Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhiosrúchán investigation
" Bíonn trácht leanúnach sna nuachtáin thablóideacha ar an fhiosrúchán agus ar an fhianaise agus bíonn daoine ar bís le níos mó eolais a fháil.
fiosrú investigation
" Tá daoine eile a deir nach leor cuma an neamhspleáchais a bheith ar an bhfiosrú (mar atá sa gcás seo) mar gurb iad an eaglais a cheap an duine atá á dhéanamh.
fiosrúchán investigation
" Ach, ó bhí mí Iúil ann, tá na póilíní tar éis fiosrúchán a thosú i gcás dáréag de na daoine seo a bhí ag úsáid cuid seirbhísí Viva Lain, soláthrú striapach agus teacht i dtír ar an striapachas curtha ina leith.
a bhfiosruithe their investigations
" Ach, níos measa ná sin, de bharr na gcúiseanna thuasluaite tá drogall ar scríbhneoirí, eagarthóirí agus foilsitheoirí tuairisciú a dhéanamh ar ábhar conspóideach, fiú nuair is léir a bhfiosruithe a bheith chun leasa an phobail.
imscrúdú investigation
" Dúirt an Príomhchigire Brian McNeill ó Merseyside Police gur de bharr ionsaí na ngadaithe a fuair Brenda bás, agus tosaíodh imscrúdú mór ar an toirt.
fiosrúchán investigation
" Tá creidiúint mhór ag dul do na gardaí - ar deireadh thiar thall, a deir tú, agus an ceart ar fad agat - as fiosrúchán mall a dhéanmah chomh foighdeach sin.
fiosrú dáiríre serious investigation
" Dúirt saineolaí amháin a bhfuil na scéalta sin ar fad cloiste aige nach raibh ach dhá thuairisc ó 1936 i leith gurbh fhiú fiosrú dáiríre a dhéanamh orthu agus, sa dá chás sin, nach raibh fianaise ar bith aimsithe go raibh an t-ainmhí fós beo.
fiosrúchán investigation
" MÁNAS: Na Gardaí! SUSAN: Tá fiosrúchán ar siúl faoi na hiarratais a cheadaigh sé.
fiosrúchán inmheánach internal investigation
" Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris.
fiosrúchán inmheánach internal investigation
" Ba é Carty, ar ndóigh, an té a rinne an fiosrúchán inmheánach do na Gardaí ar mhí-iompar san iarthuaisceart as ar eascair Binse Fiosraithe Morris.
fhiosrúcháin investigation
" Mhínigh an Ceannfort George Hamilton, an bleachtaire atá mar cheann feadhna an fhiosrúcháin ar an choimhlint, mar seo é: *“It’s significant that we are in the middle of a situation where we have these two criminal gangs, these paramilitary groups feuding with each other.
fiosrú dúnmharaithe murder investigation
" Ach an oiread le fiosrú dúnmharaithe bíonn tábhacht faoi leith ag baint leis an chéad cheithre huaire fichead in aon racán polaitiúil.
conclúidí an fhiosrúcháin the conclusions of the investigation
" Tuairim é seo a luíonn le conclúidí an fhiosrúcháin a rinne an Coimisinéir Stephens maidir le claonpháirtíocht i dTuaisceart Éireann.
iniúchadh scrutiny, investigation
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
conclúidí an fhiosrúcháin the conclusions of the investigation
" Tuairim é seo a luíonn le conclúidí an fhiosrúcháin a rinne an Coimisinéir Stephens maidir le claonpháirtíocht i dTuaisceart Éireann.
imscrúdú investigation
" Tá Bolton faoi chúram Greater Manchester Police (GMP) agus, gan fhios dom, thosaigh siadsan imscrúdú ar na dílseoirí i Learpholl, áit a bhfuil níos mó ná 50 lóiste Oráisteach.
iniúchadh investigation
" Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa.
coimisiún imscrúdúcháin a commission of investigation
" Cháin Binse Fiosraithe Barr agus coimisiún imscrúdúcháin a bhí faoi chúram George Bermingham iompar na ngardaí i leith mharú John Carthy i Mainistir Leathrátha, agus i leith chúiseamh éagórach Dean Lyons, andúileach drugaí ar cuireadh ina leith gur dhúnmharaigh sé beirt bhan i gcóiríocht do dhaoine éislinneacha i nGráinseach Ghormáin sa bhliain 1997.
córas um imscrúdú aerthionóiscí, air accident investigation system
" Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun.
imscrúdú investigation
" Agus b’fhéidir gurb é an modh foghlama is tábhachtaí dá bhfuil ann ná an córas um imscrúdú aerthionóiscí, córas idirnáisiúnta a chuir an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (EESI) ar bun.
atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích. who are responsible for executing the duties of the investigation
" Is freagracht náisiúnta é imscrúdú aerthionóiscí, agus tá eagraíocht speisialta ag gach tír, ar ball EESI í, atá freagrach as cúraimí an imscrúdaithe a chur i gcrích.
an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí Air Accident Investigation Unit
" In Éirinn is é an tAonad um Imscrúdú Aerthionóiscí atá freagrach as an obair seo.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board the biggest priority of the British Air Accident Investigation Board is
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board anois ná imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra.
Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán another conclusion that the Commission reached based on the investigation
" Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán ná go ndearna an polasaí asamhlaithe dochar uafásach d’fhéinmheas na bpáistí a tógadh óna muintir.
iniúchadh audit, investigation
" Rinne sé iniúchadh ar fhigiúirí an chomhlachta agus dheimhnigh sé an tuairim a bhí againn, is é sin, go raibh siad ag insint bréaga dúinn, go raibh ní ba mhó dlúthdhioscaí díolta acu ná an líon a bhí admhaithe acu agus go raibh airgead le híoc go fóill acu linn.
iniúchadh investigation
" Bhí i gceist go mbeadh ionadaithe ón phobal i gcomhair le healaíontóirí, ábalta athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna a bhain le féiniúlacht, cultúr agus le stair agus go bhfásfadh as an iniúchadh sin íomhánna nua do mhúrphictiúir, a rachadh in áit na seaníomhánna conspóideacha.
tuilleadh tochailte further investigation
" ” Ní dhearna an tuairisceoir aon iarracht ráiteas a fháil ó Age Action Ireland faoin phlean agus mura raibh formhór na nuachtáin Domhnaigh imithe chun na clólainne fán am ar foilsíodh an t-alt, ba chosúil nach bhfaca siad gur cheart tuilleadh tochailte a dhéanamh air.
iniúchadh ar investigation of
" “Sa leabhar, déanann an t-údar iniúchadh ar cén fáth go mbíonn an contae is boichte, sa stát is boichte i Meiriceá, ag vótáil do pháirtí na ngnónna móra, páirtí a raibh sé d’aidhm aige daoine saibhre a dhéanamh níos saibhre agus airgead a choinneáil ó dhaoine bochta.
imscrúdú investigation
" Anuas air sin, bhí sí amhrasach faoi chomhghleacaí dá cuid, Melek Can Dickerson, Turcach mná a bhíodh ag obair roimhe sin leis an gComhairle Meiriceánach-Turcach (ATC), a bhí faoi imscrúdú ag an FBI le blianta maidir le gáinneáil drugaí (is é an Tuirc an próiseálaí óipiam is mó ar domhan), breabanna a thabhairt do pholaiteoirí, agus as gníomhartha amhrais eile nach iad.
fiosrúcháin rialtais government investigations
" Spreag an clár sin fiosrúcháin rialtais chomh maith le fiosrachán ag Ard-Aighne Nua-Eabhrac agus mar gheall air seo, b’éigean d’Arnie Geller, príomhfheidhmeannach Premier Exhibitions éirí as a phost.
fhiosrúchán investigation
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
fhiosrúchán investigation
" Cad chuige, a deir sé, nach dtugtar dá dhlíodóir na grianghraif ar fad a tógadh an lá ar tháinig na póilíní chun a theach agus na tailte timpeall air a chuardach mar chuid den fhiosrúchán? Éilíonn sé chomh maith go bhfoilseofar an dá fhótashamhail a rinne na póilíní de dhaoine a d’fhéadfadh cabhrú leo ina gcuid fiosruithe.
imscrúdú investigation
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
imscrúduithe investigations
"imscrúduithe ar siúl i dtíortha eile san Eoraip maidir leis an eolas a bhailigh na carranna Streetview agus, de réir foinsí áirithe, tá ár gCoimisinéir um Cosanta Sonraí Billy Hawkes sásta go bhfuair Google réidh leis an eolas a bhailigh siad de thaisme.
imscrúdú an investigation
" Ach in ionad imscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo, tá alt idirlín gan ainm, gan foinse curtha faoina bhun ag Snopes ina bhfuil 4,000 Giúdach curtha in ionad na 4,000 Iosraelach.
fiosraithe investigation
" ’Siad dúchas an ghrá féin agus ionannas sainiúil ban dhá phríomh ábhar a fiosraithe.
iniúchadh investigation
" Bhí sé sin le sonrú ach go háirthe sa seasamh a ghlac sé níos luaithe i mbliana nuair a léirigh iniúchadh de chuid Nuacht TG4 go raibh ionann is beirt as gach triúr a fuair díolúine ón Ghaeilge de bharr míchumas foghlama ar nós disléicse, ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach eile don Ardteist.
fiosrú an investigation
" An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad.
d’imscrúdú investigation
" Thosaigh an FBI ag cúléisteacht ar an bhFeisire Schakowsky sa bhliain 2000 mar chuid d’imscrúdú níos leithne ar spiaireacht eachtrach agus caimiléireacht i measc oifigeach poiblí.
cíoradh investigation
" Cuid acu ag rá go gcaithfear tuilleadh cíoradh a dhéanamh ar na leasuithe atá beartaithe agus teacht ar chomhréiteach; cuid eile, go háirithe iad siúd atá ar eite chlé an pháirtí, ag éileamh gur cheart moltaí an rialtais a chur ar ceal láithreach agus an próiseas idirbheartaíochta a thosú arís as an nua.
Trí iniúchadh by investigation
" Trí iniúchadh a dhéanamh ar scéal a muintire féin – clann Mhic an Bhaird – tugann sí léargas dúinn, ní hamháin ar an scéal a bhain le clann amháin den Lucht Siúil, ach ar léargas ar stair na hÉireann trí chéile.
iniúchadh teoranta a limited investigation
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
Oifig Iniúchóireachta investigations office
" Táthar ag súil go dtiocfaidh 400,000 duine ar cuairt sa chéad bhliain agus tá ’ chóir a bheith 35,000 ticéad réamhordaithe ag daoine cheana féin, ach de réir tuairisce ó Oifig Iniúchóireachta Thuaisceart Éireann, níl na figiúirí seo inbhuanaithe.
i mbun an fhiosrucháin managing the investigation
" Dall ag a gClaontacht Féin =========== Mar bharr ar an donas, is é ‘Bosporus’, ainm chaolas Iostanbúl, a thug údaráis na Gearmáine ar an meitheal bleachtairí a bhí i mbun an fhiosrucháin.
Rinneadh iniúchadh an investigation was done
" Rinneadh iniúchadh ar fud an domhain ar bhailiúcháin bhréige éadaí agus ar an donacht a bhain leis na heagraíochtaí a bhí i gceannas orthu.
himscrúduithe a rinneadh investigations made
" Chomh maith leis an méid míchleachtais atá soiléir ó na himscrúduithe a rinneadh, agus an méid mí-úsáide a imríodh ar ‘mhic léinn’ na gcoláistí úd, tá drochthaobh eile leis an scéal seo.
dianfhiosrúchán an intense investigation
" Easpa Eolais ===== Rinne na póilíní dianfhiosrúchán ar an ainghníomh ach ní raibh aon fhinné ann agus ní raibh aon amhrastach acu.
an iniúchadh stairiúil the historic investigation
" Eisean a chur tús leis an iniúchadh stairiúil ar fhoclóir ait de Valera trí mheán an “primacy of form” aige siúd.
Iniúchadh an investigation
" Iniúchadh é an leabhar sin ar laigeachtaí focal iontu féin mar áiseanna taidhleoireachta.
bhfiosrúchán in éadan investigation of
" An Mheitheal in Aghaidh na Córa ============== Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa.
an t-iniúchadh meitifisiciúil sin that metaphysical investigation
" An dornán beag seo, is ag cur leis an traidisiún sin, an t-iniúchadh meitifisiciúil sin, a raibh scannánóirí dála Fritz Lang, Orson Welles, Ingmar Bergman agus Piara Paolo Pasolini ina máistrí air.
an réimse iniúchtha the range of investigation
" Ní bheifeá ag súil go mbeadh an réimse iniúchtha ná na fiacla céanna ag athbhreithniú is a bheadh ag fiosrúchán iomlán.
Iniúchadh an investigation
" Iniúchadh a bhí sa taispeántas sin ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ceannródaíocha a thaistil chun na Fraince agus níos faide ó bhaile le staidéar a dhéanamh ar ealaín nua-aimseartha na hEorpa ag tús na haoise seo caite.
scagadh as úr renewed investigation
"scagadh as úr ar scéal Ghaeil na hAstráile dúisithe ag taispeántas atá ar siúl san Iarsmalann Náisiúnta i gCanberra.
iniúchadh ar investigation
" Seachaint na fírinne i measc lucht polaitíochta ó thuaidh a tharraing aird Robert McMillen, cionn is gur fhógair Peter Robinson i rith na seachtaine nach mbeadh aon iniúchadh ar stair na coimhlinte is déanaí.