Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iliomad innumerable
" Iomaíocht ó iliomad spórt eile ar an teilifís, móide imeacht na n-urraí tobac go mór mór agus ísliú ar dhuaiseanna airgid dá bharr sin, a thugtar mar chúiseanna leis an staid sin.
iliomad innumerable
" Nach bhfuil sé deacair saol teaghlaigh a chur in oiriúint don iliomad cúraim eile atá uirthi? “Bhuel,” a deir sí agus gáire ard croíúil á dhéanamh aici, “is amhlaidh go raibh an bhliain seo a d’imigh thart i bhfad róbhroidiúil agus ag deireadh Mheán Fómhair beidh mé ag éirí as an bpost i gColáiste na Tríonóide.
iliomad gairmeacha innumerable professions
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
an iliomad innumerable
" Agus chreid 58% de na múinteoirí seo gurb iad na gutháin phóca agus na ríomhairí is bun leis an iliomad fadhb litearthachta a bhíonn ag na páistí.
bhailigh na mílte seansruthanna le chéile gathered together innumerable old streams
" Cineál calafoirt ab ea Vidal ina scríbhneoireacht, an duine a bhailigh na mílte seansruthanna le chéile chun cur lena gcuid cumhachtaí neamhspleácha.
i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach in an area that an innumerable number of victims were murder
" Comhairle fhrith-Chaitliceach agus é bródúil as, ábhar ceiliúrtha acu i gceantar inar maraíodh ní fios cá mhéad Caitliceach le linn na dTrioblóidí.
iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe innumerable championships, leagues
" Ré ab ea í a mhair ar feadh trí bliana déag nó mar sin inar bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe, chraobhacha Laighean agus chraobhacha na hÉireann.
iliomad bialanna atá daite timpeall innumerable restaurants are here and there around (the island)
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
pointí iomadúla a scag innumerable points inspected by
" Ar na pointí iomadúla a scag an Rapporteur Speisialta, ar Ceanadach é darb ainm François Crépeau, is fiú béim faoi leith a leagan ar dhá cheann.
iliomad míléamh ar chuisle an phobail innumerable miscalculation of the peoples’ feelings
" Bás polaitiúil lena faobhar féin, fuath ban agus iliomad míléamh ar chuisle an phobail - b’iad a scuab Julia Gillard chun siúil ar deireadh.