Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
Braitheann cuid mhaith cláracha ríomhaireachta ar úsáid na luiche chun iad a chur ag obair - ach tá sé deacair luch a chur ag obair nuair nach bhfuil úsáid do lámh agat, nó má tá éalang radhairc ort.
Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlár ná luch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt.
Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.