Ach cén fáth a gcreidfeá aon scéal eile i nuachtán atá sásta
deargchumadóireacht den chineál thuas a chur i gcló?
Nuair a d’fhoilsigh *The Sun *na Breataine scéalta ar nós *“Freddie Starr Ate My Hamster”* (níor ith!) agus gur chuir Comhairle Bhrent cosc ar mhálaí bruscair dubha mar go raibh siad ciníoch (níor chuir!), thug siad le fios don saol mór nach gá go mbeadh a gcuid scéalta bunaithe ar an fhírinne.