I 1996, foilsíodh Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an taos léinn, 1603-1788 de chuid Bhreandáin Uí Bhuachalla, leabhar a rinne iarracht a chruthú gurbh é:
‘a bhí i gceist ag an gCéiteannach nach mbeadh aon ‘luadh ná iomrádh’ ar Éirinn feasta mura gcuirfí
foirm údarásach scríofa dá seanchas ar fáil: ní hé go mbáifí Éire nó go rachadh sí ar ceal ach go rachadh sí i ndíchuimhne.