Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idirghabháil mediation
" Bíonn idirbheartaíocht agus idirghabháil de dhíth i gcónaí, mar a fuair muid féin amach i dTuaisceart Éireann.
idirghabháil mediation
" Tá go leor cúiseanna gur cheart dúinne mar thír a bheith báúil le Meiriceá: an idirghabháil thar na blianta i dTuaisceart Éireann; na milliúin Éireannach a chuaigh ar eisimirice go dtí an tír; an infheistíocht ollmhór atá déanta ag comhlachtaí Meiriceánacha anseo le roinnt mhaith blianta anuas.
do luachanna na headrána agus na measarthachta the values of mediation and moderation
" Ról tairbheach idirnáisiúnta é sin a ligeadh do Rialtas Cheanada a fhógairt sa bhaile agus i gcéin gur sheas arm Cheanada, dála an náisiúin féin, do luachanna na headrána agus na measarthachta.
idirbheartaíocht mediation
" Tá sin ar na fáthanna go bhfuil an idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair chomh malltriallach sin, táthar ag dul i ngleic le mórtas cine dhá dhream atá in iomaíocht lena chéile le corradh le 200 bliain.
dul i mbun eadrána to engage in mediation
" Ar ndóigh, b'aighneas thar a bheith binibeach a bhí i gceist i gcás Áth na Sceire agus mhol an Breitheamh John McMenamin gur cheart go mbeadh iachall feasta ar na páirtithe dul i mbun eadrána i gcaingin dá leithéid.
córas eadrána náisiúnta a national mediation system
" Ar ndóigh, tá córas eadrána náisiúnta i bhfeidhm sa tír ón bhliain 2004, tráth ar bhunaigh an tIar-Aire Éamon Ó Cuív Comhairle na Tuaithe le réiteach a aimsiú ar aighnis idir feirmeoirí agus siúlóirí agus le clár oibre náisiúnta a chur ar bun ina leith.
go rachaidís i mbun idirghabhála le that mediation be entered with
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
moltaí idirghabhála an Iarthair the West’s advice of mediation
" Faitíos ba bhun le seasamh seo na Rúiseach, faitíos nach raibh i moltaí idirghabhála an Iarthair ach cleas chun a gcuid cumhachta sa réigiún a leathnú faoi bhrat na síochána, cumhacht a d’úsáidfí ina gcoinne arís amach anseo.