Bia
=======
An rudaí is suntasaí faoi chócaireacht an réigiúin seo ná go n-úsáideann siad a lán luibheanna (marós, origáine, basal, gairleog, capras, miontas), trátaí agus liomóidí, rud a thugann blas agus boladh álainn do gach béile, agus cuireann siad cúpla deoir ola olóige órga ar bharr an bhia, mar is nós le muintir dheisceart na hIodáile.
glóthach fholcaidh giúise agus maróispine and rosemary bath gel
Tá mé ar mo sháimhín só sa Bhuireann i gContae an Chláir anois, ag siúl cois farraige nó go dtí an tobar naofa galánta atá ar thaobh an chnoic, agus mo fholcadh féin le glóthach fholcaidh giúise agus maróis a fuair mé sa Burren Perfumery.