Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcion orm impressed me
" Chuaigh an ceol agus na dathanna iontacha go mór i gcion orm agus chinn mé ag an phointe sin gur go Cúba a rachainn ar mo chéad saoire eile.
cur ina luí ar impress upon
" "Ó thaobh na hailtireachta de, bíonn muid de shíor ag iarraidh cur ina luí ar na cliaint a bhfuil Gaeilge acu gur ráitis mhuiníneacha iad na foirgnimh a dhearann muid, a bhfuil sé mar aidhm acu ardú meanman a thabhairt don phobal agus don teanga.
chuaigh an áit i gcion go mór air the place impressed him a lot
" D'fhás an bhaint a bhí aige le Notre Dame, agus chuaigh an áit i gcion go mór air, tar éis dá chúigear páistí freastal ar an ollscoil.
an-tógtha very impressed
" Bhí Meaney an-tógtha leis an scéal agus d’aithin sé na carachtair ann mar gur chaith sé féin seal ag obair i Londain, ní ar na láithreáin tógála, ar ndóigh, ach in amharclanna na príomhchathrach.
cur ina luí ar to impress upon
" Beidh an Rialtóir freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéim tharrthála a d'fhógair an rialtas an mhí seo caite agus ba mhaith leis an Uasal Neary cur ina luí ar an phobal go mbeadh an Rialtóir cumasach agus é ag tabhairt faoin obair sin.
chuaigh i gcion orm impressed me
" Duine eile a chuaigh i gcion orm, nuair a bhí mé i gCúil Raithin - ‘carraig’ a thug Séamus Ó Duilearga air - ba shin é Risteard Mac Gabhann as Doire.
i gcion go mór ar greatly impressed
" Tá na hamhráin go léir ina theanga dhúchais agus chuaigh siad i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile, agus ar dhaoine thar lear nuair a chuala siad an fear óg eisceachtúil á gcanadh.
i bhfeidhm go mór orm really impressed me
" Chuaigh an Chí-ró neamhghnách seo i bhfeidhm go mór orm.
buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann it’s impressed with the contemporary Irish situation
" Eascraíonn an t-imeartas focal, *Poorhouse*, as an Drochshaol agus buailtear é le cás comhaimseartha na hÉireann agus síorchúlaithe geilleagair.
níl sé róthógtha leis he’s not very impressed with
" Ach níl sé róthógtha leis na daoine atá ag iarraidh aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantair ar nós Chluain Dolcáin i mB’leá’ Cliath agus ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.