Conas d'aghaidh a thabhairt ar mhairgí móra an tsaoil i bhfilíocht? Caidé mar is féidir é seo a dhéanamh go fírinneach nuair nach bhfuil á chaitheamh agat féin ach saol beag suarach, sábháilte, saor ó bhroid agus ó bhuaireamh? Níl de fhreagra agam air sin ach gur dóigh liom go mbíonn filíocht mhaith ar thaobh an tsolais agus ar thaobh na beatha i gcónaí.
Dúirt Protastúnach amháin liom gur mairg nár sheas an pobal náisiúnach an fód nuair a bhí an IRA ag marú Protastúnach, nár aithin siad an choiriúlacht phoblachtánach go dtí go dtáinig sé chuig a dtairseach féin.
Is fada an scríbhneoir Gaeilge faoi mhairg: “Níl an meas céanna orainn agus atá ar scríbhneoirí Béarla,” a deir siad agus freagróidh daoine eile: “Níl an oiread sin measa ar scríbhneoirí Béarla ach oiread.
" Is mairg le húdair an leabhair go bhfuil Éire na fáilte is na teolaíochta chomh marbh le hArt!
Ar ndóigh tá sé de bhua ag na húdair go bhfuil siad ag amharc isteach orainn ón taobh amuigh agus gur barúil oibiachtúil trí shúile an eachtrannaigh atá á nochtadh acu.
Tá sé lena n-aimhleas nach bhfeiceann siad a bhfuil i ndán dóibh, ach i gcomhthéacs na deighilte móire polaitíochta agus creidimh, ní fheiceann, agus is mór an mhairg é sin.
Na hamadáin, nach dtuigeann siad go bhfuil traidisiún ann a deir go mbuann Ciarraí ar Chorcaigh i gcraobhchomórtas na Mumhan de ghnáth agus, le blianta beaga anuas nuair a chastar ar a chéile iad i bPáirc an Chrócaigh? Is mairg don té a dhéanann neamhaird den traidisiún!
An Iománaíocht
=======
An scéal céanna san iomáint.