Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tabhairt amach bileog handing out flyers
" Bhí daoine ag tabhairt amach bileog ag achan uile choirnéal, ag fógairt ceolchoirmeacha.
á dháileadh being handed out
" An mhíochaine shearbh á dháileadh amach aige.
síneadh láimhe ba ghnás the usual hand out/ perk
" Fógraíodh ciorraithe breise ar ioncam, ar liúntaisí agus ar an síneadh láimhe ba ghnás do Theachtaí Dála, do Sheanadóirí agus do Airí Rialtais.
ag dáileadh handing out
" Ceann de na hiomainn is ansa leis na Polannaigh Nie bylo miejsca dla Ciebie, Ní raibh áit ann duitse, a Íosa, dúradh arís é oíche Nollag sa bpasáiste faoi thalamh san áit a raibh Comhairle na Cathrach ag dáileadh bia.
in ionad roinnt an eolais rather than (merely) handing out the info
" Ní hiad na bialanna is fearr amháin, ach cá bhfuil an tseirbhís is fearr ó thaobh clainne, atmaisféar, fáilte an úinéara in ionad roinnt an eolais ó thaobh an bhia amháin.
lámh an chairdis a shíneadh amach to reach out the hand of friendshop
" “Bhí sé de fhlaithiúlacht ag Coventry lámh an chairdis a shíneadh amach roimh a naimhde, nó, mar a scríobh an file cogaidh, Wilfred Owen: *“I am the enemy you killed, my friend,”* arsa Bean Mhic Róibín.
tá an lámh shantach sínte amach arís eile the greedy hand stuck out once again
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
dháileadh in aisce handing out free
" Wild Music from the Heart of Poland ab ainm don cheirnín a bhí siad a dháileadh in aisce agus cúig shampla fichead de cheol traidisiúnta na Polainne le cloisteáil air.
a shínfeas amach an lámh chúnta le fonn who willingly stretch out a helping hand
" Tuigimid anois gur féidir le cineáltas an choimhthígh do shaol iomlán a leasú agus go bhfuil daoine ar leith sa saol a shínfeas amach an lámh chúnta le fonn, gan choinne.
chun tuáille cistine a dháileadh amach to hand out kitchen towels
" com/) ann chun tuáille cistine a dháileadh amach.