Ceist eile a ardaíonn riail agus treoir an CLG ná cad a tharlóidh nuair a théann imreoirí ar fud na tíre chun páirce don chéad uair i 2010? An mbeidh ar an réiteoir gach clogad a scrúdú agus a
mheasúnú maidir le caighdeán sábháilteachta? Má tharlaíonn sé sin, beidh sé ina rí rá agus níl aon amhras faoi, ach go mbeidh foirne go leor nach mbeidh in ann foireann iomlán a chur chun páirce ceal clogaid chaighdeánaithe.