Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
camán hurley
" Tá na bunphrionsabail i bhfeidhm i gcónaí agus is léir gurb é a bhí ar intinn an dreama a chuir le chéile iad ná a chinntiú gur cluiche tapa, sciliúil a bheadh ann agus nach mbainfí mí-úsáid ar bith as an gcamán ach a mhalairt, is é sin chun an sliotar a thiomáint, a ardú agus a iompar go gasta ó cheann ceann na páirce.
camán hurley
" Dar le príomhchoileach seo na sicíní i gContae Chiarraí go bhfuil an smíste *baseball* anois níos coitianta ná an camán faoi Thuaisceart Chiarraí.
chamáin hurley sticks
" Le blianta fada tá an CLG ag argóint go bhfuil sé éagórach go mbíonn ar a chuid ball, agus go speisialta na hógánaigh, CBL a íoc ar fheisteas agus go mór mór ar chamáin.
sliotair hurley ball
" a bhíodh i mbun an bháire agus gasúir de gach aois amuigh sa pháirc ag bualadh sliotair (nó an liathróid spúinse nuair nach mbíodh sliotar ceart ar fáil).
a ghreim camáin a athrú to change the way he held the hurley
" An chéad rud a rinne sé ná iarracht a dhéanamh a ghreim camáin a athrú.
camán hurley
" Briseadh lámh an fhir bhoicht nuair a bhuail imreoir é le camán le linn cluiche sóisear iomána.
an camán á úsáid mar ba chóir the hurley being used as it should be
" Dá leanfadh contaetha agus foirne eile a sampla agus an iomáint a imirt mar ba chóir, leis na bunscileanna i réim, an sliotar á imirt fan talún níos sciobtha agus an camán á úsáid mar ba chóir (seachas síor-rith agus teagmháil throm chorp, cuir i gcás), b'fhéidir gurbh fhearrde an cluiche.
chamán hurley
" Níl an iomáint chomh holc ach tá sí ag dul síos an bóthar céanna toisc an bhéim atá ar sheilbh a fháil ar an sliotar in áit é a thiomáint go tapa ar an talamh nó ón chamán.
chamán hurley
" *“There will not be a cow milked in Dublin city tonight!” *a mhaígh Paddy the Oirishman Ó hArrachtáin i ndiaidh dó an liathróid ghailf a chur isteach i bpoll uimhir a hocht déag ar chúrsa Westchester, Nua-Eabhrac, lena chamán ó chúig chéad go leith slat amach, chun an bua a fháil i gClasach Barclays.
chamán hurley
" *“There will not be a cow milked in Dublin city tonight!” *a mhaígh Paddy the Oirishman Ó hArrachtáin i ndiaidh dó an liathróid ghailf a chur isteach i bpoll uimhir a hocht déag ar chúrsa Westchester, Nua-Eabhrac, lena chamán ó chúig chéad go leith slat amach, chun an bua a fháil i gClasach Barclays.
sliotar hurley ball
" Nuair a shroicheann na himreoirí, nó a bhformhór, barr feabhais ar feadh 70 nóiméad le himirt lúfar, bhríomhar agus an sliotar ag scinneadh den talamh ó cheann ceann na páirce ar luas lasrach, níl radharc spóirt ar domhan inchurtha leis.
camán hurley
" Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
chluiche iomána a game of hurley
" I litir chuig a uncail, scríobh Béaslaí faoi chluiche iomána idir Learpholl agus Manchain, áit nár chuala sé ach Gaeilge á labhairt.
camán a hurley
" Nach é calaois a bheadh i gceist ag Mícheál dá dtarraingeodh imreoir geansaí, nó cos, nó camán, nó clogad imreora eile, nó dá leagfadh imreoir go fealltach imreoir eile a bheadh ag déanamh ar a bháire féin? An ionann sin is a rá gur falcairí agus lúbairí a bhíonn ag imirt na peile agus na hiománaíochta? Tá súil agam nach ea.
Camán hurley
" Buail an Camán is Seachain an Sliotar! ================== Grianghraf suimiúil eile ná ceann a foilsíodh sna nuachtáin an lá tar éis chluiche ceannais na hÉireann in 2008.
imríonn siad camán an chéile chomhraic they play the opponent's hurley
" B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe! Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
chamáin hurley
" Chuir mé suim sa tionscadal seo ar an ábhar go mb’fhéidir go bhféadfadh an t-aireagán nua seo anailís a dhéanamh chomh maith céanna ar luascadh an chamáin agus ar an mbuille a tharraingítear ar an sliotar.
sliotar hurley ball
" Chuir mé suim sa tionscadal seo ar an ábhar go mb’fhéidir go bhféadfadh an t-aireagán nua seo anailís a dhéanamh chomh maith céanna ar luascadh an chamáin agus ar an mbuille a tharraingítear ar an sliotar.
imirt na hiománaíochta playing hurley
" Bhí aithne á cur agam féin ar dhaoine trí bhunú na gaelscoile anseo chomh maith, trí imirt na hiománaíochta, trí Ionad na nGleannta agus mar sin de.
sliotair hurley balls
" Déantar an réamhullmhúchán mar is gnáth - sliotair anonn is anall idir imreoirí, imreoirí anonn is anall ag bualadh an tsliotair ó dhuine go duine, síneadh agus searradh na matán agus mar sin de.
cluiche iománaíochta a hurley game
" Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
déantóirí camán hurley producers
" Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin.
fuair sé buille de chamán he was struck by a hurley
" Bhí sé ag imirt i gCill Bharróg nuair a fuair sé buille de chamán, ar mhí-ámharaí an tsaoil a bhris cnámh a ghlúine agus caithfidh mé a rá gur réab sé a chroí mar gurbh í an pheil Ghaelach an rud ab ansa leis ag an am.
cailín na camóige the girl with the hurley
"cailín na camóige a chonaic mé i gCarn Tóchair, 3 mhíle siar ó Mhachaire Ratha, mar chuid den dul chun cinn sin.
rug sé ar chamán he gripped a hurley
" Ba bhreá leis na cluichí ón gcéad lá a rug sé ar chamán agus ar liathróid.
i mbun iomána playing hurley
" Mar a dúirt mé, thug mé cuairt ar an Buenos Aires Hurling Club le breathnú ar na leaids i mbun iomána ach spórt eile a bhfuil nó a mbíodh na hÉireannaigh iontach maith ina cheann is ea - an póló.