Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a n-amhrachann tú siar orthu which you look back at
" Is buaicphointí iad rudaí a n-amhrachann tú siar orthu ach ba mhaith leis creidbheáil go bhfuil oiread roimhe is atá ina dhiaidh.
sracfhéachaint siar a look back
" Anois agus Craobh na hÉireann san iomáint, sa chamógaíocht agus san pheil thart (ní raibh Peil na mBan imeartha agus an t-alt seo á scríobh) i gcomhar bliana eile, is dual dúinn sracfhéachaint siar a thabhairt ar imeachtaí móra na bliana fad agus atá siad fós úr inár gcuimhne.
ag breathnú siar air looking back at it
" Is dóigh, ag breathnú siar air, dá mbeadh a fhios againn an uair sin an méid atá a fhios againn anois, b’fhéidir go bhfanfadh muid bliain eile.
ag amharc siar ar looking back over
" Tá Balor Bocht an Bómán Bladrach iontach sásta leis féin an mhí seo, a léitheoirí, agus é ag amharc siar ar 2007 – bliain ar leith i saol na tíre seo, agus bliain ar leith ina shaol féin.
Ag breathnú siar looking back
" Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó – ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.
Ag féachaint siar anois, looking back now
" Ag féachaint siar anois, tá mé den tuairim go mbeadh muid an-bhuíoch de dá rachadh sé i gcomhairle linn faoi seo ar fad.
amharc siar to look back
" Mhothaigh mé níos fearr ná a mhothaigh mé an bhliain roimhe sin, agus bhí mé ábalta amharc siar ar an bhliain a chuaigh thart le háthas agus le mórtas.
ag amharc siar looking back
" Ach léiríonn an toghchán is deireanaí san India go bhfuil muintir na tíre sin ag féachaint ar aghaidh in áit a bheith ag amharc siar.
is fiú go mór breathnú siar it’s well worth looking back
" Ní raibh sé sin amhlaidh i gcónaí agus is fiú go mór breathnú siar ar stair na haontumhachta san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
amharcaigí siar look back
" - Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart.
ag iarraidh m'airgid ar ais looking my money back
" Thugas faoi chlár nó dhó a fheiceáil, agus tar éis dom iad a fheiceáil, ghlaos ar an óstán i mBaltimore ag iarraidh m'airgid ar ais.
Ag breathnú siar looking back
" **SMM: Ag breathnú siar na blianta, cé na tionscnaimh nó na gnólachtaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?** BNC: Ceapaim gurb é an Coiste Logainmneacha.
agus sinn ag amharc siar as we look back
" Is léir anois áfach, agus sinn ag amharc siar ar an fhiche bliain a chuaigh thart, go raibh an páirtí is mó sa tír ag sleamhnú isteach sa bhearna bhaoil i ngan fhios.
breathnú siar rófhada look back too far
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
ní raibh eagla orthu amharc níos sia siar they weren’t afraid to look further back
" B'éigean toiseacht leis na Plandálacha don chuid is mó ach ní raibh eagla orthu amharc níos sia siar le go mbeadh cuma níos nádúrtha ar an chríochdheighilt.
Ag breathnú siar ar ré ársa looking back at the ancient times
" Ag breathnú siar ar ré ársa nach raibh cothú den chineál seo le feiceáil ann, is mór i gceist focla Mháirtín Uí Chadhain i ‘Do na Firéin’: ‘Ní cultúr atá uainn.
Ag breathnú siar looking back
" Ag breathnú siar ar an méid a thit amach le sé mhí is cosúil go mbaineann ceisteanna idéalaíocha le fostaíocht san earnáil dheonach.
súil siar look back
" Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig agus a d’imigh.
ní miste súil a chaitheamh ar ais it’s no harm to look back
" Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu.
ag breathnú siar ar ardfhear caide looking back at the excellent footballer
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.
San alt seo caitheann sé súil siar ar he looks back in this article
" San alt seo caitheann sé súil siar ar na hathruithe a tharla sa cheantar Ghaeltachta is mó agus is láidre sa tír agus ceistíonn sé an fiú a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a tharrtháil, mar a labhartar anois í sa Ghaeltacht.