Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl he wasn't backward/shy about letting that be known
" Ní raibh dúil ar bith aige sa bhean a bhí Mark le pósadh agus ní raibh sé chun deiridh á chur sin in iúl ach an oiread.
go bhfuil fios a ghnótha aige that he knows what he's on about
" Má tá an ceart aige, agus táim cinnte go bhfuil fios a ghnótha aige, tá sé thar am a leithéid a chur i bhfeidhm.
bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal the Minister Hanafin herself knew about the situation
" Go deimhin, bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal ó Mheitheamh na bliana 2006 ann.
nach raibh mé eolach go leor ar an cheird, that I didn't know enough about the craft
" Tá roinnt ceachtanna foghlamtha agam faoi sin, mar tá a fhios agam go raibh mé i bhfad ró-uaillmhianach mar léiritheoir, nuair nach raibh mé eolach go leor ar an cheird, agus ag iarraidh rudaí a bhaint amach nach bhféadfaí a bhaint amach.
Ní ciotach ann know all about it
" Ní ciotach ann mé a thuilleadh,Nuair a thugaim dá n-earraí diúltú-Lámha riastacha an oileáin,Ní féidir iad a chúiteamh.
cur amach againn orthu we know about them
" In ionad an tsionnaigh nó in ionad tabhairt faoi na hainmhithe atá níos coitianta agus a bhfuil cur amach againn orthu anseo in Éirinn, díreoidh mé ar an Loscann (Rana temporaria), ar an gCnádán (Bufo calamita) agus ar an Earc Luachra (Triturus vulgaris) an t-am seo.
Chuaigh mo cháil romham they knew about me
" Chuaigh mo cháil romham mar bhí sé cloiste acu go raibh mo leithéid ag teacht.
cur amach agam ar I know about
" Ach oiread le gach uile Chorcaíoch cathrach, tá cur amach agam ar thinte cnámh na Féile Eoin.
a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam by which time, perhaps I might know all about server admin
" Go dtí seo níl mórán spéise ag an mbeirt s’againne imirt lena gcairde agus faoin am a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam.
bíonn mioneolas aige faoi na himreoirí go léir he knows minutely everything about the players
" Eisean a thosaigh mé ar Fantasy Premier League agus cosúil le go leor dá aoisghrúpa, bíonn mioneolas aige faoi na himreoirí go léir.
i bhfiontar a bhfuil scil agat ann into a business you know something about
" De réir an chórais chaipitiligh, is éard a dhéanfas tú, do chuid airgid a chur i bhfiontar a bhfuil scil agat ann, seirbhís nó táirge a sholáthar agus biseach éigin an airgid a d’infheistigh tú ar dtús ann a chur i leith na gcostas, tuarastail na bhfostaithe agus i do leith féin.
Má bhíonn fios do ghnóthaí agat if you know what you’re about
" Má bhíonn fios do ghnóthaí agat, beidh rath ar an bhfiontar agus biseach dá réir ar an infheistíocht.
bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne I know about the milch cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
níl aon chur amach agat ar you don’t know about
" ” “Tugann tú Éireannach ort féin?” a dúirt sí, agus díchreideamh ina glór, “Agus níl aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” Bhí sí ar tí imeacht uaidh nuair a chonaic sé go raibh cuileog ag snámh thart sa phionta Carlsberg a bhí sí ag ól.
Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo as you know about me by now
" Mar is eol daoibh fúm fén dtráth seo, níorbh fhear don gclaí mé riamh.
Tá eolas ar is known (about)
" ) Tá eolas ar Gladstone in Éirinn ós é a bhí ina Phríomh-Aire ar chríocha na Breataine nuair a bhí Charles Stuart Parnell ina fheisire Pairliminte agus cúis na hÉireann á brú chun cinn aige.
ní raibh aon eolas againn ar we didn’t know about
" Cuireadh deireadh tobann le mo shuim féin sa dornálaíocht chéanna tar éis do bhuachaill eile dorn breá a leagadh ar mo shrón bhocht! Bhíodh rásaí rothar againn dar ndóigh timpeall na sráideanna – Rás Tailteann a bhíodh i gceist mar ní raibh aon eolas againn ar ‘Tour de France’ cé go raibh cáil ar Shay Elliott mar rothaí Éireannach ag an am.
a raibh meabhair ar bháid aige who knew about boats
" Agus tháinig ansin fear a bhí in aice na háite, a raibh meabhair ar bháid aige i mbruach Loch Coirib'.
nach bhfuil ar eolas againn ar chor ar bith which we don’t know about at all
" Tá níos mó ná míle satailít i bhfithis timpeall an domhain, agus tá trealamh éisteachta agus spiaireachta ag na tíortha móra nach bhfuil ar eolas againn ar chor ar bith.
Bhí mé dall air I knew nothing about it
Tá fios an scéil faoi knows all about
" Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.