org/)
Ach toisc go bhfios dom gurb iad glúin na bpáistí seo a lean bodach na saoirse bréagaí le díograis mhíchuí scór bliana tar éis eachtraíocht an scéilín seo, níl aon éaló uaithi mar cheist ar na cliatháin dom.
Fós, níl oiread agus leid d’aon iompar míchuí, gan trácht ar ghéag nocht ná ar aon ball eile coirp le feiscint in óid Jane Campion don nGrá Rómánsach, idir choincheap agus ionchollú, a d’fhás idir an file John Keats agus an bhean óg béaldorais Fanny Brawne sna blianta beaga a bhí fágtha ag an fhile idir 1818 agus an bás a sciob an t-easlánaí óg sa Róimh ar an 23ú Feabhra 1821.
De dheasca na heagla atá orthu roimh ionnarbadh bíonn drogall orthu drochiompar fostóra nó pá faoi bhun an íosphá, mar shampla, a chur in iúl do na húdaráis, rud a thuigeann fostóirí go maith.
Gné eile a chloistear sách minic nuair a bhíonn polaiteoir, tráchtaire, iarbhaincéir nó a leithéid ag caint ar chliseadh na mbanc, is ea gur ‘a culture of’ seo, siúd nó eile a bhí ann ag an am, amhail is a rá gur cuma anois faoi aon ghníomh as bealach a rinne, polaiteoir, tráchtaire nó baincéir cúig nó sé bliana ó shin.