Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
múinte well-mannered
" Tá siad iontach múinte agus séimh.
dea-mhúinte well-mannered
" Bhí na scoláirí deas dea-mhúinte, ach de réir cosúlachta ní chuirtear mórán de luach ar an obair dhian a bhíonn le déanamh ag na mná tí.
gan mhúineadh bad-mannered
" Lena chois sin, an bhean a bhí ag caint liom bhí sí gan mhúineadh agus nuair chuala mé féin na focail "under no circumstances will we accept it", bhí sé ina chogadh.
dímhúinte bad-mannered
" " Agus ní dóigh leis go bhfuil sé sin dímhúinte? "Ní dóigh liom é," a fhreagraíonn sé.
drochbhéasach bad-mannered
" Ní mar gheall air go bhfuil sé ciúin nó rúnda nó drochbhéasach mar dhuine – a mhalairt ar fad atá fíor.
drochbhéasacha ill-mannered
" “Cinnte, bhíodh rudaí drochbhéasacha á rá ag daoine uaireanta.
mionlach míbhéasach ill-mannered minority
" Cé go raibh an chuid is mó den slua múinte, bhí mionlach míbhéasach ann, ina measc grúpa fear callánach a bhí ag ól an lá ar fad.
is dea-bhéasaí most good mannered
" Ní haon bhréag a rá gurb iad na daoine is cineálta, cneasta, is cuideachtúla agus is dea-bhéasaí ar casadh orm riamh iad formhór na Meiriceánach ar bhuail mé leo sna Stáit Aontaithe.
fiosúil well mannered
" Díreach mar a shamhlóinn duine a bhfuil mioneolas aige ar chúrsaí fíona bhí sé mínráiteach fiosúil.
múinte good mannered
" Bhí mé i dtacsaí an lá eile agus thosaigh an tiománaí ar stócach a bhí romhainn, go múinte macánta ag rothaíocht – ag comhlíonadh rialacha an bhóthair.
thaidhleoireachta dhea-bhéasacha good mannered diplomacy
" Tugann an Astráil cabhair éagsúil dóibh agus don chuid is mó, bíonn caidrimh thaidhleoireachta dhea-bhéasacha i gceist.
múinte good mannered
" Girseach atá inti atá múinte agus galánta ar fad, agus tá mé cinnte go raibh a teanga dingthe go maith ina pluc aici agus í á rá, agus nach raibh sí ag déanamh an rud tipiciúil Meiriceánach sin “tá achan rud níos mó agus níos fearr i dtír s’againne”, ach tchímse go bhfuil sé iontach na rudaí a fheiceann daoine bua iontu.
níos dea-mhúinte better mannered
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
an-béasach good mannered
" Chun na hathruithe seo a chur ina chuid scríbhneoireachta, bíonn Roddy ag éisteacht go cúramach le daoine, tugann sé faoi deara, cuir i gcás, go labhraíonn a lán Afracaigh go foirmiuil agus bíonn siad an-béasach, ag rá *“please”* go minic.
drochbhéasach bad mannered
" Ní osclódh an t-imreoir rugbaí a bhéal leis an réiteoir, ach ba mhinic don pheileadóir nó don iománaí a bheith drochbhéasach, béalscaoilte.
dea-bhéasach good mannered
" Bhí sé buí ag an ngréin, dea-bhéasach agus réidh i dtólamh cuidiú le lucht snámha i sáinn, nó bhí cluiche spóirt éigin á imirt aige.
béasacha good mannered
" Bhí féile beorach ar siúl sa chathair agus muid ann, na sráideanna lán le daoine óga béasacha ag canadh agus ag spraoi.
béasach good mannered
" Tá siad béasach agus fáiltiúil, ach caithfidh mé a admháil, an chraic agus an acmhainn grinn atá le braistint in Éirinn, níl sé le fáil anseo.
umhal, béasach humble good mannered
" Bhí fear umhal, béasach romham sa doras.
Ar mhaithe le béasa in order to be good mannered
" Ar mhaithe le béasa, lig me orm go raibh siad ag cuidiú liom nuair a bheirinn greim láimhe orthu chun iad a tharraingt aníos.
dea-mhúinte good mannered
" Freastalaíonn pobal dílis Chill Mhantain Thuaidh - pobal atá meánaosta, méanaicmeach, agus ar an mórgóir, dea-mhúinte.
béasach good mannered
" San Afraic, bíonn sé iontach tábhachtach a bheith béasach, agus gach comhrá a thosú (fiú ag ceistiú cén t-am atá sé) ar an modh seo a leanas – Muli bwanje? – Conas atá tú? Ndili bwino, kaya uno? – Go maith, agus tú féin? Ndili bwino, zikomo.
dímhúinte lena gcomharsana bad mannered to their neighbours
" Cuireann an t-ól ar strae iad, éiríonn siad foréigneach, bíonn siad dímhúinte lena gcomharsana, scriosann siad rudaí.
drochbhéasach le focail mhóra in a bad mannered with expletives
" Cuireadh ina leith go ndearna sé trácht gairsiúil i leith mná a bhí ag obair ina oifig; shéan sé é seo go fíochmhar ach d’úsáid sé caint drochbhéasach le focail mhóra agus é á chosaint féin, rud a chuir déistin ar go leor.