Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhionsonraí na staire minor historical details
" Dá bhrí sin, bhí orm amharc ar mhionsonraí na staire i rith tréimhse nach raibh móran eolais agam fúithi roimhe sin.
áiméar stairiúil historical opportunity
" Tchí Dia an UUP mar nár ghlac siad leis an áiméar stairiúil na buanna a thug Comhaontú Aoine an Chéasta dóibh a dhíol lena muintir féin.
fhianaise stairiúil historical evidence
" "Níl aon fhianaise stairiúil ann gur thug Michael Collins cuairt riamh ar Nua-Eabhrac," a scríobhann Dermot McEvoy i mbrollach a úrscéil nua, *Terrible Angel*.
taispeántas stairiúil historical exhibit
" Ach in ainneoin gur teach ón naoú haois déag gona fheisteas go léir atá i gceist, is taispeántas stairiúil de chuid an 21ú haois amach is amach é.
taifead stairiúil historical record
" Cé go bhfuil iarsmaí seandálaíochta fágtha ar an oileán, níl aon taifead stairiúil againn de bhuanchónaí ar Árainn Mhór go dtí 1641.
taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla artistic treasures and historical monuments
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair historical, cultural and economic questions
" Ardaíonn an fógra a rinneadh le déanaí go bhfuil breis is fiche scoil Chaitliceach i gCathair Nua-Eabhrac le dúnadh nó le nascadh go leor ceisteanna stairiúla, cultúrtha agus geilleagair.
athrú stairiúil historical change
" Measann Feeney gur athrú stairiúil eile é seo do na poblachtánaigh.
phearsa stairiúil historical figure
" ” San agallamh céanna, lean Clooney, ar duine é a mbíonn na meáin ag déanamh béal bán leis féin de ghnáth, ag lústar le JFK naofa, agus dúirt gurb é Kennedy an phearsa stairiúil, thar aon duine eile, ba mhaith leis a chur faoi agallamh.
chúlra stairiúil Ollanach Dutch historical background
" In 1804, cuireadh tús le Cumann Staire Nua-Eabhrac agus b’fhéidir mar gheall ar an chúlra stairiúil Ollanach a bhí ag Nua-Eabhrac, ghlac an cumann le Naomh Nioclás mar phatrún.
léargas stairiúil historical insight
" Rinne Nast a chuid léaráidí le linn Chogadh Chathartha na Stát Aontaithe agus tugann cuid dá shaothar léargas stairiúil chomh maith le ceann séasúrach dúinn ar chúrsaí ag an am.
cultacha stairiúla historical costumes
" Tá a lán buanna ag an fhoireann; is ceoltóir é Stefan, mar shampla, is bean fuála í Margaret, a dhéanann cultacha stairiúla agus is réalteolaí é Mike.
de Ghild Eorpach an Chomhraic Stairiúil of the European Historical Combat Guild
" ” Tá Mark agus Paul ina mbaill de Ghild Eorpach an Chomhraic Stairiúil, dream a bhíonn páirteach go minic in athachtú cathanna.
eachtraí staire historical events
" Bhí caint nach dtarlaíonn go minic ar eachtraí staire a raibh baint acu le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus b’fhéidir gur fhoghlaim cuid d’aos óg na tíre beagán faoina stair agus faoi ról CLG i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh le céad fiche éigin bliain anuas.
cuid de na pearsana stairiúla a Ghaelú. to Gaelicize some of the historical figures.
" Tá mé idir dhá chomhairle fosta faoin chinneadh a rinneadh cuid de na pearsana stairiúla a Ghaelú.
an cumann staire the historical society
" Scéalta ón stairFuair an cumann staire in Walton an t-eolas seo thíos ó lámhscríbhinn de chuid William Heaton Wakefield (1861-1936).
cúlra stairiúil na meán Gaeilge historical background of the Irish language media
" Pléann sé cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann sé cur síos ar na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachta – agus ní ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilge – á mbunú.
tréimhsí stairiúla éagsúla various historical periods
" Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
lá cothrom deich mbliana an lae ar tharla eachtra stairiúil in Éirinn. the ten year anniversary of the day on which an historical event happened in Ireland
" ******************************************* Dáta thar a bheith speisialta a bheas sa 10 Aibreán 2008, lá cothrom deich mbliana an lae ar tharla eachtra stairiúil in Éirinn.
cathair stairiúil historical city
" Ba bheag Éireannach a bhí ar an eitleán in aon chor! Is fada an lá ó bhí mé i gcathair a bhí úrnua dom, gan trácht ar chathair nár thuig mé oiread is focal amháin den teanga a labhraítear inti; teanga nach raibh mé in ann fiú buille faoi thuairim a thabhairt mar gheall ar a foghraíocht! Tá cathair stairiúil Craców lonnaithe i ndeisceart na Polainne, agus téann a stair siar go dtí an seachtú haois.
athbhreith na staire historical revisionist
" Lucht na ‘Staire mar dhea’ Ba iad lucht athbhreith na staire an tríú cuid den tré Éireannach a bhíodh in adharca a chéile le Breandán.
leitheadais na staire historical self-importance
" Tá mórán daoine den bharúil go mbeadh cuairt ó Bhanríon Shasana ina comhartha cinnte go bhfuil deireadh go deo le gortaithe agus leitheadais na staire, agus nach loitfidh siad riamh arís an gaol idir an dá oileán.
stairiúil historical
" Mar chéad chéim ar an eachtra aisteach stairiúil seo, tá Banríon na Breataine chun cuairt a thabhairt ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.
ó thaobh na staire de from the historical point of view
" Bhí aicmí eile in Éirinn agus ar tugadh neamhaird orthu freisin, ar ndóigh, ó thaobh na staire de, an Lucht Siúil ina measc.
Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla Historical Enquiries Team
" Chuir sé iontas orm a fheargach is a bhí Ervine faoin HET (Foireann na bhFiosrúchán Stairiúla), a bhí ag déanamh leatroim ar pharamhílitigh dhílseacha.
scannán staire historical films
" CD 1: Ceol siansach na scannán staire Mise Éire, Saoirse? agus An Tine Bheo, chomh maith leis an gceol do roinnt gearrscannán.
Athchruthú na Staire historical recreation
" Athchruthú na Staire ======== Seachas sin, beidh an bád díreach mar a bhíodh siad 1000 bliana ó shin.
gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha movement and cultural historical changes gcultúr ceannais leading cultures
" Rinne an saineolaí Corcaíoch béaloidis Gearóid Ó Crualaoich scrúdú ar an dtraidisíun seo ina léacht Uí Chadhain i 1988, agus mhaígh “Is fearr is dóigh liom a thuigfimís gluaiseacht agus claochluithe na staire cultúrtha againn féin i dtéarmaí seo na gcultúr ceannais agus na gcultúr íochtarach ná i dtéarmaí an rud dúchais Gaelach versus an nuashaol Bhéarla mar nach mbíonn cúrsaí dúchais agus cúrsaí an nuashaoil socair iontu féin ach iad ag malartú de réír mar atá comórtas ar cheannas, ar údarás agus ar ghradam.
Deiseanna stairiúla historical opportunities
" Deiseanna stairiúla iad seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun a chinntiú go gcuirfí reachtaíocht teangan i bhfóirstean dá fheidhm agus go gcuirfí bail cheart, sheasmach faoi na heagrais atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn.
fealsúnachta agus stairiúil ar leith a particular historical and philosophical (tradition)
" Ag Coimhthiú ===== Tagann cumhacht scripteanna Milch as traidisiún fealsúnachta agus stairiúil ar leith, an traidisiún sin a chuireann bearna idir imeachtaí an lae inniu agus imeachtaí ár sinsear.
conas an stair a chur ar an méar fhada how to delay the (feeling of) historical atmosphere
" Thug an drámadóir frith-Naitsíoch Bertholt Brecht Verfremdung (*‘making strange’*) ar an tseift seo, agus ní foláir nó gur fhoghlaim Milch óna chuid múinteoirí i Yale conas an stair a chur ar an méar fhada.
ní rud tirim, faisnéisiúil/stairiúil not some dull type of historical reportage
" Thar aon rud eile, ní rud tirim, faisnéisiúil/stairiúil a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh.
d’fheiniúlacht stairiúil na hÉireann to the historical Irish identity
" Higgins, mar gheall ar oidhreacht an Drochshaoil i Meiriceá le déanaí, agus rinne sé tagairtí freisin d’fheiniúlacht stairiúil na hÉireann agus don tsaorántacht.
an tsamhlaíocht stairiúil a spreagadh to encourage the historical imagination
" Labhair an tUachtarán mar gheall ar na seanriachtanais phoiblí: an dualgas a bhraitheann sé ócáidí ar leith a chomóradh, méid na rudaí a chuirtear fé chomóradh poiblí a leathnú, seans a thabhairt do gach aon traidisiún a chuid mórtais a fhógairt os ard, an tsamhlaíocht stairiúil a spreagadh, ceiliúradh agus comhbhrón a dhéanamh de shíor.
amhal dá mba fhíric na staire as though it were historical fact
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
oidhreacht staire historical heritage
" Meastar gur tháinig sé chun cinn le theacht na Críostaíochta in Éirinn leis an oidhreacht staire, chultúir, chreidimh, dhaonna a tháinig roimhe a chaomhnú.
Tábhacht agus laigeachtaí na staire the historical weaknesses and importance
" Cibé uair a chloisim an stairí eacnamaíochta Niall Ferguson ag caint os ard, tagann aiste cháiliúil Friedrich Neitzsche chun cuimhne, Vom Nutzen und Nachteil der Historie für das Leben (1872), ’sé sin “Tábhacht agus laigeachtaí na staire ó thaobh shaol an dhuine de”.
gur chur i gcéill an cineál sin obair staire that such use of historical study is a pretence
" Ba léir do Nietzsche gur chur i gcéill an cineál sin obair staire toisc ná féidir na tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh.
In áit naofa stairiúil atáim I’m in a historical and sacred place
" In áit naofa stairiúil atáim, áit a d’fhéadfadh bheith mar Mecca Los Irlandes ar an mór-roinn seo toisc gurb í Maranhao suíomh an chéad Lá Fhéile Phádraig i Meiriceá theas.
phearsain ró-oirmhinneacha na staire the over-revered historical characters
" Chuir Day-Lewis, Lee Jones agus Sally Field feoil bheo dhaonna ar phearsain ró-oirmhinneacha na staire.
cén bunús stairiúil what historical background
" Ceist amháin nár pléadh ar chor ar bith i rith na tréimhse sin ná cén bunús stairiúil a bhí leis an gcóras institiúideach sin a fuair greim docht ar aigne na hÉireann.
gnóthaí staire historical matters
" Bíonn an-ráchairt ar an ionad i measc na nGael agus lucht na staire araon de bharr go reáchtáiltear imeachtaí éagsúla ann go rialta a bhaineann le gnóthaí staire Gael-Astrálacha.
leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil to run the above mentioned historical events
" Thóg siad mainistir agus scoil chónaithe ann agus baintear feidhm as na foirgnimh sin leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil.
Cineál cuntas stairiúil a kind of historical account
" Cineál cuntas stairiúil den chaoi a maireann daoine atá ann,”ar sí.
Ní foinse stairiúil príomhúil an leabhar seo this book is not a primary historical source
" Ní foinse stairiúil príomhúil an leabhar seo do Schama, ach a mhalairt de scéal fiú.
Cúinsí staire historical reasons
" Dar fia, is ait an dream sinn, gan aon agó! Cúinsí staire ba mháthair don neamairt seo ar feadh i bhfad is dócha.
díospóireachtaí stairiúla historical debates
" Tagann díospóireachtaí stairiúla ar ghnéithe éagsúla den Uileloscadh chun solais ó am go chéile.
Léiríonn an clár stairiúil nua acu their new historical program shows
" Léiríonn an clár stairiúil nua acu, Ripper Street, an fiúntas sin atá fós le brath i smior an BBC.
stair na scannaíochta in historical cinematography
" Tá Cinecittà ar cheann de na háiteanna is suntasaí i stair na scannaíochta san Iodáil ach de dheasca easpa airgid agus fiacha troma, tá éiginnteacht ann anois maidir le todchaí an tsuímh stairiúil seo.
chomhthéacs stairiúil historical context
" Ba léargas ar chomhthéacs stairiúil na n-ealaíontóirí sin a bhí sa taispeántas ach anuas air sin, bhí an tionchar a d’imir a gcuid oidí orthu faoi chaibidil chomh maith, oidí a rinne iniúchadh ar na chéad samplaí den ghluaiseacht sin ar tugadh an Ciúbachas uirthi.
fhaillí stairiúil historical neglect
" Breathnófar siar ar chruinniú mullaigh Johannesburg mar fhaillí stairiúil ag am atá thar a bheith cinniúnach, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
ar chúlra stairiúil into the historical background
" San alt seo, tugann Brian Ó Broin léargas suimiúil dúinn ar chúlra stairiúil na heaglaise seo.