Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag breith ar having an effect on
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
ag breith ar having an effect on
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
chaitheamair díriú air we had to focus/concentrate on it
" Ach is mó i bhfad é an chéad mhargadh, agus chun a bheith praiticiúil gnóthúil, chaitheamair díriú air.
a chuaigh i bhfeidhm air who had an influence on him
" Duine de na bráithre ar chuir Mícheál aithne mhaith air agus a chuaigh i bhfeidhm air ná an Bráthair Jack Beausang.
is mó chuaigh i gcion orm which had the most impact on me
" Ach is stíl fhidléireachta iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin.
ag cur as dó go fóill having an effect on him still
" Labhair sé siúd óna chroí amach fosta agus tá na heachtraí seo ag cur as dó go fóill.
nuair a bhí deireadh dúile bainte dó when she had given up totally on him
" Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo.
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht after he had turned his back on architecture
" As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig sé chun cinn ar dtús sna seachtóidí i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh sé ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht.
ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra a lot of people have to rely on a dictionary
" Tá a shaothar dúshlánach, go háirithe ó thaobh na teanga de, agus ní mór do go leor daoine dul i dtuilleamaí an fhoclóra agus iad á léamh.
dul i bhfeidhm ar dhaoine eile sa rialtas to have an impact on other people in the government
" " Deir sé go bhfuil meas aige ar an Aire na Gaeltachta Éamonn Ó Cuív ach gur dóigh leis nach n-éiríonn leis dul i bhfeidhm ar dhaoine eile sa rialtas ó thaobh na Gaeilge de.
dírímis ar an neart atá ag an teanga let us focus on the strength the language has
" Tá an Ghaeilge láidir agus lag ach dírímis ar an neart atá ag an teanga.
ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige depending on how bad the foul that he had committed was
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine who had a great impact on a lot of people
" Ba léir, ón dóigh ar labhair sí mar gheall ar Mhícheál, gur fear faoi leith a bhí ann a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine.
gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol. that the experience they had on television ruined their lives.
" Creideann an dream seo gur scrios an taithí a bhí acu ar an teilifís a saol.
bhí go leor ábhair machnaimh agam. I had plenty to reflect on.
" Agus mé i mbun an turais fhada abhaile, tríd an teas agus an t-allas i Singapore, bhí go leor ábhair machnaimh agam.
a bhfuil greim aige orm, which has a hold on me,
" Cé go mbeidh mé ag fágáil na hÉireann arís gan mhoill, ag freagairt ghlao na hAfraice, mór-roinn a bhfuil greim aige orm, caithfidh mé a rá nach bhfuil aon leaba mar do leaba féin! Deireadh na sraithe Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin.
bhí greim ag an amhránaíocht orm! singing had a hold on me!
" Ón lá sin amach bhí greim ag an amhránaíocht orm! I ndáiríre, is dóigh liom gur blianta tábhachtacha iad na blianta a chaithimid sa bhunscoil agus bhí an t-ádh liom go raibh múinteoir ann a chonaic an bua a bhí agam agus chabhraigh sé sin go mór.
ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin. I didn't have to depend entirely on translation services.
" De bharr gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin.
toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; because Britain had a big impact on both countries;
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu on the policy which they had implemented
" “Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin, ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.
Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins the play had a big impact on Collins
" Chuaigh an dráma go mór i bhfeidhm ar Collins nuair a chonaic sé é sa Tricycle ar Kilburn High Road agus thosaigh sé ag iarraidh na cearta a cheannach ón scríbhneoir le scannán a dhéanamh de.
Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, On top of all the problems which Aherns has in the Dáil,
" Anuas ar na fadhbanna uilig atá ag Ahern sa Dáil, tá sé truamhéalach anois go bhfuiltear ag déanamh ceap magaidh de.
gur mian liom oibriú ar phort atá aige, that I want to work on a tune he has,
" Deirim leis gur mian liom oibriú ar phort atá aige, atá go hiontach dar liomsa, agus a gcloisim an saghas tionlacain atá ar "Come Together" leis na Beatles taobh thiar de.
a bhfuil cnaipí uirthi. which has buttons on it
" Agus is breá liom an Nycelharrpa, fidil Shualannach a bhfuil cnaipí uirthi.
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, it is difficult not to have an affection for Myers on a personal level
" Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí.
Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, anything I would have said would have been on the front pages
" Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, mar sin choinnigh mé mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha.
a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: which had a big effect on me
" ” Dúirt sí rud eile a chuaigh i bhfeidhm orm go mór: “Thaitin sé liom, fiú amháin, an scéal a insint an uair seo toisc nach raibh i láthair ach tú féin.
Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí Seán had a big impact on his learners and his fellow students
" Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí agus cronófar gó mór é.
go raibh go leor idir lámha aige. he had alot going on
" Ba léir go raibh go leor idir lámha aige.
dul i bhfeidhm ar an phobal to have an impact on the public
" Tá teipthe orthu dul i bhfeidhm ar an phobal ar an cheist áirithe seo go dtí seo.
a bhí orm sciáil síos fána liom féin I had to ski down a slope on my own
" Chuir sé i gcuimhne domh an t-am sin a bhí orm sciáil síos fána liom féin sa dóigh is go dtiocfadh leis na teagascóirí a mheas cé chomh *shite *agus a bhí mé.
tionchar a imirt ar (to) have influence on
" " Níl aon amhras ar athair Rahm Emanuel ach oiread go mbeidh a mhac in ann tionchar a imirt ar pholasaí Uachtarán Obama i leith an Mheánoirthir a bheadh ar leas Iosrael.
tionchar ar leith (had) a particular influence (on)
" Cén aicme nó cén roinn den cheol traidisiúnta a rangfadh sí Dervish mar sin? Bhí tionchair éagsúla ar an ngrúpa Dervish, ach d’imir leithéidí Planxty agus an Bothy Band tionchar ar leith orthu a deir sí.
chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi had a great effect on her
" ” Labhair Cathy píosa maith faoin scannán seo, ceann a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi, is cinnte.
imreofar ort shall have an effect on you
" Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol.
tionchar a imirt ar have an effect on
" Bhí barúil an Dr O Malley ag teacht sna sála ar cholún a bhí ag an iar-Thaoiseach, Garret Fitzgerald, san *Irish Times* inar nocht sé an tuairim gur cheart don Chomhaontas Glas tionchar a imirt ar an rialtas le stop a chur le caiteacha peannaideach na n-eagraíochtaí stáit ar chúrsaí teangan.
sinn bogtha ar aghaidh we have moved on
" Ach 'crannóg' bheo, ghníomhach ár linne féin a bhí anseo - fiú agus sinn bogtha ar aghaidh go dtí an t-aonú haois is fiche.
imríonn sé ar it has on
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
ar a bhfuil bainte amach on what has been achieved
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
chuaigh i bhfeidhm ort had an effect on you
" An Chéad Oiliúint ========== **SMM: Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort le linn d’óige i nGaeltacht Dhún na nGall?** DMFh: Is dócha, cosúil le gach duine, mo theaghlach féin, mo mhuintir féin agus bhí seanaintín ina cónaí sa teach linn – bhí sí mar a bheadh seanmháthair againn ann – agus chuaigh sí sin i bhfeidhm go mór orainn, Máire Mhicí Nic Fhionnlaoich.
Ní gá brath ar one doesn’t have to depend on
" Ní gá brath ar aineolaithe na mórmhéan a thuilleadh.
tionchar a imirt ar to have an effect on
" An Lucht Oibre sa gComhrialtas ================ Tá teipthe go tubaisteach ar an Lucht Oibre tionchar a imirt ar an gcomhrialtas.
fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air a notice which has ‘Warning’ on it
" Ansin, áfach, ag fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010), téann na cipíní soir ó thuaidh, i dtreo Dhíseart Aoidh Mhic Bhricne.
tionchar a d’imir na Gaeil ar influence the Irish had on
" Ní hionadh é mar sin go bhfuil spéis ar leith ag lucht staire na tíre sa tionchar a d’imir na Gaeil ar shaíocht na hAstráile.
tionchar mór a imirt ar have a big effect on
" Is é brí an scéil, gur féidir le duine amháin tionchar mór a imirt ar gach éinne thart air.
a bhfuil sraith muilte ar a bharr which has a series of turbines on its summit
" Tá siad ann, go fiú, a shíleann gur áille fós an cnoc a bhfuil sraith muilte ar a bharr.
a mbeidh drochthionchair acu ar which shall have a bad effect on
" Tá súil agam féin go bhfeicfidh muid léirsithe eile de chuid na ndílseoirí ach iad ag iarraidh oideachais níos fearr, in éadan na ngiorruithe a mbeidh drochthionchair acu ar shaol na bProtastúnach is boichte, iad ag troid ar son na rudaí a sholáthróidh todhchaí níos fearr dá gcuid bpáistí.
go léir a dtionchair ar all (have) their effect on
" Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar the author has an anti-Irish bias going on
" ”* Is léir go bhfuil clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar, áfach, agus baineann an ghangaid d'údarás oibiachtúil an tsaothair, dar liom.
gcuirfidh sé lagar níos mó ar an nGaeilge it’ll have another detrimental effect on Irish
" Ach ar ndóigh, tá caoi eile thart ar seo, mar is léir, ach is é mo bhreithiúnas féin go gcuirfidh sé lagar níos mó ar an nGaeilge anseobh.
Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh no matter what take you have on the census
" Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh, is léir go mbeidh náisiúnaithe mar chuid den réiteach ó thuaidh.
an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos to have the proper operation on his leg
" Ós rud é nach acmhainn dó an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos, tá míchumas air a choinnigh i Maracó é, ag brath ar an déirc.
chaithfeadh sé seileog orm he would have spat on me
" “Dá dtiocfadh leis, chaithfeadh sé seileog orm,” arsa Linda.
ag brath ar an saineolas atá acub depending on the expert knowledge they have
" Tá daoine ann le tuairimí éagsúla nach dtagann ón saol polaitiúil de ghnáth, daoine a thugann an-léargas ó thaobh na gcúiseanna a thagann isteach, ag brath ar an saineolas atá acub.
gcaithfear na forais atá ar an oileán seo the institutions on this island have to be
" Cuid de na dreamanna a luaigh tú, tá cuid mhaith de na bunphrionsabail ag na daoine sin, ach feictear dúinn go gcaithfear na forais atá ar an oileán seo a úsáid leis an bhfeachtas sin a chur chun cinn.
le fáil ar an ngeall to be had on the bet
" De ghnáth bhí idir 13/1 agus 20/1 le fáil ar an ngeall, ag brath ar cé bhí in aghaidh a chéile.
a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo who had a sympathetic public and groups of civil rights people on their side
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
bhí ag cuairteanna teaghlaigh ar smaointeoireacht family visits had on thinking
" An Síofrú === Nithe suntasacha eile a chíorann O Donnell go beacht sa staidéar cuimsitheach seo is ea na teagmhálacha rialta a bhí ag cimí Poblachtacha le cimí Shasanacha, an tionchar a bhí ag cuairteanna teaghlaigh ar smaointeoireacht agus ar straitéisí frithimpiriúla na gcimí, cúrsaí oideachais sna carcracha agus an ní ar tugadh ghosting air, is é sin, dearcadh fhoireann na carcrach i dtaca le doiciméadú.
Bhí moladh aige faoi bhealaí eile he had advice on other ways
" ” Nua-Nós den Sean-Nós? ======= Bhí moladh aige faoi bhealaí eile leis an ealaín seo a chomóradh: “Ba cheart níos mó ardáin mhóra a thabhairt don sean-nós, nach bhfuil bunaithe ar chomórtas.
bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar that the Senate has placed some impediment on
" Cén fáth go gcaithfear deireadh a chur leis an Seanad le modh oibre na Dála a fheabhsú? Cén bac atá sa mbealach orthu nach féidir modh oibre na Dála a leasú ar aon chaoi, bíodh an Seanad ann nó as? Shílfeá ón gcaint seo go bhfuil croimnasc nó buarach curtha ag an Seanad ar na polaiteoirí sa Dáil, a gcuid gnaithí a dhéanamh i mbealach níos fearr! Bille na Gaeltachta 2012 sa Seanad ================ Nuair a bhí an Bille Gaeltachta 2012 ag dul tríd an Oireachtas bliain ó shin is sa Seanad a deineadh iniúchadh ceart ar an mBille.
beag beann ar cheist na hinscne having no bearing on gender
" Teitheann daoine áirithe óna dtíortha dúchais mar gheall ar thubaistí nádúrtha, beag beann ar cheist na hinscne.
bheith crochta ar an suíomh having being placed on the site
" Tar éis cúpla nóiméad dá chéad fhís a bheith crochta ar an suíomh bhí os cionn míle i ndiaidh amharc air.
raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo he had proof on these computers
" Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis.
ar bhua a bhí acu i gcoinne on a win they had against
" Bhí an tuairim sin bunaithe ar chur chuige na n-imreoirí san ullmhúchán agus ar bhua a bhí acu i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche dúshláin.
gach tuairim atá agat bunaithe ar every opinion you have based on
" Míním go minic do dhaoine nach ionann creideamh láidir a bheith ag duine agus a rá go bhfuil gach tuairim atá agat bunaithe ar an gcreideamh sin.
dorchadas teannadh isteach ort the dark (having) closed in on you
" Mura bhfuil tú cúramach, thig leis breith ort, do chur faoi smacht agus ní fheicfidh tú an an domhan taobh amuigh choíche arís i ndiaidh don dorchadas teannadh isteach ort.
d’imir Rudd díoltas ar R. had his revenge on
" Ní raibh aon iontas ar éinne, ámh, nuair a d’imir Rudd díoltas ar Gillard i mí an Mheithimh i mbliana lena phost mar Phríomh-Aire a athghabháil.
nach raibh aon tionchar leanúnach acu ar an tír they had no influence on the country
" Is annamh a bhí tagairtí sna leabhair scoile dóibh agus chuir cuid acu in iúl nach raibh aon tionchar leanúnach acu ar an tír.
Bhí an chúilfhéith i bhfad siar ar had his head screwed on
" Bhí an chúilfhéith i bhfad siar ar Mháirtín agus luigh an ráiteas le ciall ag an am, ach tá glúin tagtha ina dhiaidh a bhfuil an cultúr le bheith casta ina thráchtáil acu.
bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan we have such on this side of the sea
" Agus más féidir Gaeltacht a thabhairt ar an áit a bhfuil dhá theach Ghaelacha buailte lena chéile, ní bréag a rá go bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan.
dul i bhfeidhm ar having an effect on
" Na heaspaig a bhí in aghaidh Gaeilge éigeantach san Ollscoil nua, (a bhí á bunú do Chaitlicigh dar leo féin), bhog siad a seasamh tar éis an mhórshiúil agus sna míonna ina dhiaidh d’éirigh le Mac Néill agus de hÍde dul i bhfeidhm ar Sheanad an N.
a bhfuil cosc ag cuid acu fós ar chluichí gaelacha some of which still have a ban on Irish games
" Na coláistí galánta Caitliceacha, na scoileanna rugbaí más mian leat a bhfuil cosc ag cuid acu fós ar chluichí gaelacha, bhí orthu Gaeilge a mhúineadh do na daltaí, nó ní bhfaighfaidís isteach i UCD a thuilleadh! (Dála an scéil níor tugadh ariamh a dhóthain aitheantais do cheannaire an Pháirtí Náisiúnaigh, John Redmond, as an dtacaíocht tábhachtach a thug sé don fheachtas ag an am, nuair a bhí ceannairí náisiúnta móra eile, ar nós John Dillon, ag cur go láidir ina aghaidh.
gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht she had to be tied down on a mattress
" An rud is iontaí, duine amháin acu, i ndiaidh an ionsaí a raibh sé féin freagrach as, bhí sé ar ais sa bheairic leis an scairt gutháin éigeandála a fhail! Eisean a ghlac ráitis ó na híobartaigh! Ag seoladh an leabhair, bhris Ann Cadwallader síos agus í ag caint ar bhean a bhí chomh briste sin nuair a fuair sí amach gur scaoileadh a fear chéile gurbh éigean í a cheangal síos ar thocht san otharlann.
ar an údarás atá acu on the authority they have
" I gcás tíortha saibhre an Aontais Eorpaigh tá srianta suntasacha ar an údarás atá acu chun gluaiseacht daoine, earraí is capitil trasna teorainneacha laistigh den Aontas a rialú.
in ann rogha na ndaoine a áireamh leo able to reckon on having the people’s support
" Tiocfaidh an lá nach mbeidh an tANC in ann rogha na ndaoine a áireamh leo.
raibh tionchar mór ag an mbrú poiblí ar public pressure had a big influence on
" Is léir go raibh tionchar mór ag an mbrú poiblí ar Ford ó shin ar leith.
a bhí acu faoin ábhar which they had on the matter
" Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair ================= Ach dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta 88% de na cáipéisí a bhí acu faoin ábhar a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
ar dearadh íomhánna péinteáilte orthu which had painted images designed on them
" I gcás Kircher, ba scáthláin ghloine ar dearadh íomhánna péinteáilte orthu a d’úsáid sé an chéad lá riamh, na híomhánna gluaiste sin lonraithe le solas coinnle.
d'imir an teanga ar an saol mór the language had on the whole world
" Bíonn TG4 breac le cláracha faisnéise a mhaíonn faoin tionchar a d'imir an teanga ar an saol mór.
bíodh trua agat do phobal have pity on the people
" Á muise, bíodh trua agat do phobal Nua-Gheirsí, nach raibh acu ach rialtóirí conspóideacha le deich mbliana anuas.
tionchar a imirt ar to have an influence on
" Tá sé mar aidhm ag an AE tionchar a imirt ar a chomharsanacht ar mhaithe le cúrsaí trádála, cúrsaí síochána, agus, le bheith fírinneach, cúrsaí geopholaitíochta.
a bhfuil dá dhearcadh ar an gceist who have two views on the matter
" Dá réir agus de réir iad siúd a bhfuil dá dhearcadh ar an gceist, sroichfidh intleacht shaorga pointe, sách luath, ina mbeidh na meaisín níos cumhachtaí ná a gcruthaitheoirí.
mbeidh ball dubh ar anam a páiste her child shall have a black mark on its soul
" Má ghoideann sí, creidtear go mbeidh ball dubh ar anam a páiste.
a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas which have the responsibility for their protection placed on the gov.
" Tá ceantair chaomhnaithe timpeallachta leagtha amach cheana féin de bharr brú ón AE, a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas faoi láthair.
i bhfeidhm go mór air had a big effect on him
" Chuaigh an moladh i bhfeidhm go mór air agus dúirt sé liom go mb’fhéidir nach bhfuil duine san áit a thuigeann croí gach éinne ar an bhaile chomh maith is a thuigeann ‘amadán an bhaile’ iad.
leis an tóir atá aige ar going on the interest he has in
" Tá Colm ag obair i nGaillimh, agus an t-ádh leis gurb eisean an t-aon duine againn nár fhág ar an mbád bán – cé gur beag seans go dtarlóidh sé sin leis an tóir atá aige ar chúrsaí spóirt sa mbaile!Is léir gur theaghlach mór Gaeilge a bhí i muintir Uí Chuív ach, b’fhéidir go mbeadh róshimpliú i gceist anseo, ach is cosúíl go bhfuil daoine óga sa Ghaeltacht ag déanamh neamhairde ar an Ghaeilge ach ní sin mar a bhí Muireann.
an tionchar a d’imir a gcuid oidí orthu the influence which their teachers had on them
" Ba léargas ar chomhthéacs stairiúil na n-ealaíontóirí sin a bhí sa taispeántas ach anuas air sin, bhí an tionchar a d’imir a gcuid oidí orthu faoi chaibidil chomh maith, oidí a rinne iniúchadh ar na chéad samplaí den ghluaiseacht sin ar tugadh an Ciúbachas uirthi.
gan aon tionchar acu ar a riaradh while they would have no influence on its management
" Bheadh an punt acu mar airgeadra agus gan aon tionchar acu ar a riaradh.
Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge he’ll have his hand on the helm of the Irish language vessel
" Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir.
agus mná á stiúradh having women on the helm
" Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh.
tionchar níos buaine ort have a longer lasting influence on you
" An imríonn an mothú a fhaigheann tú ar líne tionchar níos buaine ort? Ó mo léamh féin, bhí torthaí na trialach éiginnte, ach níl amhras nach raibh an bealach a chuaigh an scéal i bhfeidhm ar thráchtairí ar líne.
nach luaithe ar an saol seo ná a himeacht as who is no sooner born than has passed on
" Is deise a rá mar sin, measaim, ná ‘marbhghin’ a thabhairt ar dhuine beag nach luaithe ar an saol seo ná a himeacht as.
i gcion orainn (had) an effect on us
" Bhíodh an ridire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rompu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nó aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuillfeadh oirirceas don té a dhéanfadh é…” Chuaigh na hidéil uaisle sin i gcion orainn go léir.
imir an teilifís, TG4, tionchar mór ar television had a tremendous influence on
" Bíonn thart ar thrí scór san iomaíocht anois faoi dhá bhliana déag d’aois! Sílim gur imir an teilifís, TG4, tionchar mór ar an bpobal an t-am sin, mar is é an chaoi gur pléasc an líon freastail ar fad in achar gairid blianta.
bhí cóir gaoithe leis he had the wind on his back
" Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
saíocht tíre eile i bhfeidhm ar another country’s culture (has) an effect on
" D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.
le deis faire ar to have a chance of keeping an eye on
" D'fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.