AÓF: Ar thóg sé mórán ama ort?
TM: Thosaigh mé i 1997 agus mé ag ceapadh nach mbeadh stró ar bith orm a bheith réidh don bhliain ina dhiaidh sin, ach gach áit a bhreathnaigh mé tháinig mé ar a thuilleadh ábhair! Níor éirigh liom é a chríochnú faoi dheireadh go dtí an bhliain dhá mhíle!
AÓF: Dhá n-iarrfainn ort rud amháin a phiocadh amach nach dtaitníonn leat faoi staid an cheoil thraidisiúnta in Éirinn faoi láthair, céard a déarfá?
TM: An rud is mó a chuireann isteach orm ná an bealach go bhfuil
deighiltí tar éis teacht isteach sa traidisiún.