraíochtaí nuachta news organizations
" Anois agus an phríomhchuid den chogadh san Iaráic thart, tá roinnt mhaith de na hiriseoirí a bhí "neadaithe" le harm na Stát Aontaithe ar a slí abhaile - agus is cinnte go mbeidh na heagraíochtaí nuachta a chuir ann iad ag súil go dtiocfaidh a gcuid fón daor satailíte abhaile leo freisin.
a scaip an scéinscéal who spread the frightening news
" Tar éis an tsaoil ba é féin an chéad duine a bhí ar an láthair ceathrú uaire roimhe sin, a chonaic é gan aithne gan urlabhra agus a scaip an scéinscéal, a ghair daoine, daoine a bhí anois ag tabhairt cluas bhodhar dó.
Dea-scéala good news
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir the news of his death really shocked all of us
" Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir a raibh cion agus meas againn air.
dea-scéala good news
" " dea-scéala ======= Shroich dea-scéala eile oifigí Abú Media roimh shaoire na Nollag.
dea-scéala good news
" Ina ainneoin sin, bhí dea-scéala faoi chúrsaí timpeallachta ón rialtas ag tús mhí na Nollag.
scéala news
" Buille mór, damanta do lucht leanúna Chorcaí ab ea imeacht Setanta, ach don chuid eile againn nach as Corcaigh dúinn (an tromlach!) ní drochscéala amach is amach atá ann.
scéala news
" Bhí feilméaraí siúcra na hAstráile le ceangal nuair a chuala siad an scéala tar éis an mhéid a gealladh dóibh le blianta.
de réir mar a scaiptear an scéal fúinn as news of us spreads
" Tá an t-éileamh atá ar ár seirbhísí ag fás de réir mar a scaiptear an scéal fúinn.
an dea-scéal the good news
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
an drochscéal the bad news
" Gluais • Glossary carógblack-haired woman airdheed míchinniúintill fate caidéisinquisitiveness frigháireslight smile ní shamhlófáyou wouldn't imagine cár go cluaisgrin to the ears go réchúiseachin a laidback way geolánfan glinnclear, distinct a dhallfadh thúwhich would blind you ceirdtrade an rud ar dheacra greim a fháil airthe thing that was difficult to get hold of súimínsip fiosrúinvestigating ar a thóirlooking for him geoindrone, hum boladh a allais féin chuigethe smell of his own sweat coming to him cuideachtacompany leigheassolution díbholaíochdeodarant ceist oidhreachtaquestion of inheritance os cionn cláirlaid out (dead) uisce reoiteiced water a thuairimseanhis opinion prochógahovels drochfháistinebad prophecy buagift tairbhebenefit ar nós cuma liomindifferently a shúile sáite i ngile na cathrach amuighhis eyes staring at the whiteness of the city outside marfachdeadly ag dul don éag mar cháchgoing the way of all flesh beathalivelihood bean feasafortune-teller go frimhagúilmockingly ag ceilt na seanscéine uirthihiding the old terror from her beag beann ar bhrothallindifferent to heat anamsoul an dea-scéalthe good news an drochscéalthe bad news á pholladhstabbing him a ghéaga leata faoi chosa an domhainhis legs open under the feet of the world
Dea-scéal good news
" Dea-scéal a bhí aici an tráthnóna sin agus í ag teacht abhaile: bhí a cos leigheasta agus níor ghá di filleadh ar an ospidéal.
ár gcraoladh nuachta féin our own news broadcast
" Déanaimid ár gcraoladh nuachta féin sa seomra ranga, le ceannlínte, fógraí faoi cheolchoirmeacha, scannáin, srl, agus réamhaisnéis na haimsire.
dea-scéala good news
" An gcaithfidh muintir Thuama fanacht go mbeidh Bertie ar thuras toghchánaíochta eile sa gceantar chun dea-scéala faoin ospidéal a chloisteáil? *Is as Baile Átha Cliath d'Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit ina bhfuil sé ag obair mar shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir.
scéala news
" Ní leor a bhfuil againn agus tá scéala faighte againn go bhfuil ciste de €300,000 do théacsleabhair a gealladh dúinn á ghearradh siar go €100,000.
an t-aon fhoinse nuachta the only source of news
" Bunaíodh Gael Linn sa ré réamhtheilifíse agus ba é an t-aon fhoinse nuachta a bhíodh ag daoine sna meáin chlosamharc ná na pictiúrlanna ar fud na tíre.
scéala news
" Dea-scéala eile ón Pier Head i Learpholl: thosaigh an tseirbhís Seacat go Baile Átha Cliath arís ar an 27 Aibreán.
Dea-scéala eile more good news
" Dea-scéala eile ón Pier Head i Learpholl: thosaigh an tseirbhís Seacat go Baile Átha Cliath arís ar an 27 Aibreán.
dea-scéala good news
" Deir Seán go bhfuil sé chun leanúint ar aghaidh ag múineadh sna blianta atá romhainn - dea-scéala dóibh siúd a bheas ag luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge sa todhchaí.
an nuacht is déanaí the latest news
" ie)) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le theacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.
preasócáid ghruama sombre news conference
" Go díreach tar éis bhuamaí Londan, a d’fhág breis is caoga duine marbh, bhí O’Toole le feiceáil ag preasócáid ghruama, agus bhí a bhlas Meiriceánach le tabhairt faoi deara i measc na nguthanna Briotanacha uilig.
in áit suíomh eile nuachta instead of other news sites
" Cuireann *blogs *ar chumas daoine cineál de nuachtlitir a scríobh ar líne agus bíonn sé suimiúil tuairiscí ar *blogs* a léamh ó am go ham in áit suíomh eile nuachta.
eagraíochtaí móra nuachta big news organisations
" An ráflaí agus tuairimíocht atá á bhfoilsiú i *blogs* nó fíricí? Bhí am ann gur cheap roinnt daoine go gcuirfeadh *blogs* deireadh le heagraíochtaí móra nuachta ach is léir anois nach dtarlóidh sé sin.
córas lárnaithe nuachta centralised news system
" Tá gá le córas lárnaithe nuachta chun na tuairiscí ar fad a scagadh agus chun iarracht éigin a dhéanamh na fíricí a chinntiú – cé go mbeidh spás ann i gcónaí do thuairimíocht agus claonadh polaitiúil ar scéalta.
daonlathú seo na nuachta this democratising of the news
" Léirigh cur chuige an BBC gur féidir le heagraíochtaí nuachta leas a bhaint as daonlathú seo na nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil.
scéala news
" Ag an nóiméad deireanach, sular fhág mé Éirinn, chuir mé scéala chuig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, faoin gcomórtas nua agus bhí sí chomh sásta sin cloisteáil faoi gur bheartaigh sí a beannacht a thabhairt do *Global Gaeilge *nuair a bheadh sí thall i Milwaukee, rud a rinne sí ar an Satharn, 20 Lúnasa.
dea-scéala good news
" Measaim go bhfuil sé de dhualgas ar chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil grá acu don teanga agus dea-scéala na teanga a chraobhscaoileadh mar tá neart daoine ann nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann ar chor ar bith.
dea-scéal good news
" Agus tú ag léamh na nuachtán agus ag éisteacht leis an raidió i láthair na huaire is mó scéal conspóideach, achrannach ná dea-scéal atá á thuairisciú agus faoi chaibidil i réimse an spóirt.
dea-scéala good news
" Is dea-scéala é, mar sin, go bhfuil an tAire Cumarsáide, Noel Dempsey, ag caitheamh súile ar shlite leis an fhadhb seo a leigheas.
dea-scéala good news
" Íorónta ======= An dea-scéala – má chreideann tú go bhfuil Sinn Féin i ndáiríre ag bogadh chun tosaigh chuig an pholaitíocht shíochánta amháin - nach raibh baill d’eite Adams/McGuinness den ghluaiseacht páirteach sa scliúchas.
craoladh nuachta news broadcast
" D’éist muid le gach craoladh nuachta, ag dúil le go dtiocfadh imalartú ag an bhomaite deireanach.
an phríomh-cheannlíne nuachta the main news headline
" “Adams strongly condemns murder of Donaldson” – an phríomh-cheannlíne nuachta istigh.
drochscéala bad news
" Chuir Padaí an drochscéala chuici agus nuair a d’fhág an Bhriogáid Idirnáisiúnta an Spáinn i 1938 chuaigh Padaí go Learpholl le bualadh léi.
dea-scéalta good news
" Agus tuigeann na polaiteoirí an buntáiste a bhaineann le dea-scéalta a scaipeadh oiread agus is féidir.
an chomhdháil nuachta the news conference
" Chuir siad imní ar chuid den lucht tacaíochta anseo nuair a labhair siad faoi “The Liverpool Reds” agus “the Liverpool franchise” ag an chomhdháil nuachta in Anfield ar an 6 Feabhra.
i gcúrsaí reatha agus nuachta. in current affairs and news.
" Is iad na dúshláin is mó atá anois ann, dar leis, ná an lucht féachana a mhéadú, na struchtúir mhaoinithe a chur in oiriúint don tseirbhís agus scileanna na seirbhíse a fhorbairt i gcúrsaí reatha agus nuachta.
dea-scéala good news
" Ach bhí dea-scéala agam i mí na Bealtaine fosta nuair a thosaigh mo mhac Liam, atá ocht mbliana d’aois, ag traenáil le hEverton.
drochscéala bad news
" Seo sampla: “Ní mar a shíltear a bhítear go minic – ní hé go raibh drochscéala romham, ach Neainín a bheith thiar agus muid thoir, agus í gaibhte soir sula dtáinig muidne anoir.
Ní hionann siamsaíocht agus nuacht. Entertainment and news are not the same.
drochnuacht bad news
" Tagann ceannairí tíortha eile ar cuairt go fóill, ach bíonn drochnuacht leo.
paraiméadair chraobhscaoilte na nuachta the parameters of news dissemination
" Ach is cinnte go raibh paraiméadair chraobhscaoilte na nuachta athraithe ó bhonn.
gníomhach i gcumadh na nuachta active in shaping the news
" Lena chois sin, tugtar deis don ghnáthdhuine a bheith gníomhach i gcumadh na nuachta agus é féin a chur in iúl mar iriseoir.
míreanna nuachta news items
" Is léir, mar shampla, go bhfuil an tóin ag titim as ról fadbhunaithe na hiriseoireachta traidisiúnta mar gheatóirí a dhéanfadh cinneadh faoi na míreanna nuachta agus faoi na tuairimí ba cheart a chur faoi bhráid an phobail.
míreanna nuachta news pieces
" Ina dhiaidh sin, rinne sé an t-iliomad cláracha pobail agus míreanna nuachta sular oibrigh sé ar chlár conspóideach do Channel 4 dar teideal "Mother Ireland", clár a bhain le mná agus an náisiúnachas.
tomhaltóirí nuachta news consumers
" Ní gá gur tomhaltóirí nuachta iad an lucht léitheoireachta nó éisteachta a thuilleadh, ach táirgeoirí atá in inmhe a gcuid tuairiscí féin a bhailiú agus a chur le chéile.
scéalta móra nuachta big news stories
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
cinnlínte na nuachta news headlines
" Sin agaibh cinnlínte na nuachta do mhí na Samhna.
mar phríomh-mhír nuachta as the main news story
" Bhí an scéal mar phríomh-mhír nuachta ar an teilifís agus ar an raidió lá i ndiaidh fhoilsiú an ailt.
scéal nuachta news story
" Is iomaí scéal nuachta atá scríofa agus craolta le déanaí ar an Aire Sláinte, Mary Harney, agus ar mhí-éifeachtacht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
ag léamh na nuachta reading the news
" Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn.
cainéil nuachta, news channels
" Is mallacht an tsaoil chomhaimseartha é an dóigh a mbíonn cainéil nuachta, ar nós SkyNews, ag iarraidh a gcláracha a líonadh.
i ndiaidh a bheith sa nuacht after being in the news
" Dar ndóigh, tá an scoil sin i ndiaidh a bheith sa nuacht cuid mhór le blianta beaga anuas.
dea-scéala good news
" Tháinig an dea-scéala seo sna sála ar an £50,000 a bhain mé sa chrannchur a d'eagraigh an Shop Direct Group Limited i Manchain.
dul i ngleic le scéal nuachta mar sin to face up to a news story like that
" Níor glacadh leis an líomhain sin go rósciobtha, mar is ait le muintir na tíre dul i ngleic le scéal nuachta mar sin – uaireanta feictear cait ar strae mar ábhar ar an nuacht teilifíse.
Is dea-scéala é sin that is good news
" Deir sé nach n-éireoidh sé as cúrsaí ceoil go dtí go “stopfaidh an t-airgead a theacht isteach!” Is dea-scéala é sin dóibh siúd a bhfuil a bhfuil suim acu i gceol dúchasach na hÉireann agus a bhfuil oiread pléisiúir faighte acu ó shaothar Dhonal Lunny le daichead bliain anuas.
tuairiscí nuachta, news reports
" Roimhe sin, chloisinn na staitisticí mar gheall ar SEIF agus bhreathnaínn ar na tuairiscí nuachta, ach níor thuig mé riamh céard a bhí i gceist leis, i ndáiríre, go dtí gur chónaigh mé i measc na ndaoine atá thíos leis.
drochnuacht bad news
" Níl casadh sa treo eile le sonrú sna stáit uirbeacha agus ar ndóigh, drochnuacht is ea í don pháirtí Poblachtánach.
tosaíochtaí nuachta na hardchathrach news priorities of the capital
" Locht atá ar go leor de na meáin Ghaeilge ná go mbíonn siad ró-Ghaillimheach ina gcur chuige agus go meastar nach gá ach tosaíochtaí nuachta na hardchathrach a bhogadh siar leis an tsúil eile a aimsiú.
nuacht te-bhruite hot off the press news
" Beart ciallmhar is ea é go bhfuil an Foras ag éileamh go mbeidh leagan leictreonach agus idirghníomhach den nuachtán neartaithe seachtainiúil ar fáil ach níl sé soiléir óna bhfógra an bhfuil siad ag dréim go mbeidh nuacht te-bhruite á postáil gach lá.
nuacht chuimsitheach comprehensive news
" Is beag nuachtán Domhnaigh náisiúnta a bhíonn ag soláthar seirbhís laethúil de nuacht chuimsitheach agus b’fhearr i bhfad go mbeadh leithéidí Nuacht TG4 nó Raidió na Gaeltachta i mbun an chúraim seo.
tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC news gigers
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
an scéala the news
" Ní go maith a ghlac na páistí leis an scéala go raibh ceann de na muca guine marbh.
craobhscaoileadh an tsoiscéil dar le spreading the good news according to
" Bhí colún á scríobh aige sa sean-Sunday Press ag moladh Uí Eochaidh is ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dar le Ó hEochaidh.
Drochscéala na Dréachtcháinaisnéise bad news of the draft budget
" Drochscéala na Dréachtcháinaisnéise Bhí a fhios ag an Uachtarán Obama go raibh tábhacht faoi leith leis an aitheasc seo, agus nárbh fholáir an tír a thabhairt leis, mar dhá lá dár gcionn, bheadh sé ag foilsiú na cáinaisnéise ba thábhachtaí i stair Mheiriceá ó 1930 i leith.
dháileadh na drochnuachta circulating the bad news around
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
ná scaip an scéala don't spread the news
" Mar gheall go bhfuil Twitter mar fheidhmchlár ar mo ghuthán agam i bhfoirm Twibble is ní dhéanfaidh mé dearmad ar an mbainne go brách arís, ach ná scaip an scéala gur gheall mé sin!
drochscéal bad news
" An t-aon drochscéal a tháinig as an gcluiche deiridh ná gur bhain gortú meiteatarsach dá leathchúlaí láir Rónán Ó Fallúin, imreoir an-mhaith agus an-tábhachtach don fhoireann, agus ní fios go fóill an mbeidh sé in ann a áit a ghlacadh i gcoinne Aontroma sa chéad bhabhta den chraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh ar 7 Meitheamh.
drochscéal bad news
" Feictear na mothúcháin agus na smaointe atá againn go furasta – an bealach a n-amharcfadh duine ort go cionmhar nó an tslí a dtitfeadh leathmhaig a bhéil ar dhuine agus drochscéal faighte aige.
eolas te bruite latest news
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
Drochscéala bad news
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
nuacht reatha current news
" Bhí sé ábalta nuacht reatha na seachtaine a chuimsiú agus blaiseadh a thabhairt ar céard a bhí romhainn, ó thaobh polaitaíochta agus eacnamaíochta de.
dhrochscéala bad news
" Tá dea-scéala ann agus tá rud beag de dhrochscéala ann, agus in ainneoin rúibricí agus nósanna coitianta na scéalta seo, is é an dea-scéala a thabharfas Balor ar dtús.
scéala news, word
" Bhí an scéala sin ag Bláthnaid féin an lá céanna.
corrliarlóg usual news rags
" Bhuail mé isteach in RTÉ Montrose dhá lá ina dhiaidh sin le casadh le bean Ráth Cairn, nó leis an ‘gcaorthanach lasánta’ mar is nós le corrliarlóg a thabhairt ar Bhláthnaid.
liarlóga news rags
" BNC: Íomhá! Amaideach! Suntas na Ruaidhe SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’.
scéal brónach sad news
" Bhraith mé nuachtán Gaeilge uaim fosta aimsir an Oireachtais tráth ar tháinig an scéal brónach gur cailleadh Seán Mag Fhionnghaile, aisteoir iontach as Gaoth Dobhair, agus an scríbhneoir Mícheál Ó Brolcháin.
scéal news
" Is beag seachtain a théann thart gan scéal éigin ar na meáin faoi eirleach a bheith déanta ar ghnáthmhuintir neamhurchóideach na tíre Meánoirthearaí seo.
Seanscéal agus meirg air old news
" Seanscéal agus meirg air a bhí sa tsiocair a bhí taobh thiar den ruaille buaille.
liarlóga news rags
" An aineolas go dtí dearcadh faiteach sin Chumann na Múinteoirí? An bhfuil siad a dhath níos fearr ná liarlóga tráthnóna Shasana agus na hÉireann? Thit Éireannaigh siar i muinín na heagla dhá chéad bliain ó shin, ach bhí leithscéal 163 bliain den Ghéarleanúint ag cur isteach orthusan, agus chrap an Ghaeltacht amach as an chuid is mó d’Éirinn mar a bhainfeá smeach.
Ghannscéil no news
" Sin eagrú maith, agus ceacht do chlubanna eile - a bheith réitithe leathbhliain roimhré! Fáth an Ghannscéil ======= Ach ní ar an bhfocal amháin a mhaireann an Gael.
lucht nuachta news staff
" Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
lucht féachana na nuachta news viewers
" agus do lucht féachana na nuachta.
nuacht Chríostúil Christian news
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
thapa fast news
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
tuairisce nuachta news reporting
" Ar cheart do lucht stáisiún nuachta a bheith ag eagrú slogaí polaitiúla? An féidir leis an stáisiún tabhairt le fios i ndáiríre gur stáisiún tuairisce nuachta iad, seachas stáisiún déanta nuachta? Deacair a thomhas, ach bhí an méid sin feirge ar lucht na stáisiún cábla eile, gur thograigh siad cúpla seachtain ó shin an rud céanna a dhéanamh.
Drochscéal bad news
" Ach cén rogha eile atá ag an rialtas, a deirtear linn? Cá bhfaighfear an t-airgead? Drochscéal atá ann go cinnte scéal seo na bpinsean ach i gcaint a thug sé ag deireadh Mheán Fómhair, dúirt Sarkozy: Mar uachtarán, glacaim leis na freagrachtaí atá orm.
scéala news
" Bhain an scéala ar theacht an CAI siar mór as an phobal.
scaip an scéala spread the news
" Deirtear gurb iad siúd a scaip an scéala go raibh an tír ag lorg cabhrach agus a chuir tús leis an bhfeachtas tarrthála a d’eascair as.
Drochscéala amach is amach extremely bad news
"Drochscéala amach is amach é seo do phobal Ráth Tó agus do ghluaiseacht na Gaeilge go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí chéile.
An Scéal ina Loscadh Sléibhe news moving fast
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.