Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos tógtha le more interested in
" Measann Ó Snodaigh go bhfuil an rialtas seo níos tógtha le cúrsaí paraimíliteacha agus le cúrsaí tráchta ná mar atá siad le cúrsaí drugaí.
lucht na cúise those interested in the cause
" Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
is spéis liomsa that I'm interested in
" An rud is spéis liomsa mar iriseoir ná an scéal a scríobh de réir mar a fheictear dom an scéal a bheith.
aturnae a raibh spéis aige i gcearta sibhialta a solicitor who was interested in civil rights
" Arís, ní duine paranóideach mé, agus sular shocraigh mé rud ar bith leis na póilíní, labhair mé le Jeremy Hawethorn, aturnae a raibh spéis aige i gcearta sibhialta.
féinchúiseach self-interested
" Mhothaigh duine eile nach raibh i Gormley ach duine féinchúiseach mar go raibh an chuid is mó den saothar bunaithe ar a chorp féin.
Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, I am interested in American country music
" Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, nó tá baint mhór idir sin agus ceol Éireannach agus ceol Albanach, a bhfuil an-suim agam ann chomh maith.
más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith if you are interested in getting information about the position of a particular satellite
" Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.
a mbeadh spéis agam iontu. that I'd be interested in.
" Ach dá mba rud é go ndearna mé ‘Cúrsaí Ealaíne’, d’fheilfeadh sé go mór dom mar go mbeinn ag plé le rudaí a mbeadh spéis agam iontu.
ar spéis leo who are interested in
" Ach is léir go bhfuil cuid mhór daoine i mBaile Átha Cliath ar spéis leo a bheith ag plé leis an gcraoltóireacht mar chaitheamh aimsire: tá céad duine bainteach leis an tseirbhís faoi láthair ar bhonn deonach.
más spéis leat giota beag taithí chraoltóireachta a fháil if you are interested in getting a little bit of broadcasting experience
" Mar sin, más spéis leat giota beag taithí chraoltóireachta a fháil – agus go leor spóirt a bheith agat – téigh i dteagmháil le Raidió na Life inniu! Tá tuilleadh eolais faoi Raidió na Life ar fáil ar shuíomh idirlín an stáisiúin: www.
féinspéiseach interested in myself
" Chomh maith leis sin ní raibh mé féinspéiseach a dhóthain gur shíl mé go mbeadh spéis ag an saol mhór i ngach bolgam de mo bhéile dheireanach! Ach ní bhfuair mé réidh leis riamh agus lean mé leis de bheag nó de mhór.
Ní spéis leis he's not interested
" Ní spéis leis aon ní lasmuigh den fiche míle inar tógadh é, inar beathaíodh é, ina gcothaítear é.
Ar spéis leat would you be interested
" An Late Late SMM: Ar spéis leat *gig Ryan Tubridy* am éigin amach anseo?DÓS: Ah well, (ag gáire) dá mbeadh sé sa Ghaillimh! (Gáire croíúil) Bheadh leisce orm Gaillimh a fhágaint, ach is dócha, chun na fírinne a rá, dá mbeadh duine éicint ag teacht chughat le seó mar san, chaithfeá cuimhneamh air.
suim leis he's interested
" org/wiki/The_White_Ribbon) Deir Haneke in agallamh le ‘Sight and Sound’ gur suim leis an ceangal idir phiúratánachas Liútarach thuaisceart na Gearmáine agus ‘cosaint’ na Naitsithe sin a mhaígh dá gcosaint féin nach raibh ach ord agus eagar á chur i bhfeidhm acu trí orduithe dleathacha a leanúint.
bpáirtithe leasmhara interested parties
" Mhol an Comhchoiste Oireachtais go ndéanfaí foras reachtúil de COGG ag a mbeadh: ‘cumhachtaí sainnithe i leith ionadaíocht a dhéanamh ar thuairimí agus ar mholtaí na bpáirtithe leasmhara i gcás foirmithe polasaithe oideachais don Ghaeltacht agus do phobail Ghaeilge.
Más spéis leat if you’re interested
" (Más spéis leat tuilleadh, féach *A Silver Saga* le Fiona Philpott agus leis an Ollamh James Graham-Campbell, 1990) Taisce Cuerdale ======== Chonaic mé taispeántas spéisiúil in Iarsmalann Learphoill i 1990 faoi Thaisce Cuerdale, cnuasach mór airgead Lochlannach a fuarthas i 1840, agus bhí mé ag iarraidh an áit ar fritheadh é a fheiceáil dom féin anois.
Bhí spéis aige he was interested
" Bhí spéis aige a bheith ag tochailt níos doimhne ná sin, le go scaoilfeadh sé saor lena chuid scuaba péinte na scéalta dúrúnta a bhí faoi cheilt sa tírdhreach.
ag cur suime being interested
" Áit fhíorálainn atá inti ach siar sna 1970í agus mé ag fás anois, bhí féile ar siúl dar teideal Culchie Come Home, mar bhí oiread sin eisimirce ó Choillte Mach an t-am sin," ar sí, ach ní sin an tsiocair ar thosaigh sí ag cur suime sa pholaitíocht.
más spéis leat if you’re interested
" Féach freisin, más spéis leat graificí, <http://www.
té ar suim leis person who is interested in
" Fóirfidh an bailiúchán seo don fhoghlaimeoir agus don té ar suim leis an litríocht agus ar mhaith leis cur lena thuiscint ar shaothar scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge.
ag cur spéise becoming interested
" An Ríomhthráchtáil ========= Thosaigh an lucht gnó ag cur spéise san idirlíon thart ar an am chéanna.
Ní hé nach spéis leo an cúram not that they’re not interested in the responsibility
" Ní hé nach spéis leo an cúram.
páirtithe leasmhara interested parties
" Tá daoine aonair agus páirtithe leasmhara bhunaíocht na Breataine níos cumhachtai ná é - MI5 a raibh smacht acu ar an timpeallacht iomlán slándála ó thuaidh, an Brainse Speisialta san áireamh, nuair a maraíodh Pat Finucane; na polaiteoirí Westminster sin a bhí ar an eolas maidir le cúrsaí slándála na linne sin; baill an FRU (Force Research Unit), buíon rúnda taobh istigh d'Arm na Breataine, ar dhúirt ball amháin dá chuid (de réir an Sunday Herlad): *"We were able to take out leading Provos with the help of the UDA.
i bhfách le desired, interested in
" Fiú da mbeadh David Cameron i bhfách le fiosrúchán poiblí - agus níl aon fhianaise ann go bhfuil "an fear neamhonóra seo", mar a thug Geraldine Finucane air, i bhfách lena leithéid - bheadh na fórsaí thart air róláidir aige.
an-tógtha le greatly interested in
" Cinní le Déanamh ========= Bean a bhí an-tógtha le teicneolaíocht (d’oibrigh sí mar ríomhcláraitheoir C+) agus mar sin táim cinnte go bhfuil neart grianghraf digiteach eile le ransú tríothu freisin.
páirtithe leasmhara interested parties
" Feiceann Súil Ghlas Saol Glas =============== B’ionadh liom a fheiceáil an fhíor-chaoin fáilte a chuir na páirtithe leasmhara roimh an tuarascáil.
cuirimid suim mhór we’re greatly interested
" Agus má tá lochtanna ar an gComhairle Oilimpeach Idirnáisiúnta, cén eagraíocht ar domhan nach bhfuil locht uirthi agus daoine ag plé léi? Nuair a thagann na Cluichí Oilimpeacha trí mheán na teicneolaíochta isteach sa seomra suí, iomlán beo agus daite, gach ceathrú bliain, cuirimid suim mhór iontu ar feadh na coicíse sin a bhíonn siad ar siúl agus bímid inár saineolaithe ar spóirt nach bhfaca muid le ceithre bliana anuas.
lucht suime na Briotáine interested Bretons
" Gailísis Cois Laoi ======= Níorbh iad stiúrthóirí CLG ná deoraithe Gaelacha a thionscain an obair seo, ach lucht suime na Briotáine.
ar chuir tú spéis sa did you become interested in
" **SMM: Cá huair ar chuir tú spéis sa Ghaeilg?** Ray Mac Mánais: Bhí spéis agam riamh sa Ghaeilg agus bhí sí ag roinnt de mo chuid gaolta, col ceathracha agus col seisreacha.
murar spéis liom cur fúm sa phobal sin if I’m not interested in living among those people
" Mura mbeidh spéis agam ina gcultúr agus murar spéis liom cur fúm sa phobal sin ar feadh trí mhí, ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin.
Bheinnse i bhfách le I’d be interested
" Bheinnse i bhfách le líon na Seanadóirí a laghdú, deireadh a chur le córas vótála na gComhairlí Contae agus athmheas a dhéanamh ar na painéil ghairmiúla as a dtoghtar comhaltaí.
a chuir spéis sa léim who became interested in the jump
" Ach i measc na ndaoine a chuir spéis sa léim níor chuala mé mórán ag caint ar “dheoch an fhuinnimh”.
bhí spéis agam I was interested
" Uí Bhreasail ===== Maidir liom féin, ós sa mBreatain Bheag atá mé lonnaithe le tamall de bhlianta, áit dhúchais mo mháthar, bhí spéis agam sna seantuairiscí go mbíonn feiceáil ar Shléibhte Chill Mantáin thar Muir na hÉireann siar anois ’s arís nuair a bhíonn an t-aer ina ghloine agus an fharraige ina clár mín, réidh.
arbh eol suim ar leith a bheith acu who were known to be particularly interested
" Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi .
níl mórán suime agam I’m not very interested
" (Nuair a deirim sin, ní théim ar Aifreann, níl mórán suime agam sa pholaitíocht ach i dtuaisceart Éireann, tá na lipéid i bhfad níos tábhachtaí ná na fíricí.
ag cur spéise san ealaín interested in art
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
Ní san innealra ach sa dúlra atá suim an turasóra the tourist isn’t interested in machinery but in nature
" Ní san innealra ach sa dúlra atá suim an turasóra a théann go Maigh Eo nó go Tír Chonaill.
i mbun rudaí a bhfuil suim agat iontu doing things you’re interested in
" 
"Má tá tú ag obair oiread agus is féidir leat i mbun rudaí a bhfuil suim agat iontu, sin an rud is fearr do dhuine ar bith a bheith a dhéanamh, creidim," arsa Julie.
nach mbeadh spéis aige wouldn’t be interested
" ” “Is beag duine nach mbeadh spéis aige i gceann acu,” a d’fhreagair Santa go grod.
Tá an-spéis agam féin ann I myself am very interested
" Tá an-spéis agam féin ann ach bhí mé ag ceapadh nach mbeadh aon spéis ag éinne eile ann, ach an rud a chur ionadh orm ná an méid sin daoine a tháinig aníos chugam níos déanaí nach raibh aon aithne agam orthu ó cheann ceann na tire, as ceantair Ghaeltachta éagsúla, na hoileáin, muintir Bhaile Átha Cliath.
ar mó spéis d’fhíseán who’re most interested in your video
" Seo straitéis a chinntíonn go bhfeicfidh an dream ar leith sin ar mó spéis d’fhíseán, ó tá siadsan ag cuardach díreach an rud uathúil faoin obair atá déanta agat.
Más suim libh if you’re interested in
" **‘Django Unchained’ - le Quentin Tarantino** **‘Lincoln’ – le Stephen Spielberg** **‘Django Unchained’** Más suim libh timpistí traenacha teilifíse is fiú breathnú ar an agallamh le Quentin Tarantino ar Channel 4 News ar an 11ú Eanair seo d’imigh.
thosaigh mé ag cur suime sa I became interested in
" Nuair a chuaigh mé go Meiriceá (ag traenáil don dornálaíocht ghairmiúil) thosaigh mé ag cur suime sa Ghaeilge i gceart.
is mór an spéis a bheadh ag would be very interested
" Níos cóngaraí don bhaile is mór an spéis a bheadh ag cuairteoir Éireannach in uaigh Dhonnchaidh mhic Bhriain Bhóraimhe (Ardrí Éireann, re freasúra, sa 10ú aois) atá le feiceáil sa séipéal.
an-spéis ag oideachasóirí sa educators are really interested in
" Sin an fáth go bhfuil an-spéis ag oideachasóirí sa chluiche seo.
spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam people were interested in what I was doing
" 
 In Áit na Garaíochta ======= “Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
a bhfuil an-suim a’m féin ann which I’m greatly interested in
" Réimse amháin a bhfuil an-suim a’m féin ann, an cóiriú díreach nó an direct provision.
chuir mé suim sna cuntais I was interested in the accounts
" Ba scéal mór é dá bhrí sin ar na meáin in Éirinn nuair a d’éirigh Alex Ferguson as a phost mar bhainisteoir ar Manchester United agus caithfidh mé a rá gur chuir mé suim sna cuntais agus sna léirmheasanna a scríobhadh agus a craoladh faoi.
Ar spéis leat would you be interested
" Tuige nach mbeadh Dáil níos lú againn agus Seanad nios lú againn? Suíochán Dála? ====== **SMM: Ar spéis leat suíochán Dála a cheapadh duit féin amach anseo agus Ar spéis leat dul le páirtí polaitíochta?** RM: Ba spéis liom a bheith sa Dáil.
baill fhiosracha interested members
" Ionad ilfhreastail a bheadh ina leithéid de shuíomh ina mbeadh scoláirí, iriseoirí, nó go deimhin baill fhiosracha den phobal, ábalta teacht ar chartlann físe, fuaime agus focail d'aon chlic amháin.
níl spéis curtha ag lucht déanta beartas ann policymakers haven’t become interested in it
" Cé go bhfuil suim acadúil san ábhar seo ó aimsir Adam Smith, níl spéis curtha ag lucht déanta beartas ann ach go dtí le déanaí.
is spéis leat which you’re interested in
" Más Polannais atá uait, déanfaidh Chicago nó Londain cúis chomh maith le Vársá, agus más í an Arabais is spéis leat, b'fhéidir go mb'fhearr duit Páras ná Cairo.
le fáil don té ar spéis leis available to anyone interested in
" Is ar éigean atá slí suí do cheithre scór sa seoimrín seo, ach ba anseo a bhí seoda beaga gleoite le fáil don té ar spéis leis an ealaín a dhéantar ar bheagán airgid gan mórán cainte.
Má tá spéis if (you’re) interested
" com/start-ups/item/34493-finalists-for-2013-esb/> Déamar Ár Linne is ea Marcas ========= Má tá spéis sa réimse teicneolaiochta agat, ní mhairfidh tú i bhfad gan teacht aghaidh ar aghaidh le cultas na ngnóthaí nua.
Bhí ana-lé agam le I was greatly interested in
" **CB: Eachtraigh dom beagáinín fé do thréimhse san ollscoil?** DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach.
tá spéis agam sa phróifíl seo I’m interested in this profile
" Croí: tá spéis agam sa phróifíl seo.
ar spéis leo who are interested
" Má tá daoine díograiseacha ann ar spéis leo cláracha nó scannáin a dhéanamh, ba cheart dul sa tseans.
Bheadh spéis ag would be interested
" Bheadh spéis ag Labhrás Ó Cadhlaigh agus ag Nioclás Tóibín sa scéal, ní áirím ag an Déiseach altramais is binne in Éirinn, Éamon Ó Bróithe.
nach raibh mórán spéise agam I wasn’t very interested
" Is cuimhin liom, sula raibh páistí agam, nach raibh mórán spéise agam i gcarranna fada, ach ón am a tháinig ár gcéad leanbh ar an saol thuig mé an chiall a bhaineann leo.
Murar spéis leat if you’re not interested
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.
mba spéis leo they’d be interested
" Dúirt 25 % de na freagróirí i bpobalbhreith Mori sa bhliain 2001 go mba spéis leo an Mhanainnis a fhoghlaim agus de réir taighde ar chultúr agus oidhreacht, shíl 75% go raibh teanga agus cultúr tábhachtach don ionannas náisiúnta.
nach mbeadh suim acu I would they not be interested in
" Don chéad uair ariamh, chas mé le fear agus bhí sé ag smaoiteamh ‘ó, tá sé i nGaeilg, ach tá saol mór amuigh ansin! Cad chuighe nach mbeadh suim acu i scéalta s’againne?’ Bhíodh sé féin ag aistriú scéalta as teangacha eile go Gaeilg agus dúirt sé leis féin, ‘táimid féin chomh maith céanna agus tá na scéalta s’againn féin chomh maith céanna.
Níor spéis leis he wouldn’t be interested
" Níor spéis leis dul ag léachtóireacht áfach.
Chuir mé spéis ann I became interested
" Chuir mé spéis ann agus bhain mé taitneamh as cuid den chíoradh a rinne an mheitheal saineolaithe a bhí ar RTÉ roimh, i rith agus tar éis gach cluiche.
ar chuir mé an-spéis ann which interested me
" ) Dála an scéil, tá an freastal ar fheabhas ar fad ar an mBlascaod Mór: b’fhéidir gur fiú smaoineamh faoi comhphobal a bhunú ann arís… Ceann de na gnéithe ar chuir mé an-spéis ann in (Ionad an Bhlascaoid Mhóir)(http://www.
nach spéis leo who aren’t interested in
" Le Dragon’s Den agus a macasamhail, tá ardán ann fiú dóibh siúd nach spéis leo Kickstarter.
an-tógtha le cruicéad. very taken with, interested in, cricket
" Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad.
spéis le interested
" Is spéis le Tony Birtill an dóigh a chuaigh is a rachaidh úinéireacht Chumann Peile Learphoill.
spéis le interested in
" Is spéis le Mícheál Ó hAodha fear a bhí i lár shaol nualitríochta agus ceoil na Stát Aontaithe agus a d’fhág a rian ar scríbneoirí ar nós Allen Gisberg, Jack Kerouac, Bob Dylan agus eile, agus ar a saothair.
Is spéis le is interested
" Is spéis le Colm Mac Séalaigh ceist mhór atá ag bagairt ar Chumann Lúthchleas Gael le seal gairid de bhlianta: íocaíocht bainisteoirí.
Spéis agat are you interested
" Spéis agat sa Toyota Avensis, ar athláimh? Bhí Daragh Ó Tuama á fhéachaint agus cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu le gairid, tá sé sásta leis an gcarr seo.
ag cur spéise i becoming interested in
" Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.
Is spéis le is interested in
" Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.