"
Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais.
Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
Is í a ngnáthaonaracht a thugann slánú agus iomlánú don mbeirt, agus tré chumhacht shlánaithe na healaíne, slánaítear sinne - an lucht féachana - ar deireadh.
Tá trí saintréithe Ken Loach soiléir san obair seo - cumhacht shlánaithe bhean mhaith oibre (Lily), cumhacht shlánaithe na finscéalaíochta (Cantona), agus cumhacht shlánáithe meitheal na gcarad san obair, fiú nuair is gá an dlí a shárú chun an rud ceart a dhéanamh in éadan na bullaíochta sráide.
Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).