Pota Focal Intergaelic
hazy | lady | lay | laze | clay
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tóiteog lazy woman, doing nothing
" Ní raibh post faighte ag Dervla go fóill agus ach go bé gur casadh Máire uirthi bheadh sí ina suí suas ina tóiteog agus gan focal aici le héinne ó dhubh go dubh.
fíorleisciúil very lazy
" An bhfuil stádas Gaeltachta ag an bpobal sin, a bhfuil an brú ón mBéarla lán chomh láidir air? Dúirt sí go raibh an teanga ar bhruach aille seachas ag crosbhóthar, go raibh an pobal i gcoitinne báúil ach fíorleisciúil.
tóiteag bheag fhalsa lazy little fat girl
" " Bhí Áine ag coinneáil súil mhaith ar Bhríd nó bhí a fhios aici gur tóiteag bheag fhalsa a bhí inti.
falsa lazy
" Is iontach an turas é, chuile lá agus chuile oíche, ar cheithre chearn na cruinne, don duine nach bhfuil falsa.
leisciúil lazy
" *The Boylan Years *(Eagarthóir Liam Hayes) an teideal atá ar leabhar breá nua a foilsíodh roimh an Nollaig agus a raibh sé de phléisiúr agam é a léamh ar mo shuaimhneas le linn shaoire leisciúil na Nollag.
falsóir lazy person
" Tá an falsóir fágtha gan leithscéal.
Leisceoir amach is amach mé I'm a totally lazy person
" Leisceoir amach is amach mé! Níl "lá macánta oibre" déanta agam fós agus níl aon deabhadh orm ceann a dhéanamh! AÓF: Bronnadh Gradam TG4, "Ceoltóir Óg na Bliana", ort i 1999.
leisceoirí lazy people
" Is rí-chiniciúil an chaoi a gcaitheann an Rialtas le daoine dífhostaithe, ag cur in iúl dúinn gur leisceoirí iad uilig go léir ar chóir pionós de shaghas eicínt a ghearradh orthu.
B’fhalsa an staraí it would be a lazy historian
" B’fhalsa an staraí a thabharfadh neamhaird ar a leagan athbhreithnithe siúd d’imeachtaí na tréimhse brónaí sin.
leisciúil lazy
" Feictear dom gur éirigh mé rud beag leisciúil tar éis a bheith thiar freisin agus b’éigean dom cic sa tóin a thabhairt dom féin nuair a tháinig mé anseo.
saol éasca leamh leisciúil easy boring lazy life
" Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
léitheoirí falsa. lazy readers.
" Tá léitheoirí maithe aici agus tuigeann sí an margadh ar a bhfuil sí féin (agus Cois Life) ag freastal – foghlaimeoirí fásta agus daoine ar cainteoirí líofa iad ach léitheoirí falsa.
Laethanta leisciúla lazy days
" Beimid bríomhar! **An séú agus an seachtú míle déag** – agus níl aon tuirse orainn go fóill! 27-28/7/07: Laethanta leisciúla lár tíre ag Féile i gCloch Shiurdáin agus an lá dár gcionn ag an Midlands Festival.
giolla na leisce lazy person
" Níorbh aon fhágálach ná giolla na leisce é an duine céanna ach an oiread.
fíorleisciúil, extremely lazy,
" Shíl mé go raibh mé i ndiaidh éirí fíorleisciúil, agus bhraith mé ar nós príosúnaigh ar an tolg - ag titim níos faide agus níos faide isteach sna cúisíní.
leisciúil lazy
" Ní hé gur ceamaradóir leisciúil mé, ach fágaim an fheidhm “auto” ar siúl an t-am ar fad, nach mór – toisc gur féidir! Agus go leor rudaí ag tarlú go sciobtha, bíonn sé seo go hiontach – is féidir liom a bheith ag taifeadadh láithreach, gan a bheith buartha faoi chúrsaí ar nós an tsolais, an leibhéil bháin nó an fhócais, fiú.
falsa, leisciúil lazy and lackadaisical
" Agus b’fhéidir go bhfuil breabaireacht agus a léitheid ag dul ar aghaidh i ngach áit, ach déanfaidh an tsoiniciúlacht falsa, leisciúil muid.
Aigne leisciúil lazy mind
"Aigne leisciúil’ a thugaim féin air.
leisciúil lazy
" Cloisimid na rónta ag srannadh uaireanta sa tearmann! Tá siad leisciúil go leor caithfidh mé a rá, agus i mo thaithí féin, codlaíonn siad tríd is tríd, cosúil linne i rith na hoíche, seachas i rith an lae.
idir leisciúil agus mheargánta both lazy and fast
" Dearcadh idir leisciúil agus mheargánta a léirigh ceannairí i dtaobh ré nua an airgeadais.
masla leisciúil a lazy insult
" Luaigh uan misniúil amháin, darb ainm An Dubhaltach, mar seo a leanas: - Is masla leisciúil an focal "sheeple" a úsáid gan ceist na hidé-eolaíochta ina mhairtear a chíoradh mar mhíniú ar an feiniméan fhéin.
samhradh fada falsa long lazy summer
" Má chríochnaíonn siad an gnáthlá oibre ar a trí a chlog, bhuel níl ann ach ullmhúchán don samhradh fada falsa a bhíonn acu, agus bíonn an t-ullmhúchán sin de dhíth go géar.
is míniú falsa é an díothú domhanda the global demise is a lazy explanation
" Má tá teidil cháiliúla, fhadbhunaithe imithe ar shlí na fírinne, cén deis atá ag nuachtán beag suarach i dteanga mhionlaithe atá lonnaithe ar imeall na hEorpa? Nach leochaillí i bhfad iad foilseacháin sainspéise ar nós meáin chlóite na Gaeilge? Ach is míniú falsa é an díothú domhanda ar bhás an nuachtáin Ghaeilge.
falsa lazy
" Ach tá córas a dó falsa, agus cionn is go bhfuil dua ag baint leis, tuirsíonn sé go gasta agus mar sin go minic glacann sé leis an chéad fhreagra (cineál tomhais) a thabharfadh córas a haon.
leisciúil leathstromptha lazy and stiff
" Duine leisciúil leathstromptha a bhí ionam agus ní raibh spéis dá laghad agam a bheith páirteach in aon spórt d’aon chineál.
is a leisciúla is atá daoine how lazy people are
" Tá an chuid eile díom ag déanamh iontais faoin saghas ruda a cheannódh duine is a leisciúla is atá daoine nach bhfuil sásta cúpla nóiméad breise a chaitheamh le píosa oibre, go gcaithfidh siad slisneoir úill a fháil, fágaim.
rófhalsa too lazy
" An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.