Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
amharc amach as faoin dá shúil look out from under her eyes (shy)
" Bhí Eilís faiteach agus ní dhearna sí ach amharc amach as faoin dá shúil ar an bheirt a tháinig isteach.
ar d'airdeall looking out
" Bíonn tú i gcónaí ar d'airdeall le haghaidh deiseanna nua - agus bíonn ar bhunaitheoirí comhlachta an chuid is mó den obair a dhéanamh!" Ach tuigeann Darren go bhféadfadh sé a bheith níos gnóthaí fós: "Tá mé faoi bhrú anois, ach dá mbeadh scairshealbhóirí againn bheadh brú mór ag teacht uathu siúd freisin.
Bí ag faire amach do look out for
" Bí ag faire amach do Vincent Mac Dowell - m'athair féin - i nDún Laoghaire, atá ag seasamh mar neamhspleách toisc gur imir na glasaigh feall air trí pharaisiút a chur isteach sa dáilcheantar.
Amharcaim amach I look out
" Amharcaim amach ar an fhuinneog, agus bomaite amháin is féidir Oileán Ghabhla a fheiceáil, ach an chéad rud eile tá sé imithe.
ag faire amach looking out
" Bíonn cluas le héisteacht ag oibrithe monarchan, ag polaiteoirí, ag comhairleoirí contae, agus ag lucht timpeallachta, iad ag faire amach do scéalta a bhainfidh leo.
ag faire amach do phost nua looking out for a new job
" Bhí roinnt daoine ann nár thaitin a cheangal le Cearta Sibhialta na Gaeltachta leo, agus nuair a dúradh leis, tar éis sé mhí, go raibh sé le bogadh go Dún na nGall, thosaigh sé ag faire amach do phost nua.
Druideadh na túir fhaire the look-out towers were closed
" Druideadh na túir fhaire i ndeisceart Ard Mhacha an lá i ndiaidh do ráiteas an IRA a theacht amach.
ní mór duit bheith ar d’airdeall you need to look out for yourself
" Níl aon amhras faoi: ní mór duit bheith ar d’airdeall sa chathair.
ní mór duit bheith ar d’airdeall you need to look out for yourself
" Níl aon amhras faoi: ní mór duit bheith ar d’airdeall sa chathair.
ar d’aire looking out
" ” “Nach raibh tú ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh mé duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire ná bheith do mo mhaslú.
ag breathnú amach looking out
" Bhí tógáil sórt idéalach againn ar bhealach – bhí muid inár gcónaí ar oileán ar chósta thiar na hÉireann, trá os comhair an tí, trá ar chúl an tí, agus muid ag breathnú amach ar Oileáin Árann.
ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, looking out for drinking under the influence of drink,
" Cé go ndeir 62% go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne chomh minic céanna ó thosaigh na Gardaí ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, léirigh breis agus an ceathrú cuid (28%) athrú ar a n-iompar, á rá nach dtéann siad chuig an teach tábhairne chomh minic.
ag faire amach do Thadhg looking out for Tadhg
" Tá sé go deas go bhfuil an rud sin ar fad ag dul ar ais, agus rothaí faoi, chuig an áit as a dtáinig sé!” Bí ag faire amach do Thadhg i gCathair na Mart – mar a deir sé féin, “Beidh mise i láthair, ag *swann*áil thart agus an slabhra orm! Seans go mbeidh mé fós i mo shuí go moch ar maidin; ceann de dhualgaisí an Uachtaráin ná oiread fuinnimh agus is féidir a chur isteach san ócáid!” Beidh Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn, Co.
ag faire amach do lucht gnó na tíre looking out for the business people of the country
" Nó an bhfuil siadsan ag faire amach do lucht gnó na tíre in áit a bheith ag obair ar son leas na ndaoine is boichte? Toradh eile ar an difear sin sa ráta pá íosta: b’fhearr le hinimircigh dul/fanacht ó dheas, áit a bhfuil níos mó airgid dlite dóibh.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, so they would be able to look out over sunrise,
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
ag tochras ar mo cheirtlín féin looking out for my own interest
" Is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil mé ag tochras ar mo cheirtlín féin agus mé ag cur béime air seo – mar go bhféadfaidh úsáideoirí *Beo!* go leor úsáide a bhaint aisti – ach measaim gur seirbhís iontach, réabhlóideach í.
ónar fhéad muid amharc amach from which we could look out
" Bhí balcóin againn ónar fhéad muid amharc amach ar dhíonta dearga Aix.
níos caite ag amharc looking more worn out
" Fiche Bliain ag Cromadh? An tuar féinchomhlíontach seo de a bheith ní ba mhoille, níos boige mar fhear, níos caite ag amharc, is féidir seo a sheachaint.
Seachain avoid, look out for
" Seachain an fear díolacháin In agallamh ar theilifís Astrálach i mí Lúnasa, 2001, mí roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush mar “ais an oilc” bliain ina dhiaidh sin.
seachnaígí mind, look out
" Oíche mhaith agus seachnaígí na ciorruithe.
airdeall look out, watch
" Caithfear a bheith san airdeall i gcónaí faoin rud ar trialadh i Sasana tamall de bhlianta ó shin.
fear faire look out man
" Tá a lán eolas suimiúil sa taispeántas, mar shampla, ní raibh aon ghloine páirce, nó déshúiligh, ag Fred Fleet, fear faire ar an Titanic agus an chéad duine a chonaic an cnoc oighir.
Ag amharc amach looking out
" Ag amharc amach ar an fharraige ag Ros Eoghan i mí Iúil a bhí muid.
amharc amach look out for
" Más féidir linn spreacadh a chothú sa duine eile, nach bhfuil sé chomh maith againn a dhéanamh amhlaidh agus amharc amach don duine nach bhfuil an spreacadh agus fuinneamh ann mar ba cheart.
sa tóir ar cheann leis an gcóras seo look out for one with this system
" Ar ndóigh, má tá sé i gceist agat Yeti a cheannach ar athláimh, molaimse duit dul sa tóir ar cheann leis an gcóras seo inti – tá sé ar fheabhas! Biseach sa Spárán ========= Measaim go bhfuil sé soiléir anois gur maith liom an carr seo! Molaim go mór í.
Bí ag faire amach look out
" Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin.
d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig (as) I’d look out the window
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.