Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cothrom na Féinne justice, equality
" Is *melting pot* cultúrtha é Meiriceá, tír atá ar nós cuma liom faoi dhath craicinn daoine, a bhfuil comhionannas deiseanna agus cothrom na Féinne le fáil inti.
caighdeán difriúil ceartais a different standard of justice
" Tá mé cinnte dearfach go mbeidh caighdeán difriúil ceartais i gceist i gcás máthar óige gile a bhí suaite agus a mharaigh cúigear, ná mar a bhí i gceist i gcás fir mheabhairéislinnigh de shliocht Spáinneach a mharaigh duine amháin.
an mBille Ceartais Choiriúil Criminal Justice Bill
" Ach ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí sa Dáil an mhí seo caite ar an mBille Ceartais Choiriúil, is léir ní hamháin nach bhfuil an Rialtas sásta dúshlán thionscal na ndeochanna a thabhairt, ach ní mian leo a aithint, nó tá siad dall ar an gceangal, atá idir an Tíogar Ceilteach agus mí-úsáid alcóil sa Stát a bheith ag dul in olcas.
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Is léir anois, áfach, go gcreideann an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, nach raibh na leasuithe a bhí beartaithe ag an aire a bhí ann roimhe, John O'Donaghue, sách leathan.
an tAcht Ceartais Choiriúil The Criminal Justice Act
" Anuas air sin, deir an tuarascáil nach bhfuil an tAcht Ceartais Choiriúil, 1999 á chur i bhfeidhm i gceart.
Giúistís justice
" Ba é an Giúistís Sir Samuel Croker, iarchigire san RIC, a athair agus bhí a mháthair, Mary Ann Noonan, ina giolla i dteach Croker.
na Roinne Dlí agus Cirt the Department of Justice
" Tuarascáil ======= Go dtí gur fhoilsigh grúpa comhairleach dlí de chuid na Roinne Dlí agus Cirt tuarascáil ar an leabhal i mí an Mhárta seo caite, níor admhaigh an stát gur ghá na dlíthe a leasú.
fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris the publishing of Justice Morris' report
" I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d'fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú.
Roinn Dlí agus Cirt Department of Justice
" Ba é an chéad phost lánaimseartha a bhí agam tar éis dom mo chéim a bhaint amach san ollscoil ná ag obair le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe i Washington, DC.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
chúrsaí dlí agus cirt justice matters
" Níl dabht ach go bhfuil seo ag brath go mór ar Rialtas na Breataine géilleadh do phríomhéileamh Shinn Féin, gur rialtas Stormont a bheidh i gceannas ar chúrsaí dlí agus cirt agus cúrsaí slándála na Sé Chontae agus nach mbeidh seirbhísí rúnda ar nós MI5 agus MI6 ag rith cúrsaí mar atá faoi láthair.
an Aire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Tá moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell the Minister for Justice, Micheal McDowell, announced
" Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal.
na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta the International Court of Justice
" Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" ” Is léir go bhfuil an-drochmheas aici ar an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell.
an tAire Dlí is Cirt the Minister for Justice
" Cúpla lá i ndiaidh dó éirí as, bhí deis iontach acu an craiceann is luachmhaire sa chomhaireacht a fheannadh – an tAire Dlí is Cirt, Michael McDowell.
cúrsaí dlí agus cirt law and justice matters
" Ach ní cúrsaí dlí agus cirt amháin a bhí le plé.
gcúrsaí póilíneachta agus cirt in matters of policing and justice
" B’fhéidir nach bhfaigheadh bunadh na Sé Chontae ach stoca lán guail mura n-aontaíonn na páirtithe ar dhul chun cinn i gcúrsaí póilíneachta agus cirt agus ar roinnt na cumhachta.
ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, in which policing and justice powers will be transferred,
" Éilimh Shinn Féin Cad é tá ag teastáil ó Shinn Féin? Tá amscála de dhíth orthu ina n-aistreofar cumhachtaí póilíneachta agus cirt, dáta cinnte ar a n-aistreofar na cumhachtaí sin agus cinnteacht fá leagan amach na roinne a bheadh freagrach as feidhmiú na gcumhachtaí sin.
ón Ghiúistís áitiúil from the local Justice
" Do thréimhse an Ghorta, baineann Belchem úsáid as staitisticí ón Ghiúistís áitiúil i Rushton a bhí luaite i leabhar le Frank Neal, *Black ’47*: “According to his figures, 296,331 persons landed at Liverpool from Ireland between 13 January and 13 December 1847, of whom 116,000 were ‘half naked and starving’.
na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí to the Department Justice, Equality and Law Reform
" Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach.
á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach being given to the European Court of Justice
" Bheadh ár bhflaitheas á lagú arís agus forlámhas á thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ar Bhunreacht na hÉireann.
Achta um Cheartas Coiriúil Criminal Justice Act
" Bheadh a leithéid rangaithe mar "*racially motivated hate crime*" de réir shuíomh gréasáin Merseyside Police agus de réir an Achta um Cheartas Coiriúil sa tír seo.
gCúirt Bhreithiúnas Eorpach European Court of Justice
" D’aithin Cowen chomh maith go raibh daoine buartha faoi neodracht na tíre seo agus eagla orthu go dtiocfadh leis an gCúirt Bhreithiúnas Eorpach rialú a dhéanamh i réimsí conspóideacha mar an ginmhilleadh.
ceart sóisialta social justice
" Cad chuige a bhfuil sí mar seo? An amhlaidh go mbaineann a tiomáint lena tógáil?Rugadh Roche i gCluain Meala sa bhliain 1955 agus deir sí gurbh iad a tuismitheoirí a chur ina luí uirthi an tábhacht a bhaineann le ceart sóisialta agus le saorálaíochas.
aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt transfer of policing and justice powers
" Mar atá a fhios ag an domhan mór agus a bhean, is iad aistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt, Acht na Gaeilge agus todhchaí an phríosúin, The Maze, na mór fhadhbanna atá le réiteach.
cúraimí póilíneachta agus cirt policing and justice responsibilities
" Ach tá sé ráite ag an Chéad Aire gur mhaith leis cúraimí póilíneachta agus cirt a bheith aistrithe go Stormont – leid bheag gur féidir dul chun cinn a dhéanamh.
tAire Dlí agus Cirt Minister for Justice
" A mhalairt de thuairim Aisteach go leor, ní raibh gach duine sásta agus dar le roinnt daoine, is ar Rachida Dati, an tAire Dlí agus Cirt, an locht, nó cuid de.
meas, ceart esteem, justice
" ” Bíonn coimhlintí ann ach ag deireadh an lae, nuair atá deireadh leis an chogaíocht, filleann gach duine ar chúrsaí polaitíochta, agus ar chearta bunúsacha an duine - caoinfhulaingt, meas, ceart agus mar sin de.
cheart justice
" “Mar a deir sé sa preamble: “De bhrí gur thionscain an neamhaird agus an mímheas ar chearta an duine gníomhartha barbartha .
Roinn Dlí agus Cirt Justice Dept.
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
Áit na Córach (in) place of Justice
" " An tAincheart in Áit na Córach Ainneoin gach fianaise, áfach, níl Aontachtaithe sásta aghaidh a thabhairt ar an fhírinne.
cóir justice
" org/) Dhréachtaigh siad Bille Cearta Ogoni a d’éiligh ceart sóisialta is eacnamaíochta mar aon le cóir ó thaobh na timpeallachta de.
cirt of justice
" Tá ceist na mórshiúlta i mbéal an phobail arís agus ceangal déanta ag an DUP le haistriú cumhachtaí cirt agus póilíneachta go Tionóil Thuaisceart Éireann.
cirt of justice
" Mura raibh clog ann gach áit, tuigeadh gur le Protastúnaigh lár na cathrach agus lár na mbailte fud fad an tuaiscirt.
Cirt of justice
" (Cén stádas atá ag Robinson agus ag Foster anois? An bhfuil biseach ar Iris?) Bhí na nuachtáin lán dóchais go mb’fhéidir go raibh socrú ar na gaobhair, go raibh fuinneamh úr sa chóras agus go raibh an DUP réidh leis an bheart a dhéanamh maidir le hAistriú Cumhachtaí Póilíneachta agus Cirt.
cirt of justice
" BD: Cén léirmheas atá agat ar an staid reatha sa Tuaisceart? Uachtarán na hÉireann: Ba mhór an chéim chun tosaigh é nuair a cinntíodh an comhaontú ar na mallaibh faoi dhéabhlóid chumhachtaí póilíneachta agus cirt.
breitheamh justice
" D’fhógair an breitheamh onórach John Paul Stevens, ball de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, an mhí seo chuaigh thart go bhfuil sé chun eirí as a phost ag deireadh an téarma seo.
ceart agus an chóir right and justice
" Agus tá gach dream cinnte go bhfuil an ceart agus an chóir agus an fhírinne acu súd.
Dlí agus Cirt justice
" An tAire Dlí agus Cirt: Pat Rabbitte.
ar son na córa for justice
" “Ba é an tIRA an fhadhb, an t-aon mhíniú amháin a bhí ag daoine, ach ag an am céanna, bhí arm na Breataine ar na sráideanna, ag briseadh gach dlí dá raibh ann; bhí cinsireacht sna meáin; bhí Ceathrar Guildford agus Seisear Bhirmingham fós ar an leaba chláir ach bhí ruathair a ndéanamh ag an Chraobh Speisialta ar dhaoine a bhí ghníomhach ar son na córa in áiteanna ar nós Baile Bhútair féin!” arsa Ruane.
ceart sóisialta social justice
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
na córa of justice
" Agus Osama Bin Ó Loideáin anois ar shlua na marbh, tá fórsaí na maitheasa agus na córa ag méadú ar an ionsaí atá á dhéanamh acu ar chairde Gaddafi.
ar son an chirt for justice
" Mothóidh siadsan go maith faoin ngairm siadsan, an lucht dlí, mar beidh siad ag obair, dar leo, ar son an chirt.
rotha na cóire the wheels of justice
" Muna raibh fianaise ar bith ina aghaidh, níor mhaolaigh sin rotha na cóire, agus an 28 Lúnasa 1991, tar éis do choiste dhá uair a chloig a chaitheamh á phlé, fuarthas ciontach é.
iomrall ceartais mórthaibhseach massive miscarriage of justice
" Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe, gur “iomrall ceartais mórthaibhseach” a bhí sa triail i gcoinne “buamadóir Loch Earbaí.
an chóir a sholáthar providing justice
" I mí Meán Fómhair 2004, d'fhogair Rúnaí Stáit na linne sin, Paul Murphy, go mbeadh fiosrúchán poiblí á reáchtáil mar thoradh ar thuarascáil Cory - agus thosaigh a chur gach constaic sa bhealach, an Inquiries Act, 2005 ar cheann acu, acht a raibh sé mar aidhm aige gníomhaithe an Stáit a chosaint níos mó ná an chóir a sholáthar.
ceart agus cóir law and justice
" Ceisteanna faoi rothaí mór an tsaoil, ceart agus cóir, grá agus gráin, olc agus maith.
cheart idirthréimhseach transitional justice
" ”* Thug Robinson cuireadh dúinn meabhrú ar an cheist, ar thug muid iarraidh dáiríre an oighir mheafarach a bhriseadh? Dúirt sí go raibh uirlisí éagsúla in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain mar chuid den cheart idirthréimhseach.
Lárionad an Chirt Idirthréimhsí lonnaithe the centre of transitional justice is based
"Lárionad an Chirt Idirthréimhsí lonnaithe i Nua-Eabhrac agus tionscnaimh fhirinne agus chuimhne ar bun acu.
spreagtha chun gnímh ar son na córa inspired to action for justice
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
Cúirt Bhreithiúnais court of justice
" Mar gheall ar rialú a rinne Cúirt Bhreithiúnais an AE anuraidh, áfach, caithfidh an Stát ligean do roinnt díobh filleadh ar thír bhreithe a leanaí.
an tAire Dlí is Cirt the minister for justice
" Ag tús na mílaoise, agus 12,000 iarratas ar chead cónaithe ó thuismitheoirí a raibh a leanaí ina saoránaigh Éireannacha, thosaigh an tAire Dlí is Cirt ag eiteach na n-inimirceach seo agus ag ordú dóibh imeacht ó Éirinn.
nár tugadh cothrom na Féinne justice was denied
" Mar thoradh ar an eachtra, tharla ceann de na cásanna ba mheasa de shéanadh cearta teanga ar chlár an domhain nuair nár tugadh cothrom na Féinne do fhianaise a tugadh trí mheán na Gaeilge agus nuair a crochadh fear san éagóir dá dheasca.
iomrall ceartais a miscarriage of justice
" Táthar ag maíomh gur iomrall ceartais a bhí i gceist i gcás Mhaolra Seoighe.
thabhairt faoi réim an cheartais to bring to justice
" Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-íospartach a bheith sásta comhoibriú le húdaráis an stáit d’fhonn na daoine a rinne gáinneáil air a thabhairt faoi réim an cheartais.
an Roinn Dlí is Cirt Dept. of Justice
" Ní fhéadfadh an rialtas breitheamh gan Ghaeilge líofa a aistriú as limistéir ina raibh ceantar Gaeltachta ann, de réir an chomhairle a chur an Roinn Dlí is Cirt ar fáil i gcás cháiliúil chearta teanga a tionscnaíodh breis is 30 bliain ó shin.
Dlí is Cirt of justice
" Scríobh sé litir ghearáin i 2008 chuig an Aire freagrach, an tAire Dlí is Cirt, faoin moill a bhí ag baint leis an iarratas a bhí déanta aige breis is dhá bhliain go leith níos luaithe.
ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa shedding the image of right and justice
" Bhí AFRICOM ag téamh ina chur i láthair i rith na bliana seo chuaigh thart, ag tréigean íomhá na maitheasa agus na córa.
a raibh an ceart ina phríomhchloch ar a phaidrín who had justice to the fore in his mind
" Fear a raibh an ceart ina phríomhchloch ar a phaidrín ab ea sean-Abe.
cothroime, ceart agus cóir equality, right and justice
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
an tAire Cirt the Justice Minister
" 
 D'fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh sé ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin.
an t-iomrall ceartais thuasluaite the above mentioned miscarriage of justice
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
as saobhadh cúrsaí na córa of perverting the course of justice
" Bhí fianaise bhréagach, nó ‘fitting up’ mar a thugtar uirthi i mbéarlagair lucht na coiriúlachta, i measc na líomhaintí a cuireadh ina leith, agus ciontaíodh cuid acu as mionnú éithigh agus as saobhadh cúrsaí na córa ní ba dhéanaí.
faoin gceart agus faoin meas about justice and esteem
" Má tá plé le bheith ann faoin gcreideamh, bíodh plé faoin gcreideamh, ach má tá plé le bheith ann faoin gceart agus faoin meas a bheith againn ar an mbeatha, fiú i gcásanna deacra, fanaimist leis an díospóireacht sin.
faoin cheart about justice
" Má tá muid dáiríre faoin cheart, caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an chlaonpháirteachas.
go mbainfidh siad ceart amach that they’ll find justice
" Ach Ard-Aighne, an t-oifigeach dlí is tábhachtaí sa dhlisteanacht, ag rá gur cóir do dhaoine dóchas a chailleadh go mbainfidh siad ceart amach? Scannalach.
Riar an Cheartais the administration of justice
" Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737 i bhFeidhm go Fóill ==================== Luaigh Tuarascáil Chomhairle na hEorpa na cúirteanna - de réir an Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737, tá cosc ar Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna Thuaisceart Éireann.
ar son na gceart sóisialach for social justice
" Dúradh leis na daoine a ghlac páirt sa turgnamh go raibh bean ann darbh ainm Linda, atá singil, ceannasach, agus cliste agus a d’oibrigh in aghaidh an idirdhealaithe agus ar son na gceart sóisialach nuair a bhí sí ina mac léinn.
na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta the international court of justice
" Tá an chaingean os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta sa Háig, san Ísiltír, faoi láthair.
córas dlí cóiriúil na hIndinéise the Indonesian criminal justice system
" Cuireadh tús le feachtas in éadan córas dlí cóiriúil na hIndinéise sna meáin Astrálacha a luaithe is a gabhadh í.
Cuma na Córa the appearance of justice
" Cuma na Córa ===== Cé go raibh Hardiman sásta go raibh airgead faighte ag scoileanna neamh-Chaitliceacha freisin ó 1921, rud a bhéimníonn an éagóir a rinneadh ar ghealltanas ginearálta Airteagal 44, thuig sé gur cruthaíodh “a largely State funded but entirely clerically administered system of education” mar thoradh.
Aire Dlí is Cirt minister for justice
" Bheinn shattered dá mbeadh orm fanacht i dTithe an Oireachtas gan mo chomrádaí Alan ann mar Aire Dlí is Cirt le bheith ag spairneadh liom.
an tAire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Creideann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil a fhios ag an Aire Dlí agus Cirt agus ag ceannasaíocht an Gharda Síochána níos mó faoi bhás Eddie Fullerton i nDún na nGall ag tús na nóchaidí ná mar atá siad sásta a admháil.
an Aire Dlí agus Cirt the Minister for Justice
" Léiríonn eolas nua atá faighte ag Breandán Delap go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Dlí agus Cirt faoina chomhrac le Frank Connolly.
ceilt na córach the denial of justice
" Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú.
shníomh ina cheart make it become justice
" Nuair a chruann an easpa measa ina reacht, is deacair a shníomh ina cheart.
bhfeicfimid roinnt na córach we’ll see justice being upheld
" Tá Alan Desmond den bharúil go mb’fhéidir go bhfeicfimid roinnt na córach i réimsí na himirce faoi dheireadh má éiríonn le cruinniú áirithe sna Náisiúin Aontaithe an mhí seo chugainn (DF).
brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt pressurize the Justice Minister
" Caithfidh pobal na Gaeilge seasamh lena chéile agus brú a chur ar an Aire Dlí is Cirt an fhírinne a nochtadh faoi fhiosrúchán na nGardaí ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí dar le Breandán Delap.