freagra sin, mar aon le cuid mhór *fecks* agus *jaysuses*, i ndiaidh do mhuintir Fhianna Fáil sa bhaile beag Galltachta sin bagairt a dhéanamh go n-athróidís dath a gcuid léinte mura bhfaighidís cinneadh de réir a dtola? Bhuel, a Éamó? Fírinne ar bith?”
“Céad slán le Bóthar Lansdún, leis an áit sin a ghineadh agus a ghineann fós amhras agus
meascán mearaí faoi Éirinn, faoi Phoblacht na hÉireann, faoi *Norn Ire’and*, agus faoin teorainn féin – go ndéana Dia grásta uirthi.