Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áiteanna stairiúla historic places
" Léiríonn roinnt acu áiteanna stairiúla i gcathair Chorcaí (baile dúchais John) agus tá cuid eile acu bunaithe ar phatrúin shiméadracha.
Gníomh stairiúil historic act
" Gníomh stairiúil a bheadh ansin, dar ndóigh, ach ní dóigh liom go dtarlóidh sin i mbliana.
gníomh stairiúil historic deed
" Rinne iománaithe Bhiorra gníomh stairiúil tré Chraobh Chlub na hÉireann a bhuachaint den cheathrú huair, éacht nach bhfuil déanta ag aon chlub eile in aon chontae eile, is cuma an bhfuil tú ag caint faoi Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Chorcaigh nó in aon chontae eile sa tír.
Comhaontú stairiúil Aoine an Chéasta the historic Good Friday Agreement
" Um an dtaca seo cúig bliana ó shin a síníodh Comhaontú stairiúil Aoine an Chéasta.
ócáid stairiúil historic occasion
" Ar an iomlán, meastar gur ghlac milliún go leith duine i 100 tír thart timpeall an domhain páirt san ócáid stairiúil sin, a d'eagraigh (www.
comhghéilleadh stairiúil historic compromise
" comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
an chomhghéilleadh stairiúil the historic compromise
" Chuir siad méid substaintiúil arm ó mhaith, ach deir siad nach ndéanfaidh siad a leithéid céanna arís go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil na haontachtaithe réidh leis "an chomhghéilleadh stairiúil" a dheánamh.
cúinsí stairiúla historic circumstances
" Leis an ghás a dhíol bheadh orthu é chur i bpíopaí chun an chósta sa tSile nó i bPeiriú, rud nár thaitin leis an daonra ar chor ar bith de thairbhe cúinsí stairiúla.
cúinsí stairiúla historic circumstances
" asp) Cuid 1 den alt anseo Is dócha go bhféadfaí an cheist a chur, cén fáth a bhfuil suim chomh mór sin ag na daoine anseo sa Ghaeilge, agus sna Ceiltigh go háirithe? Bhuel, de réir mar a thuigimse, tagann cúinsí stairiúla agus polaitiúla isteach sa scéal.
an léim stairiúil sin that historic leap
" Ba mhaith liom go dtabharfaí an léim stairiúil sin anois idir lear mór daoine a bheith ann a bhfuil Gaeilge acu agus pobal ceart féinaitheanta Gaeilge a bheith ann.
tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo this exceptional, historic project
" Labhair **Antaine Ó Faracháin** le hAntoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, faoin tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo.
scoilt stairiúil historic split
" Bhí an struchtúr bunaithe ar an scoilt stairiúil ó thuaidh le comhoibriú a chothú in áit na contrárthachta, ach le go bhfásfaidh "polaitíocht nádúrtha" is gá bogadh ar shiúl ón chóras sin atá bunaithe ar an seicteachas.
ag faire ar mhórócáid stairiúil eile watching another big historic occasion
" Is eagal liom go rabhamar ag faire ar mhórócáid stairiúil eile an mhí seo caite nuair a rinne Taoiseach de chuid na tíre seo díluacháil iomlán ar Chnoc na Teamhrach, ceanncheathrú thaoisigh uile Éireann ar feadh na mílte bliain agus láithreán seandálaíochta a bhfuil clú idirnáisiúnta air sa lá inniu.
leaganacha stairiúla historic versions
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
Céim thábhachtach stairiúil an important historic step
" Céim thábhachtach stairiúil do phobal na Gaeltachta atá san Ordú, dar liom, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil mé iontach bródúil as an pháirt a bhí agam féin agus ag an Bhrainse ann.
láthair stairiúil an historic site
" Sa chéad sraith, beidh taispeántas saothair úir dá gcuid le feiceáil i ndánlanna iontacha an *Instituto di Santa Maria della Pietà*, láthair stairiúil nach bhfuil rófhada ó Chearnóg Naomh Marcas sa Veinéis.
cheangail stairiúil historic link
" B’ionann sin agus tréas i súile lucht leanúna Man Utd mar, de bharr an “cheangail stairiúil” leis an tír seo, ceapadh go “seasfadh” McManus agus Magnier an fód ar son gnáthlucht leanúna Man United i gcoinne an “namhad” ón taobh amuigh.
fhoirgneamh stairiúil historic building
" Chuir sé mearbhall orm go raibh an rialtas sásta ligean d’fhoirgneamh stairiúil a mheallann turasóirí dul in olcas.
cor cinniúnach stairiúil a fateful historic point
" Mar a dúirt an tUasal Douthwaite: “Tá muid anois ag cor cinniúnach stairiúil i gcúrsaí daonna.
láithreán stairiúil historic sites
" I ndáiríre, níl mórán le feiceáil i Ljunljana ó thaobh láithreán stairiúil de, ach is cathair álainn í le siúl timpeall uirthi.
stairiúil historic
" Ba theacht le chéile stairiúil é agus thosaigh an bheirt acu ag obair ar shraith cartún dar teideal *Puss Gets the Boot *– cartúin a thug beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, Tom agus Jerry, chun beatha agus a bhain seacht nGradam Acadaimh do Hannah agus Barbera sna blianta a bhí le theacht.
i ndiaidh ár mbua stairiúil after our historic win
" Bhí muid féin ag féachaint chun cinn i ndiaidh ár mbua stairiúil agus ligeadh an tAthair Ó Murchú, a chorn agus na baintreacha i ndearmad.
saothar stairiúil historic work
"saothar stairiúil ann ach ní iarsmalann é.
de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, as a result of the long historic tie with Britain,
" ” **Idir dhá chultúr** Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil.
neart áiteanna stairiúla eile plenty of other historic places
"neart áiteanna stairiúla eile le feiceáil i gCill Rìmhinn.
imeachtaí staire historic events
" Cuireann Mac Uistín síos ar na heachtraí ba thábhachtaí i saol an Phiarsaigh; pléann le cuid de na hiaróga a bhain leis; tugann léargas gonta ar imeachtaí staire agus ar a chuid scríbhneoireachta agus an cur síos ar fad déanta go réidh.
chomh breac sin le láithreáin stairiúla, so full of historic sites,
" Déanann Éireannaigh dearmad uaireanta, agus ár dtír chomh breac sin le láithreáin stairiúla, chomh haisteach is atá sé do Mheiriceánaigh tithe agus bailte a fheiceáil atá níos sine ná cúpla céad bliain.
áiteanna stairiúla historic places
" Tá an cur síos a dhéanann sé ar cheantair an-tarraingteach; tugann sé eolas ar áiteanna stairiúla gan dul thar fóir leis agus tá an cur síos a dhéanann sé ar dhaoine mothálach gan a bheith maoithneach.
cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla to stick to cultural and historic subject-matter
" “Níor phéinteáil mé gunnadóirí riamh; rinne mé iarracht cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla i gcónaí,” a dúirt Ervine.
an láithreán stairiúil seo this historic site
" Bhí achan rún agam éirí go luath agus iarracht a dhéanamh an láithreán stairiúil seo a fheiceáil.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar this historic year will be remembered
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
stairiúil historic
" Bhí tús maith ag an bhfoireann rugbaí, ceart go leor, lena bua iontach stairiúil i gcoinne fhoireann Shasana i bPáirc an Chrócaigh i mí Feabhra.
am na cinniúna the historic moment
" Bíonn ceannaire mór de dhíth in am na cinniúna, duine a bhfuil fís aige, duine a mhothaíonn an ghaoth stairiúil, duine a ghlacfaidh leis an dúshlán mhór mar ghlaoch ó na déithe, duine atá sásta a thodhchaí féin, uaireanta a bheatha féin, a chur i mbaol mhór, agus duine a bhfuil cumas cumarsáide den scoth aige.
stairiúil historic
" Is áit stairiúil, thábhachtach í seo do lucht siúil sléibhe, mar anseo sa Peak District i 1931, bunaíodh The Ramblers Association agus rinneadh treaspás ollmhór ar Kinder Scout i Mí Aibreáin 1932.
stairiúil historic
" Bhuaigh Tír Eoghain ar Ard Mhacha i gcraobhchomórtas peile Uladh, agus bhí bua éasca ag iománaithe na Gaillimhe ar Laois i gcluiche stairiúil i gcraobhchomórtas Laighean.
lonnaíocht stairiúil historic ownership
" Dar leis an Ard-Chúirt, níor chóir don dlí úinéireacht talún a aithint mura mbíonn i gceist ach úinéireacht bunaithe ar chearta cultúrtha nó ar lonnaíocht stairiúil.
stairiúil historic
" Deis stairiúil atá ann tabhairt faoin obair seo ar bhealach comhtháite agus struchtúrtha.
cuntais staire historic accounts
" Beidh sé breactha sna cuntais staire go deo gur bhuaigh Contae na Mí ar chontae Lú i gcluiche ceannais peile Laighean 2010 leis an scór 1-12 i gcoinne 1-10.
deis stairiúil historic opportunity
" “Próiseas fada a bhí ann ach ag a dheireadh, beidh straitéis láidir againn agus Rialtas atá lándáiríre faoin deis stairiúil seo a thapú chun a chinntiú go mbeidh rath ar an teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di amach anseo.
gné staire historic aspect
" "Tá gné staire ag baint leis an Éireannach a ghabháil ar fiannas in Arm Shasana.
stairiúil historic
" Mar sin, thosaigh mé ag siúl taobh thoir de chathair Preston, ag áit stairiúil, Halla Cuerdale, atá cúpla céad slat ón Ribble.
ionad staire of a historic place
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
stairiúil historic
" Nuair a amharctar ar an chéim síos a fuair Fianna Fáil, b’iontach agus ba stairiúil an toghchán é.
Stairiúil historic
" Toghchán Stairiúil ========= Má théann an Lucht Oibre isteach sa bhfreasúra agus cúrsaí rialtais a fhágaint faoi Fhine Gael, athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo: Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa.
stairiúil historic
" D'imigh sin agus Tháinig seo le Séamas Mac Seáin ========================== Scéal stairiúil.
Stairiúil historic
" Toghchán Stairiúil ========= Ní athrófar an patrún polaitíochta atá againn sa tír seo, is é sin, Fianna Fáil ag malartú cumhachta ó am go ham le Fine Gael/An Lucht Oibre agus Fianna Fáil ag filleadh tar éis sosa, mar gheall go ndeachaigh an Lucht Oibre isteach sa gcomhrialtas seo.
gciapadh stairiúil historic torment
" Taidhleoir eile ab ea Foucault, taidhleoir an dhíomá, nó saineolaí ar an gcliseadh agus ar an gciapadh stairiúil fiú.
neart nasc stairiúil plenty of historic links
" Le beagnach dhá chéad bliain anuas, tá neart nasc stairiúil cruthaithe idir an tír seo agus Victoria, cúige in oirdheisceart na hAstráile, ó chúrsaí imirce go cúrsaí polaitíochta: chaith Charles Gavan Duffy (1816-1903), duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta “Éire Óg” seal mar Phríomh-Aire Victoria fiú.
slámanna staire historic excerpts
" I ndeireadh an lae, sin atá i Sunday Miscellany chomh maith, gur míreanna eolais atá i gceist, slámanna staire, sleachta dialainne, gach aon chineál scríbhneora, polaitíocht le ‘p’ beag, is dóigh agus taisteal, gach aon chineál ruda.
dílseachtaí éagsúla stairiúla various historic loyalties
" Níor mhiste diancheistniú a dhéanamh ar an dtuiscint traidisiúnta atá againn ar ár bhféiniúlacht mar náisiún i gcomhthéacs an gá atá le féiniúlacht oscailte nua-aimsireach a fhorbairt, lena mbeadh daoine le dílseachtaí éagsúla stairiúla in ann glacadh leis agus áit na Gaeilge a aimsiú sa bhféiniúlacht nua náisiúnta.
réadúlacht stairiúil historic reality
" Tá an chumhacht chéanna ag baint leis an Chúnant i measc Aontachtaithe inniu is atá ag Forógra na Poblachta i measc Náisiúnaithe, mar sin, cad é mar is féidir réadúlacht stairiúil an Chúnaint ina chomhthéacsanna éagsúla a cheiliúradh i 2012 ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar Aontachtaithe cionn is nach n-aithníonn sé an chrógacht agus an mórtas cine a bhí ina measc agus nach gcuirfidh isteach ar Náisiúnaithe cionn is nach n-aithneofar an seicteachas agus an bhagairt fholaithe foréigin atá ann? Bunaíodh an bhuíon pharaimíleatach na *Ulster Volunteers/Ulster Volunteer Force* ag an am seo le troid in éadan Riail Dúchais - bhíodh na hAontachtaithe go minic ag beartú foréigin sular smaoinigh Náisiúnaithe air - agus ba é an UVF - mar an 36th (Ulster) Division - a throid ag sléacht an Somme i mí Iúil 1916.
deis stairiúil historic opportunity
" Ach tá deis stairiúil ann anois Seanad Éireann a leasú seachas a scor.
foinsí stairiúla traidisiúnta traditional historic sources
" Ina leabhar breá, The Great War and Modern Memory, do cháin Paul Fussell na foinsí stairiúla traidisiúnta a d’úsáidtí de ghnáth chun uafás an Chogaidh Mhóir a scagadh; nuachtáin, díospóireachtaí parlaiminte, dialanna pearsanta, litreacha dar cuireadh abhaile ón gcath.
seanléachtaí staire old historic lectures
" Tagann na híomhánna liteartha agus na seanléachtaí staire aniar aduaidh orainn ina slaoda i mBirdsong agus ifreann na Fraince idir 1914-1918 á shamhlú ag Faulks, ach níor thit an leabhar isteach i ndol Fussell.
as conspóidí stairiúla from historic conflicts
" De réir an chreathlaigh chéanna, tagann an fhéiniúlacht ón stair, tagann luachanna an tsaoránachais as conspóidí stairiúla, agus dá bhféadfaí an réimse stairiúil a leathnú, thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta.
an réimse stairiúil the historic realm
" De réir an chreathlaigh chéanna, tagann an fhéiniúlacht ón stair, tagann luachanna an tsaoránachais as conspóidí stairiúla, agus dá bhféadfaí an réimse stairiúil a leathnú, thabharfaí borradh ar leith don intleacht náisiúnta.
Teagmhas Stairiúil an historic occasion
" Teagmhas Stairiúil ========= Dé Céadaoin, chroith Eilís II lámh le Martin McGuinness, LeasChéad Aire ó thuaidh agus iarcheannaire an IRA, in Amharclann an Lyric i mBéal Feirste.
saoi stairiúil a sage of historic import
" Scríbhneoir, saoi stairiúil agus fear na scannánaíochta mar aon leis na teilifíse ab ea Vidal tar éis dó éalú ón Airm Mheiriceá i 1945.
stairiúil historic
" Sao Luís ainm príomhchathair an stáit agus is cathair álainn stairiúil í.
Deis Stairiúil a historic opportunity
" Deis Stairiúil ===== Anuas ar sin, is beag athrú a d'eascair as beartais dá leithéid san am a chuaigh thart.
suíomhanna stairiúla historic sites
" Aithnítear an tábhacht a bhaineann le slándáil séadchomharthaí agus suíomhanna stairiúla, cosúil le Droichead an Rialto, ach nuair atá cistí poiblí faoi ionsaí, caithfidh an maoiniú teacht ó fhoinse éigin eile.
an iniúchadh stairiúil the historic investigation
" Eisean a chur tús leis an iniúchadh stairiúil ar fhoclóir ait de Valera trí mheán an “primacy of form” aige siúd.
an chur chuige stairiúil sin of that historic approach
" Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha.
chúinsí staire a spreag historic reasons were behind
" Maíodh gur chúinsí staire a spreag an taobhachtáil sin.
Léiríonn na cáipéisí staire historic documents show
" Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin.
iontach stairiúil very historic
" Is iontach go deo an onóir é, is iontach go deo an deis é, tá tú istigh in áit ársa, iontach stairiúil a bhfuil go leor taibhsí ag imeacht thart ann.
bíodh is gur dall ar na cúiseanna stairiúla although people are unaware of the historic reasons
" Ach bíodh is gur dall ar na cúiseanna stairiúla leis an inimirce atá an chuid is mó de Mheiriceánaigh, tá gach seans gur gearr go dtiocfaidh athrú ar an scéal.
meascán stairiúil a historic mix
" Sraith daoine i ndáiríre, meascán stairiúil de Phádraig Mac Piarais agus James Connolly.
de bharr na staire for historic reasons
" “Sílim go bhfuil sin ionainn mar dhream de bharr na staire, de bharr rudaí a thit amach siar sna blianta.
an tarna tréith stairiúil the second historic trait
" An Insint Leanúnach ========= Ó thaobh an tarna tréith stairiúil ansin a luadh ar barr, ‘insint leanúnach’, ní gá aon chomhairle a chur ar Schama anseo.
mhionlach stairiúil a historic minority
" Cuireann sé béim ar théamaí uilíocha le linn na hinsinte: crógacht na nGiúdach mar mhionlach stairiúil, tábhacht na bhfocal ina saol ó fhoilsiú an Tórah go dtí Díospóireacht Barcelona i 1263 idir Giúdaigh agus Críostaithe na Spáinne, agus an fhéinmhuinín eitneach ársa sin a léiríodh go glinn glé i leabhair nua-aimseartha Theodor Herzl.
ceangail stairiúla trádála historic trade ties
" Tá sí ina áit mhaith, agus tá ceangail stairiúla trádála agus tráchta aici.
staid stairiúil historic stadium
" Ag an staid stairiúil Deepdale, baile Preston North End, a bhí sé.
an staid stairiúil the historic stadium
" Bhí siad ar an fhoireann sacair chéanna i Runcorn, Cheshire, agus bhí suim acu an staid stairiúil Deepdale a fheiceáil chomh maith leis an iarsmalann féin.
fhoirgneamh stairiúil historic building
" Bhí rí rá san fhoirgneamh stairiúil – agus ruaille buaille chomh maith – nuair a tháinig Liam isteach sa halla agus Gardaí Síochána ar achan taobh de: beirt roimhe, beirt ina dhiaidh agus beirt ar achan taobh de.
maidir le todchaí an tsuímh stairiúil seo in regard to the future of this historic site
" Tá Cinecittà ar cheann de na háiteanna is suntasaí i stair na scannaíochta san Iodáil ach de dheasca easpa airgid agus fiacha troma, tá éiginnteacht ann anois maidir le todchaí an tsuímh stairiúil seo.
Ar a chamchuairt stairiúil on his historic visit
" Ar a chamchuairt stairiúil ar an Bhreatain Mhór i mí Aibreáin, labhair Uachtarán na hÉireann, Mícheál D.
fhoinsí stairiúla historic sources
" B’é Jackson an breitheamh a thug rabhadh dá chomhghleacaithe gan an iomad béime a chur ar fhoinsí stairiúla agus brí na bhforálacha éagsúla á lorg ag glúin eile.
bunús stairiúil agus tíreolaíoch a historic and geographic basis
"bunús stairiúil agus tíreolaíoch leis ceart go leor: tógadh na heastáit sin ar thalamh le aitheantas Ghaeltachta ó 1956, nuair nach raibh ach 500 duine ina gcónaí sa gceantar agus Gaeilge ar a dtoil ag a mórfhormhór.
i seanfhoirgneamh stairiúil in an historic old building
" Déanann Natasha Evans cur síos ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath, scoil atá lonnaithe i seanfhoirgneamh stairiúil a bhfuil droch-chaoi air agus ar gá leathmhilliún euro a chaitheamh chun bail a chur air.
shocrú stairiúil historic agreement
" Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.
roinnt láithreán stairiúil some historic sites
" Thug Liz Curtis cuairt ar roinnt láithreán stairiúil thar a bheith spéisiúil in iardheisceart na Breataine Bige le gairid.
ráiteas stairiúil historic statement
" Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann leis an ráiteas stairiúil a d’eisigh an IRA ag deireadh na míosa seo caite.
imeachtaí stairiúla Pháirc an Chrócaigh the historic events of Croke Park
" Féachann Colm Mac Séalaigh ar imeachtaí stairiúla Pháirc an Chrócaigh an mhí seo caite.
dorchlaí stairiúla historic corridors
" Shiúil Breandán de Gallaí dorchlaí stairiúla Sid Vicious, Nancy Spungeon bhocht agus Jimi Hendrix agus luigh le taibhsí cáiliúla eile i seanóstán i Nua-Eabhrac ar na mallaibh.
stairiúil historic
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre.
stairiúla historic
" Tá bunú an Lucht Oibre mar pháirtí nua polaitíochta, ar ceann de na ócáidí stairiúla a bheas le comóradh.
chás stairiúil dlí a reáchtáladh a historic legal case which was processed
" Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.