Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na Cruacha Gorma the Blue Stack Mountains
" Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh.
Bricshléibhte Bricklieve Mountains
" An chéad lá eile, d'imigh mé liom agus chuaigh mé go dtí áit an-speisialta, iargúlta: An Cheathrú Chaol sna Bricshléibhte.
sléibhte mórthaibhseacha spectacular mountains
" Téann an bóthar suas isteach i sléibhte mórthaibhseacha, ansin tá líne sléibhte le feiceáil agus carn ollmhór déanta as clocha bána ar bharr achan cheann acu.
dreapadh an tsléibhe climbing the mountain
" Caithfidh mé a rá go ndeachaigh Neipeal i bhfeidhm go mór orm - ní dreapadh an tsléibhe, ach na daoine.
na Cruacha Gorma The Blue Stack Mountains
" Tugann siad cuairt ar na Cruacha Gorma agus ar Ghleann Bheatha chomh maith.
ag déanamh an mhóir den bheagán making a mountain out of a molehill
"ag déanamh an mhóir den bheagán".
ag bun na hEaragaile at the foot of Errigal Mountain
" Shínigh sé cóip dá leabhar filíochta *An Bealach 'na Bhaile *dom agus scríobh sé ar an chlúdach: "I ndiaidh a bheith ag amharc amach ó bharr an tí sílim go mbeidh mé níos sona i mo 'chró beag féin' ag bun na hEaragaile.
sliabh ime butter mountain
" Cuireadh an rótháirgeacht sin leis an gcarn mór ime atá i stórais an Aontais cheana féin - an "sliabh ime" mar a thugtar go coitianta air - agus íocadh na feirmeoirí go fial as.
fhoireann tarrthála sléibhe mountain rescue team
" Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
sliabhraon mountain range
" Luann sé nach bhfuil i gceist anseo ach Páirc an tSléibhe Rua, ach go bhfuil an dara sliabhraon sa limistéar, is é sin Monadh Liath.
sléibhte ceomhara misty mountains
" Tá sé dochreidte chomh fada léi mar thrá - síleann tú nach bhfuil deireadh ar bith léi - agus sléibhte ceomhara i bhfad uait trasna na farraige.
Chnoc Bréanainn Brandon Mountain
" Cóngarach go leor don séipéilín tá Casán na Naomh, is é sin bealach na n-oilithreach a théann go dtí barr Chnoc Bréanainn.
mínte arda mountain grasslands
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
ag dreapadóireacht mountain-climbing
" Thug mé féin agus cisteoir Chraobh Learphoill cuairt ar Frongoch i mí na Bealtaine 1998 nuair a bhí muid ag dreapadóireacht sa cheantar.
shiúlóidí fada sléibhe long mountain walks
" Beidh dáréag sa ghrúpa, ina measc Selwyn Williams, fear a bhfuil a lán taithí aige ar shiúlóidí fada sléibhe - uair amháin shiúil sé ó Chaerdydd go dtí a bhaile féin i Llanrug in aice le Caernarfon, 150 míle trasna na sléibhte.
fíor na sléibhte the outline of the mountains
" Bhí fíor na sléibhte le feiceáil go doiléir i bhfad uainn.
na mBeanna Boirche of the Mourne Mountains
" Tá scáthchruth dearscnach na mBeanna Boirche le feiceáil i bhfad uainn, agus, níos moille, tá Oileán Mhanann le feiceáil trasna na farraige.
sliabh bréagach artificial mountain
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
na Beanna Boirche the Mourne Mountains
" Tháinig cathú orm geansaí nua a cheannach - ach tá go leor acu agam cheana, agus níl siad saor! Caisleán na hOireanaí ======= Ba mhian liom tiomáint díreach trí na Beanna Boirche, ach bhí bac ar an bhóthar.
cháiseanna sléibhe mountain cheeses
" Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
sliabhraon mountain range
" Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar.
ó mhullach an tsléibhe seo from the top of this mountain
" Ach más ea, is fiú an tairbhe an trioblóid mar gur beag radharc in Éirinn atá inchurtha leis an cheann atá le fáil ó mhullach an tsléibhe seo.
trí shléibhte fiáine seasca through wild barren mountains
" Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan.
lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin full of valleys and mountains and twists in the path
" Tosaíonn Martin agus Dennis ar an bpíosa – píosa an-fhada atá ann, lán le gleannta is sléibhte is castaí cosáin.
i gcúlán sléibhe in a secluded spot on the mountain
" Bhí an siúlóir ag treabhadh ina threo, gan casadh ar leataobh mar a dhéanfadh manach ar ghnó éigin i gcúlán sléibhe.
trealamh sléibhe mountain equipment
" Dúirt an tiománaí go raibh trealamh sléibhe agat – ’ Comharthaí láimhe a rinne an tiománaí agus málaí Dixon á gcaitheamh amach sa Bhun-Champa aige.
na Beanna Boirche the Mountains of Mourne
" Tá sé ag amharc amach ar an chósta agus ar na Beanna Boirche.
ag éagnach ar na sléibhte groaning on the mountains
" Agus tarlóidh san am sin go bhfágfar iliomad daoine ag siúl na mbóithre agus ag éagaoineadh san fhiántas agus ag éagnach ar na sléibhte nuair nach dtig leo teacht ar an áit a dtáinig siad as nó nach n-aithníonn siad an logainm úr.
na Sléibhte Apaláiseacha the Appalachian Mountains
" Ceol traidisiúnta na Sléibhte Apaláiseacha is ea an *Bluegrass*.
an sliabh is airde in Albain the highest mountain in Scotland
" Nuair a fheicim an t-ainm The North Face cuireann sé Beinn Nimheis, an sliabh is airde in Albain (1,344 méadar) i gcuimhne dom.
mám mountain pass
" Tosaíonn an cosán ag ardú i dtreo **Alto del Perdón **(Ard an Mhaithiúnais), mám atá beagnach 800 méadar os cionn leibhéal na farraige.
an t-ardchlár sléibhe is mó the biggest mountain plateau
" I mí Feabhra 1943 thuirling grúpa saighdiúirí Ioruacha, le cuidiú an RAF, ar an Hardangervidda, an t-ardchlár sléibhe is mó sa Eoraip (150 míle trasna), atá ó thuaidh ó Ryukan.
an sliabh is airde the highest mountain
" Ach, mar a bheifeá ag súil ó fhíor-Albanach, bhí sí amuigh ar an oighear linn arís! an sliabh is airdeLá deas geal a bhí ann an cúigiú lá agus bhí mé ag iarraidh dul suas Guastatoppen (1883m), an sliabh is airde in Telemark, leis an cheantar álainn seo a fheiceáil.
ar shiúlóidí fada sna sléibhte, on long mountain walks,
" Tugann na *Kiwis* *tramping* ar shiúlóidí fada sna sléibhte, ach diabhal *tramping* a bhí ar siúl ag an gcumann an deireadh seachtaine sin! Bhí féasta mór san uaimh, agus coinnle timpeall na háite ar mhaithe le solas, teocht agus boladh.
ó bharr sléibhe from the top of a mountain
" Leantar sruthán ó bharr sléibhe trí easa agus foraoisí go dtí gur abhainn é.
ag casadh trí na sléibhte glasa. twisting through the green mountains.
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
i Sléibhte na Himiléithe in the Himalayan Mountains
" Bíonn bratacha mar seo le fáil i Sléibhte na Himiléithe de ghnáth, ar Everest (8848 méadar), cuir i gcás.
ar bhuaic shliabh Ruapehu On the summit of the mountain Ruapehu
" Tá loch ar bhuaic shliabh Ruapehu atá ar cheann de na locha cráitéir is mó ar domhan.
Cath na sléibhte battle of the mountains
" **Cath na sléibhte** De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh.
ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte the mountains were gods and heros
" **Cath na sléibhte** De réir na Maorach, ba dhéithe agus laochra iad na sléibhte i lár an oileáin thuaidh.
Phléasc na sléibhte le háthas, The mountains exploded with happiness,
" Phléasc na sléibhte le háthas, agus bhí an spéir dearg le laibhe agus clocha leáite.
B'éigean do na sléibhte The mountains had to
" B'éigean do na sléibhte eile an ceantar a fhágáil chun a gcuid ríochtaí féin a bhunú.
tá seans go bhfillfidh na sléibhte there is a chance the mountains will return
" De réir an tseanchais, tá seans go bhfillfidh na sléibhte ar Tongariro le díoltas a bhaint amach.
mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe as the leader of mountain-walking courses
" Tá teastas garchabhrach de dhíth orm mar cheannaire ar chúrsaí siúl sléibhe agus déanaim athnuachan air gach trí bliana.
shléibhte na Breataine Bige, mountains of Wales
" Ardaím féin mo sheol – i dtreo shléibhte na Breataine Bige, atá le feiceáil tríocha míle uainn.
chúrsa siúl sléibhe mountain walking course
" " Tá Gleann Cholm Cille, an áit a bhfuil mé ag obair faoi láthair mar cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe in Oideas Gael, ina LfCS.
Sléibhte Creagacha Rocky Mountains
" Maith dom mar sin, a léitheoir chóra, mura mbím corraithe agus buaileam sciath ar siúl ag na scórtha míle duine dá bpáirtí thuas i bpríomhchathair na Sléibhte Creagacha.
droim sléibhe mountain ridge
" Chas muid ar ár gcara Glynn, an ball den fhoireann a d'aimsigh na coirp, nuair a bhí muid ar an droim sléibhe Crib Goch cúpla lá i ndiaidh an timpiste.
tsliabh mountain
" ) Bhí brionglóid ag Balor – tromluí trom, tromchúiseach, tromchiallach, tromsmaointeach a tháinig chuige agus é ar a shleasluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathaidh as an tsliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
gona sléibhte with its mountains
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
sléibhte is airde highest mountains
" Is é sin, na sléibhte is airde in Albain a dhreapadh ceann i ndiaidh a chéile, gach ceann acu níos airde ná 3,000 troigh.
sliabh ar leith distinct mountain
" Bhí 538 barr thar 3,000 troigh ar airde, dar leis, agus bhí 283 acu ina 'sliabh ar leith.
sliabh mountain
" “Blianta fada ó shin nuair a cuireadh ceist ar an taiscéalaí mór Sasanach, George Mallory, a bhí le bás a fháil ar Shliabh Everest, cén fáth a raibh sé ag iarraidh an sliabh a dhreapadh.
sléibhe mountain
shliabh mountain
" Ní fios go díreach cad a tharla ansin, ach fuarthas smionagar an eitleáin san fhoraois ar shliabh in aice an bhaile an lá dar gcionn.
sliabhraonta mountain ranges
" Ní raibh ach cosáin éagsúla tríd na sliabhraonta seo, a bhain muintir na háite úsáid astu, agus bhí an Cosán Kokoda ar an cheann is tábhachtaí acu.
chruach mountain
" Samhlaím gur mó an slua ar an chruach an deireadh seachtaine sin ná mar a bhí ar shléibhte uile na hÉireann an deireadh seachtaine céanna.
sléibhte mountains
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
nGaibhlte mountain range
" Ba shin Cathlán na nGaibhlte agus bhí cuimhne láidir go maith agus bhíodh plé go fóill faoi Chogadh na nDubhchrónach agus faoi Chogadh na gCarad.
chinnirí sléibhe mountain leaders
" Bhí mé cláraithe ar chúrsa athfhoghlama geimhridh do chinnirí sléibhe ag Lóiste Gleann Mór, an t-ionad traenála cóngarach don bhrú.
cíb mountain grass
" Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
cíbe mountain grass
" , le fás éagsúlacht lusanna, an ceannbhán, an néalphortach, an fhraochóg, agus mórán cineálacha féir, cíbe agus fiataíola fosta.
dorchaíonn na sléibhte the mountains darken
" Cumhacht Iontach ===== Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna; canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte – sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann Bothán === Im’ sheanbhothán trí sheomra d’éiríos aosta, caite amach.
sliabhraonta mountain ranges
" Géaga crann agus imeallbhoird tíortha, gan amhras, ach sliabhraonta, deilteanna abhann, caisirníní deataigh, duilleoga raithní, agus go leor leor nach iad chomh maith.
shléibhte dorcha dark mountains
" Thit an sneachta ar bhóithre agus ar chuibhrinn, ar shráideanna cathrach agus ar shléibhte dorcha.
sliabhraon mountain range
" Is sa sliabhraon seo atá foinse fhormhór mór na n-aibhneacha a sceitheann amach san abhainnchóras is mó sa tír, ar a dtugtar an Abhantrach Murray-Darling.
sléibhte of mountains
" Cibé is mian leat a cheapadh ann, beidh siopa ann duit, ó shiopa choirníní go siopa d'asarlaithe! Tá siopa amháin nach ndíolann ach Lego! Bhí siopa Éireannach, fiú amháin (gan arán sóid, faraor, ach lán le seodra, caipíní speice, agus le pictiúirí sléibhte).
tsléibhe bheannaithe sacred mountain
" Nach maith a bhí a fhios ag Fear na Súile Nimhe gur ar bharr an tsléibhe bheannaithe sin a thiocfadh sé ar Thaoiseach Úr na hÉireann.
tsléibhe dhiaga godly mountain
" Ní i mbun troscaidh ná tréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimh ná marana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.
mhullach an tsléibhe naofa the sacred mountain’s summit
" “Is mise Rí an Domhain,” a dúirt sé leis an dá ghiorria agus an fiach dubh a bhí mar chuideachta aige ar mhullach an tsléibhe naofa.
an Earagail Errigal Mountain
" Ar cheann de na laethanta rothaíochta is mó a raibh éagsúlacht ag baint leis, chuaigh muid ó na Rosa, thart leis an Earagail agus le Gleann Nimhe, trí Shléibhte Dhoire Bheatha, agus i dtreo na gcnoc glas atá siar ó Leitir Ceanainn.
scáth na sléibhte ceannasacha prominent mountain shade
" Ba nós linn an lá ar fad a chaitheamh ar an trá, inár luí faoi sholas na gréine faoi scáth na sléibhte ceannasacha i lár an oileáin.
sliabhraon mountain range
" Ceann des na Monroes atá ann (Beo, eagrán 100, Lúnasa 2009) agus tá sé i sliabhraon Am Mònadh Liath i nGarbhchríocha na hAlban.
fad an tsléibhe the mountain’s length
" Ach an aimsir a bheith in arraíocht, beidh cion siocrach an ainm, fad an tsléibhe, le tabhairt faoi deara go soiléir.
nDromanna mountain ridges
" Siúl na nDromanna =========== Ach bhí muid tiomanta dul suas Carn Dearg agus mar sin, d'éirigh muid go luath an mhaidin dár gcionn agus d'fhill muid ar ais go Gleann Beannchuir.
faoi scáth na sléibhte shaded by the mountains
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
rothaíochta cycling mountains
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
Tarraingt na mBeann the attraction of the mountain peaks
" Tarraingt na mBeann ========== Ní fhágfaidh Abruzzo díomá ar an té a bhfuil dúil aige sna sléibhte.
Cluain sléibhe a mountain pasture
" Mullach an Radhairc ========== Cluain sléibhe ansin.
coillte móra sléibhe large mountain woods
" Glanadh na coillte móra sléibhe ann chun breis talún a fháil agus b’éigean do dhaoine a raibh cónaí orthu ann cheana, imeacht agus socrú in áit eile ar fad.
na beanna scáfara chaon taobh díom dominated by mountains on both sides
" Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom, nó go mb’éigean dom casadh ar ais.
Sléibhte maorga magnificent mountains
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
sliabh mountain
" Níl aon sliabh ar Í agus tá roinnt cnocán ann atá cúpla céad troighe ar airde ar a mhéad: Dùn Ì agus Cnoc nam Bradhan sa gcuid thuaidh den oileán, Carn Cùl ri Èirinn sa gcúinne thoir ó dheas agus Sithean Mor i lár an oileáin.
faoi scáth na mullaí scáfara in the shade of the tremendous mountain peaks
" Ag tiomáint dúinn faoi scáth na mullaí scáfara agus an airde mhearbhallach ag tarraingt an chroí agus na hanála aníos trí mo scornach, mhínigh Jacques Thiers dom gur leagan de chanúint Toscani na hIodáile atá i dteanga na Corsaise ach go bhfuil iarsmaí ann den chaint a bhí ar an oileán roimh aimsir na Laidne.
An sliabh agus an cladach mountain land and seashore
" ?’ ‘An sliabh agus an cladach,’ arsa fear na háite.
theastaigh an cimín sléibhe mountain commons were needed
" Chaithidís cuid den gheimhreadh ar na taltaí ísle, ach sa samhradh theastaigh an cimín sléibhe ó na beithí.
ar shliabh Galltachta on a mountain in English speaking Ireland
" Cúpla lá ina dhiaidh sin ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan.
anuas im’ éadan coming down the mountain
" Cúpla lá ina dhiaidh sin ar shliabh Galltachta bheannaigh mé don chúigiú duine, b’fhéidir, anuas im’ éadan.
beanna na hAlban the mountains of Scotland
" Feictear beanna na hAlban ó Reachlainn ó áiteanna níos faide siar in Éirinn? Fágfaidh mé fuascailt na ceiste sin faoi mhuintir Inis Eoghain agus eile.
Shléibhte Chill Mantáin the mountains of Wicklow
" Uí Bhreasail ===== Maidir liom féin, ós sa mBreatain Bheag atá mé lonnaithe le tamall de bhlianta, áit dhúchais mo mháthar, bhí spéis agam sna seantuairiscí go mbíonn feiceáil ar Shléibhte Chill Mantáin thar Muir na hÉireann siar anois ’s arís nuair a bhíonn an t-aer ina ghloine agus an fharraige ina clár mín, réidh.
sliabh ní fhacas I never saw a mountain
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
Is tráthach Bréanann ar an gcnoc timely that B. is on his mountain
" Is tráthach Bréanann ar an gcnoc.
cíb dhubh black mountain grass
" Ansin bhí sé seal ar sodar, seal ar chosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus gleanntáin sléibhe, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
ar mhullach sléibhe ar bith on any mountain top
" An Ceamara Glibe =========== Ní bheidh mé ar mhullach sléibhe ar bith le péire ski i mbliana.
síos an mala shléibhe down the mountain slope
" Bíonn na cosáin clúdaithe le hoighear agus má thiteann tú, sleamhnóidh tú síos an mala shléibhe ar an nevé (sneachta atá reoite agus crua).
Mhóinteán mountain side
" Beidh cead acu féachaint ar Phortach 1, ar Chaorán 2, ar Mhóinteán 3 agus ar TG4 – agus ní beag sin le bheith ag dul ar aghaidh leis.
bun an tsléibhe foot of the mountain
" Dúshlán nach beag ar lá deas, ach ar an drochuair ní shin a bhí geallta! Ba cheart go mbeinn ar an airdeall faoin oiread daoine a bhí bailithe ag bun an tsléibhe an mhaidin sin.
Feiceann Súil Ghlas Mullach Glas one sees a mountain peak (life) subjectively
" Feiceann Súil Ghlas Mullach Glas ============= Roimh bhánú an lae mar sin bhí muid ag leanstan na lóchrainn gheala suas sleasa géara na Corcóige agus muid fós leath inár gcodladh.
fear an tarrtháil sléibhe the mountain rescue man
" Thug fear an tarrtháil sléibhe ag an ionad seiceála foláireamh dúinn go raibh an drochaimsir ag teannadh linn agus gur cheart a bheith ar an airdeall agus muid ag dul síos an mala go Loch Ochóige.
raon sléibhe a mountain range
" Romhainn amach bhí ‘Mám Toirc an Tuaiscirt’, raon sléibhe nár thug mé faoi ariamh cheana.