An bhliain seo caite, mar shampla, chuaigh muid thart ar Chontae Dhoire i mionbhus ag amharc ar uaigheanna meigiliteacha; thug muid cuairt ar Leathinis Chuaille le caisleáin ón mheánaois a fheiceáil; agus chaith muid deireadh seachtaine thíos i gContae Chorcaí, ag taiscéaladh áiteanna éagsúla, Cionn tSáile ina measc.
Agus tá sé mar seo ar fud na tíre – léann turasóirí faoi na tuamaí meigiliteacha agus mar sin de ach de ghnáth ní bhíonn fógra ar bith ann le cuidiú leo iad a aimsiú.