Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beirt bhrathadóirí two informants
" Maíonn McCord go raibh beirt bhrathadóirí de chuid Bhrainse Speisialta an RUC ar an bhaicle a mharaigh a mhac.
brathadóir líomhanta alleged informant
" Ó shin i leith, dúirt Rabbitte go raibh baint ag Haddock le dúnmharú Gary Convie agus Eamon Fox (beirt Chaitliceach a scaoileadh ar láithreán tógála i mí na Bealtaine 1994); Thomas Sheppard (brathadóir líomhanta a scaoileadh i 1996); an tOirmhinneach David Templeton (a bualadh go holc i mí an Mhárta 1997); Billy Harbinson (1997); Tommy English (iarpholaiteoir de chuid an UDP, 2000); agus David Greer (a maraíodh le linn achrainn inmheánaigh de chuid na ndílseoirí in 2000.
faisnéiseoirí informants
" Is é atá againn in oidhreacht na dtaifeadtaí agus na leathanach de chur síos ar na faisnéiseoirí a théann leo, a d’fhág tionscnamh Doegen ina dhiaidh agus atá curtha inár láthair ar shlí chomh soiléir sin ag Róise, ná grianghraf, grianghraf a glacadh ag am faoi leith i saol na hÉireann ina dtairgíonn daoine a choinnigh greim – in amanna greim an fhir bháite – ar ar mhair dá gcultúr béil, samplaí de na gnéithe a ba luachmhaire leo féin: seanscéalta agus amhráin, agus, lena chois sin uaireanta, eachtraí as a saol féin.
faisnéiseoirí informants
" Tharla gurb iad na faisnéiseoirí ba mhó a raibh mé ag caint leo, Domhnach is dálach, beirt a bhí ina gcónaí sa teach taobh thiar den teach inar rugadh mo sheanathair.
ag tabhairt cead a gcinn do bhrathadóirí a rogha rud a dhéanamh letting informants do as they please
" Léireoidh tuarascáil Ombudsman na Póilíneachta i dTuaisceart Éireann mar gheall ar dhúnmharú fir óig i 1997 go raibh na fórsaí cosanta ag tabhairt cead a gcinn do bhrathadóirí a rogha rud a dhéanamh.