Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
boslach uisce water held in cupped hands
" Bhuail sé isteach sa teach, leag sé an mála gona bhuidéal ar bhord na cisteanaí, gur bhuail sé boslach uisce ar a éadan, gur thriomaigh sé é féin le seantuáille; gur ith sé a dhinnéar.
á ndíspeagadh being held in contempt
" Chomh minic lena athrach, bíonn na mná á ndíspeagadh acu fosta.
faoi tharcaisne held in contempt
" leathnaíonn siadthey spread is tú ag dul tharstuas you pass them duine éicint dá shliochtone of his offspring éachtfeat ag maíomh asboasting about it brogús camphusacha sour-faced humourless person ina intinn míoltóigein his midge mind a mhalairtthe opposite próistethin, spindly person ag cur chuige ná uaidhbothering him a mhímhúineadhhis unmannerliness an ghráin shíoraídeep hatred faoi tharcaisneheld in contempt dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoineif people could undo what they had done seaftaíshafts corrdhuinethe odd person deargscabhaitéaraa total blackguard airdheed nuair a thitidíswhen they used to fall ag tochas a mhullaighscratching the top of his head rúnintention é a dhíbirtto drive him out go raibh diomar airthat there was something wrong with him plódaícrowds Ag tairiscint breabanna.
faoi ghradam held in esteem
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
ag cur srian ar an rófhorbairt holding in check the over-development
" Faoi mar atá, is é an éifeacht is mó atá acu nó go bhfuiltear ag cur srian ar an rófhorbairt atá ar siúl sna Gaeltachtaí faoi láthair.
Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste a public meeting was held in Belfast
" Reáchtáladh cruinniú poiblí i mBéal Feirste an tseachtain seo caite inar cháin poblachtánaigh easaontacha seasamh Shinn Féin go binbeach.
a bhfuil meas aici which she holds in high esteem
" ” Cén duine is mó a bhfuil meas aici air/uirthi? - “Is deacair a rá.
baclainn (held in her) arm
" Lily, a tréigeadh gan míniú, le páiste óg ina baclainn aici.
ar siúl in progress, held
" Tá sí ar an tír is mó a tháirgíonn bithbhreosla cheana féin agus ní mar gheall ar neart an gheilleagair amháin a bheidh súile na cruinne ar thír an samba as seo go ceann scaithimh: beidh Corn an Domhain ar siúl ann in 2014 agus na Cluichí Oilimpeacha in 2016.
is mó meas held in highest regard
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
ar fuireach calaidh held in port
" Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
Bhí ard-ardmheas agam ar I held in great esteem
" Cad faoi Mháirtín Ó Cadhain anois, ar bhuail tú leis agus cén saghas duine ab ea é, a mheas tú, tar éis duit a bheith ag plé leis an mbailiúchán?** RUíÓ: Bhí ard-ardmheas agam ar Mháirtín Ó Cadhain.
Tá meas againn orthu siúd we hold in great esteem those
" Tá meas againn orthu siúd a bhriseann na seanmhúnlaí agus a chíonn an domhan ar bhealach úr.
Tá ardmheas go deo agam othu I hold them in great esteem
i ngéibheann i gcarcair held captive in a jail
" Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?" — Pádraic Ó Conaire Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince.
trí iad a bhualadh in aghaidh a chéile ina nglaic by them banging them together as they hold them in their hands
" Ligeann an tseirbhís seo do bheirt daoine airgead a sheoladh ó *iPhone* go h*iPhone* trí iad a bhualadh in aghaidh a chéile ina nglaic.
tá ardmheas a’m ar I hold in high regard
" B’fhéidir go bhfuil iomaíocht ann go teicniúil idir muid agus comhlachtaí eile ach tá compháirtíocht ann agus tá ardmheas a’m ar an bhfostaíocht a chuireann siad ar fáil.
Is mór agam I hold in high esteem
" Is mór agam scannáin Scott agus is dócha gurbh é Bladerunner leis ceann de na scannáin is ansa liom riamh.
Is mór ag holds in high esteem
" An Radacachas ====== Is mór ag an Uachtarán an aidiacht “radacach”, focal dar úsáid sé go forleathan ina chnuasach Renewing the Republic (2012).
is mór an meas atá aige he holds in high regard
" Ach is mór an meas atá aige orthu siúd a chaitheann a saol go dílis agus go neamhbhalbh de réir bhriathar agus shampla Saor Adhmaid Nasaireit, an Giúdach Palaistíneach a bhfuair údaráis na Róimhe réidh leis ar an chros siocair nach raibh sé sásta a bhéal a choinneáil druidte.
Cuireadh amhras i seasamh doubt was expressed in the view held by
" Taighde Úr ===== Cuireadh amhras i seasamh O Farrell sa bhliain 2004 nuair a foilsíodh an leabhar, Sounds Irish: The Irish Language in Australia, a scríobh an Dr.
an meas a bhí acu ar the high regard in which they held
" Léiríonn na míreanna raice a scagann sé an dóigh ar lean dreamanna áirithe in áiteanna éagsúla an stáit ag labhairt na teanga agus an meas a bhí acu ar an chultúr Ghaelach agus ar an teanga go sonrach.
go raibh meas mór ag was held in great esteem by
" Cailleadh go tobann é sa bhliain 2006 agus ba ríléir go raibh meas mór ag Smith agus Carlos air fós.
ag iasachtaithe sa tuaisceart held by borrowers in the north
" Tá luach na dtithe tite le 53 faoin chéad agus líon na dtithe a thógtar tite le 60 faoin chéad ó bhí 2006 ann agus tá fiacha €4 billiúin ag iasachtaithe sa tuaisceart ar NAMA.
Is mór agam I hold in high regard
" Is mór agam, mar is eol daoibh, an ficsean eolaíochta ach is breá liom scánnáin aicsean leis, go háirithe sa phictiúrlann ar an scáileán mór.
atá teanntaithe i ngeimhleacha which is held in the constraints
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.
i dtaca leis an dearcadh atá ag in regard to the view held
" Tá deighilt ghéar le sonrú i dtaca leis an dearcadh atá ag muintir na tíre ar na ceithearnaigh coille.
bhfuil meas acu orthu they hold them in esteem
" Is léir go n-aithníonn daoine eile ár saintréithe agus go bhfuil meas acu orthu.
Is mór ag lucht na polaiteolaíochta political scientists hold in high regard
" Is mór ag lucht na polaiteolaíochta an dá nós, *anarchy* agus *chaos* a dhealú lena chéile.
a raibh an-mheas a’m air I held in high esteem
" Is fear é a raibh an-mheas a’m air.
faoi ghlas i gcarcracha Shasana held in English jails
" 1: 1968-1978* Ruan O Donnell, Irish Academic Press (2012) Leabhar thar a bheith tábhachtach is ea Special Category, leabhar toirtiúil úrnua a scrúdaíonn cad a tharla nuair a cuireadh os cionn 200 príosúnach Poblachtach faoi ghlas i gcarcracha Shasana le linn chéad chéim na dTrioblóidí.
do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga to how the general public hold the language in high esteem
" Tuigimid a thábhachtaí is atá feiceálacht na Gaeilge do ghradam agus do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga.
bhí meas acu ar chaid they held football in high regard
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
Ba mhór an meas a bhí aici ar she held in high regard
" (Ba mhór an meas a bhí aici ar Nally agus aige siúd droim ar ais, ó 1980-1990, agus is léir ó nótaí Moore gur labhair sé le Nally sula bhfuair sé bás go tobann i 2009).
ina nglaic acu holding (in their hands)
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
agus leanbh ina bhaclainn aige holding a child in his arms
" I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige.
Bhí meas agus ómós air dá réir he accordingly held in high esteem
" Bhí meas agus ómós air dá réir.
Tá meas agam ar I hold (R.) in high regard
" Tá meas agam ar Rónán, tá intinn ghéar aige agus tá sé tiomanta.
Tá meas ar are held in (high) esteem
" Tá meas ar roinnt de na comhlachtaí ‘Gaeilge’/físe seo cheana féin san imigéin.
bhfuil meas agam i gcónaí ar I still hold in good regard
" Is ceist do Shinn Féin é, an bhfuil an páirtí ag iarraidh a bheith i gcomhrialtas le Fianna Fáil le go dtarlóidh an rud céanna is atá tarlaithe don Lucht Oibre agus a tharla cheana do na Glasaigh? Mo Vóta ==== Thug mise mo chéad vóta don Lucht Oibre sna toghcháin áitiúla, mar go bhfuil meas agam i gcónaí ar an bpáirtí sin agus bhí iarrthóir den scoth ag seasamh don phairtí i gConamara, a dhéanfadh Comhairleoir Chontae den scoth.
dá mbeadh meas ag an Aire were the minister to hold in high regard
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
Meas bosca bruscair hold in the lowest esteem
" Meas bosca bruscair atá ag roinnt de thíortha na hEorpa agus Mheiriceá ar Chorn na hAfraice a deir Maidhc Ó Cathail.