Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
borradh growth
"borradh tagtha ar chúrsaí scríbhneoireachta chomh maith, go mór mhór i measc na mban.
borradh growth
" Tá sé beo bríomhar agus borradh faoi, an caimileon fealltach agus gránna seo.
borradh growth
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Glór na nGael? Léiríonn an fhorbairt atá tagtha ar na pobail a bhfuil an eagraíocht gníomhach iontu leis na blianta go soiléir go bhfuil borradh, an-éileamh agus suim méadaithe sa gcultúr agus sa teanga.
borradh growth, expansion
" Leis an mborradh mór sna meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, tá sé doiligh do scríbhneoirí agus do léitheoirí Gaeilge coimeád suas leis na hathruithe atá tagtha ar an saol.
borradh growth
" Thosaigh Tearmann ag tús an Charghais trí bliana ó shin agus tagann borradh iontach ar líon na gcuairteoirí gach Carghas.
ráta fáis growth rate
" Déanann na hinstitiúidí breithmheas infheistíochta bunaithe ar chritéir ar nós ioncaim agus ráta fáis.
fás geilleagrach economic growth
" Bhí siad araon ag iarraidh cánacha níos ísle, seirbhísí níos fearr, fás geilleagrach níos láidre, príobháidiú, níos mó beart frithchoireachta, agus polasaithe níos déine chun déileáil le hinimirce mhídhleathach.
bhorradh growth
" Borradh ======= Cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Céard tá taobh thiar den bhorradh seo le scór bliain sa CLG ar fud na tíre? Freagra simplí atá ar an gceist seo dar liom, is é sin, muintir na hÉireann! Gnáthchosmhuintir na tíre atá ag dul i mbun a saol sóisialta agus spórtúil féin gan beann ar rialtas ná Aontas Eorpach.
borradh expansion, growth
" Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s'acusan agus an SDLP? I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae.
borradh growth
"borradh ar shaol na Gaeilge: i mórán slite, is ina thosach atáimid, agus is breá an t-am é chun a bheith ag cruthú.
borradh growth
" Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé *Beo*, *Lá *nó *An Teanga Bheo*, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu.
fás as cuimse massive growth
" D'éirigh leis sin a dhéanamh fosta agus tá fás as cuimse tagtha ar Aer Árann, go háirithe le cúpla bliain anuas.
borradh growth
" Creidim féin, áfach, go bhfuil borradh in Aontroim faoi láthair agus go mbuafaidh siad Craobh Uladh.
borradh growth
" Cé go bhfuil borradh ar an mhéid daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig, go mór mhór sna bailte móra, tá an líon cainteoirí ag titim go fóill mar go bhfuil níos mó sean-Ghàidhligeoirí ag fáil bháis gach bliain.
fás ar bith ar bheir an siocán air any growth caught by the frost
" Choinnigh sí uirthi ag baint lustain agus ag gearradh siar fás ar bith ar bheir an siocán air.
fás orgánach organic growth
" Tá stíl shuntasach ag Iglesia agus úsáideann sí foinsí éagsúla mar an litríocht, an saol uirbeach agus fás orgánach chun timpeallachtaí a chruthú a bhaineann stangadh asat amanna agus a chuireann iontas ort in amanna eile.
borradh growth
" Ní áibhéil ar bith a bheadh ann a rá gurb é an borradh atá faoi TG4 ceann de na cúiseanna is mó mórtais atá ag lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
borradh growth
" Más rómhall a bhí leasú dhlíthe leabhail an stáit seo don iris *Magill*, d'fhéadfadh fós an leasú atá i ndán don stát borradh a chur faoin iriseoireacht fhiosraitheach, ach, chomh héasca céanna, d'fhéadfadh an chomhairle preas mar atá sí á beartú ag an rialtas a chinntiú nach bhfeicfí leithéidí *Magill* riamh arís.
an borradh mór geilleagrach the big economic growth
" Agus an borradh mór geilleagrach tráite go maith faoin am seo, áfach, ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin.
fás Shinn Féin the growth of Sinn Féin
" Creidim gurb é fás Shinn Féin a bheidh mar phríomhscéal ó thoghcháin 2004.
chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro to tackle the massive growth of Rio de Janeiro
" Bunaíodh príomhchathair riaracháin nua sa mBrasaíl chun dul i ngleic le hollfhás Rio de Janeiro.
borradh mór a big growth
" Ansin, le linn na nóchaidí, bhí saghas athbheochana ar siúl, is é sin tháinig borradh mór ar liricí Gearmánacha in athuair sa gcaoi is go raibh rapcheol, rac-cheol agus araile ar fáil as Gearmáinis.
borradh growth
" Ach de réir mar a tháinig borradh faoi chúrsaí neamhspleáchais, bhí scoilt ag teacht chun cinn i measc na ndaoine maidir leis an méid neamhspleáchais a bhí ag teastáil.
fhás growth
" Tá an ceart acu siúd a deir go léiríonn ionsaithe na bpáirtithe eile ar Shinn Féin eagla roimh fhás an pháirtí sa deisceart agus, dá réir, go bhfuil ag éirí le feachtas ghluaiseacht na poblachta.
borradh as cuimse a great growth
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
borradh growth
" Cuireann an borradh seo sa dúlra croí Bhalor, agus níos mó ná a chroí, ar crith.
a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe that would moderate the continuous growth in house prices
" Feicfear méadú cinnte ar an líon gnáth-thithe agus tithe sóisialta a thógfar sa stát seo sna blianta romhainn amach, ach is deacair a fheiceáil go bhfuil aon rud sna moltaí seo a mhaolódh an fás leanúnach ar phraghas tithe sa tír.
borradh growth
" AÓF: Agus an chláirseach, a Mhichíl, an bhfuil borradh faoin spéis san uirlis cheoil sin le blianta beaga anuas, an gceapann tú? Tá go leor cláirseoirí maithe ag teacht chun cinn anois, nach bhfuil? Cén fath? MÓR: Sna hochtóidí rinne Janet Harbison agus Máire Ní Chathasaigh a lán múinteoireachta agus bhí sé sin ina chuidiú mór.
borradh growth
"borradh faoin DUP faoi láthair i ndiaidh thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna anuraidh agus is iarrthóir cumasach é Allister.
fás as cuimse a lot of growth
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá fás as cuimse tagtha ar phobal na Gaeilge sa cheantar seo sna 20 bliain ó bunaíodh an Cumann.
bhfás maith good growth
" Bhuel, cuireadh ó dhoras mé arís, agus an bhliain ina dhiaidh sin, tuilleadh cainte, tuilleadh tosta, bliain eile agus bliain eile nó gur chnag mé lá, rug greim le mo dhá lámh ar an bhfás maith féasóige agus tharraing, tharraing an bastard amach, cic cic cic agus ruaig é, nó d'íoc é, sheinn port álainn dó - an t-uafás cleachtaidh déanta agam air le bliain nó dhó nó trí - a chuir faoi dhraíocht é, pé ar bith díobh é d'imigh sé leis, ag feadaíl.
le fás a thomhas to measure growth
" Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.
tionscadail eile ardfháis other large growth projects
" D'fhéadfaí lárionaid ghlaonna, agus tionscadail eile ardfháis, a oscailt i gConamara dá mba rud é go raibh an t-infrastrúchtúr ann chun tacú lena leithéid.
fhás growth
" Os a choinne sin, deir an NRA go bhfuil gá le bóthar nua idir an Uaimh agus Baile Átha Cliath le freastal ar an fhás atá tagtha ar dhaonra an cheantair sin.
ag spreagadh fhás na n-aerlínte encouraging the growth of the airlines
" Ach tá an rialtas ag spreagadh fhás na n-aerlínte faoi láthair - bhí an tAire Iompair, Tony McNulty, ag Aerfort Manchain ar na mallaibh le bealach aeir saor eile a oscailt.
borradh growth, blossoming
" "Ansin, i rith na seascaidí, tharla borradh faoin Ghaeilge ar ár dtaobhna den oileán.
borradh growth
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
bhorradh polaitiúil political growth
" Thiocfadh leat a rá gurb é an stailc ocrais a bhí mar thúsphointe leis an bhorradh polaitiúil a tháinig faoi Shinn Féin le scór bliain anuas.
borradh growth
" Bhí mé ceapaithe a bheith mar bhainisteoir faoi oiliúint ann ach obair innealtóireachta ar fad a bhí ar bun agam mar go raibh go leor obair thógála ar siúl ag Gaeltarra ag an am - bhí borradh ceart ag teacht faoi chruthú fostaíochta.
borradh growth
"borradh nach beag fán earnáil thar sáile de bharr an baol sláinte a bhaineann le saoirí gréine.
borradh growth
" Cuirfidh corrscannán de chuid Hollywood borradh faoin turasóireacht i gceantar ar feadh tréimhse - go dtí go ndéanfar scannán eile in áit éigin eile.
borradh growth
" Cén t-iontas, mar sin, go bhfuil borradh mór tagtha fosta ar an imní atá ar an phobal faoin bhaictéir? Is léir, mar shampla, go mbíonn níos mo imní ar othair áirithe faoi tholgadh an ghalair ná mar a bhíonn orthu dul faoin scian.
bhorradh growth
" Seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin ach géilleadh ar an cheist seo agus ar oirniú na mban, mar nach léir go dtiocfaidh aon bhorradh faoi líon na n-ábhar sagairt amach anseo.
borradh growth
" Na príomhchúiseanna nach bhfuil borradh faoin teileachomaitéireacht in Éirinn ná go bhfuil costais teileachumarsáide ard agus nach bhfuil fáil ag go leor daoine ar an leathanbhanda.
an fhás geilleagrach the economic growth
" “Gach rud mar is gnách” ======= Féachfaidh na rialtais leis an fhás geilleagrach a choimeád, agus ní dhéanfaidh siad mórán chun úsáid an fhuinnimh nó ár spleáchas ar an ola a ísliú.
bhorradh growth
" Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal.
a fás its growth
" Agus nuair ata an t-aos óg ar thaobh na teanga mar atá faoi láthair, ní féidir a fás a stopadh.
borradh growth
" borradh faoi Shinn Féin ======= Eagla roimh Shinn Féin is cionsiocair le go leor den mhí-éifeacht seo i mo thuairimse.
bhorradh growth
" De réir na teoirice seo, caithfimid dearmad a dhéanamh don choincheap gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na teanga agus aitheantas a thabhairt don bhorradh atá fán Ghaeilge sna cathracha agus sna bailte móra.
fás growth
" Mar sin, tá fás ag teacht ar an eagraíocht i gcónaí.
borradh growth
" Flash 8 Ceann de na rudaí atá tar éis an borradh agus fás sa réimse físe ar líne a luasghéarú ná bogearraí Flash 8 ón gcomhlacht Macromedia.
fás agus forbairt growth and development
" Ó 1930 i leith tá fás agus forbairt tagtha ar an bhféile, a tionóladh sé huaire déag go dtí seo, le briseadh amháin le linn an Dara Cogadh Domhanda.
ainneoin an fháis despite the growth
" Ní raibh aon fhreastal á dhéanamh ag na seirbhísí áitiúla raidió ar phobal na Gaeilge ainneoin an fháis a bhí tagtha i spéis an phobail i gcoitinne sa Ghaeilge agus san oideachas lán-Ghaeilge.
ar an bhorradh on the growth
" Ábhairín áibhéalach b’fhéidir, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe cuid mhór ar an bhorradh atá faoi thionscal na tógála sa tír le dornán blianta anuas.
borradh suntasach remarkable growth
" Thug an pobal bata agus bóthar dó in olltoghchán na bliana 1948, in ainneoin an borradh suntasach a chuir Fianna Fáil faoi thógáil thithe Bardais agus Chomhairle Chontae.
borradh faoin ngeilleagar growth in the economy
" Bhí borradh faoin ngeilleagar, é ag fás 4% in aghaidh na bliana.
agus ar an bhorradh a tháinig faoin gheilleagar and the growth that occured in the economy
" Cuimhneofar, áfach, ar an obair mhór a rinne sé ar son na síochána ó thuaidh agus ar an bhorradh a tháinig faoin gheilleagar le linn a sheala mar Thaoiseach.
ar fhás phoipíní an chodlaidín on the growth of opium poppies
" Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann.
an forás as cuimse the huge growth
" Arís eile, léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
borradh growth
" **borradh faoi na meáin** Níl mé ag séanadh gur iontach an rud é go bhfuil borradh faoi na meáin Ghaeilge agus go bhfuilimid ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.
fás growth
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
borradh growth
" Ba é an t-athrú ó TnaG go TG4 an rud is mó a chuir borradh fúinn, mar go ndearna sé cúpla rud.
a fhás mar dhuine his growth as a person
" Tá sé ag ceiliúradh na teanga, an chultúir, na daonnachta, a fhás mar dhuine agus, níos doimhne fós, a ghrá.
borradh mór big growth
" Chaith mé seal sna hAlpa san Iodáil i mí Mheán Fómhair, áit nach raibh mé le fada, agus bhí sé suimiúil an borradh mór atá faoin turasóireacht siúlóide ansin a fheiceáil agus comparáid a dhéanamh le cúrsaí in Éirinn.
fás chomh mór sin such a big growth
" ***AÓF: Cén fáth, meas tú, an bhfuil fás chomh mór sin tar éis teacht ar bhallraíocht na craoibhe thar na blianta? An mbaineann na ranganna ceoil a eagraíonn sibh leis seo, meas tú?*** TÓU: Tá baint nach beag leis an gcaoi a mbíonn na ranganna eagraithe leis an méadú seo, ceapaim.
fás geilleagrach economic growth
" Ar an 27 Deireadh Fómhair, tugadh le fios gur thit fás geilleagrach na Stát Aontaithe go dtí 1.
borradh suntasach significant growth
"borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas.
an fás seo this growth
"an fás seo ag tarlú ar fud an domhain, ach go háirithe sna tíortha i mbéal forbartha mar an tSín agus an Ind.
tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, one can see a growth in other aspects of the tradition,
" Ach tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, an ceol uirlise ach go háirithe.
an-bhorradh great growth
" “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.
borradh growth
" D’éirigh rudaí níos measa i lár na 1970í nuair a bhí borradh faoin National Front (NF) agus thosaigh siad ag déanamh ionsaí ar dhíoltóirí an *Socialist Worker*, ar an phríomhshráid, Church Street, maidin Dé Sathairn.
i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh in the growth and development of the Irish nation
" Bhí caint nach dtarlaíonn go minic ar eachtraí staire a raibh baint acu le Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus b’fhéidir gur fhoghlaim cuid d’aos óg na tíre beagán faoina stair agus faoi ról CLG i bhfás agus i bhforbairt an náisiúin Éireannaigh le céad fiche éigin bliain anuas.
fás na gaelscolaíochta, the growth of Irish-medium education,
" Má leanann fás na gaelscolaíochta, is dócha go mbeidh 50,000 dalta bunscoile ag fáil a n-oideachas i nGaeilge taobh istigh de chúig bliana.
fás agus forbairt growth and development
" Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
fás chomh mór sin such a big growth
" Tá na srianta imithe ó mhargadh aeriompair an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas: tá cead ag comhlacht as tír Eorpach amháin paisinéirí a eitilt idir dhá tír Eorpacha eile, cúis amháin go bhfuil fás chomh mór sin tagtha ar Ryanair sa tréimhse chéanna.
éabhlóid agus fás evolution and growth
"éabhlóid agus fás tagtha ar an gceol agus anois i mbliana tá amhránaí nua acu, Andrew Murray, a chaith tamall mar bhall den ghrúpa De Danann.
borradh as cuimse huge growth
" “Tá borradh as cuimse tagtha faoin earnáil neamhspleách léiriúcháin Ghaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas.
borradh as cuimse huge growth
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna to intensify the growth of the Gaelscoileanna
" Ina dhiaidh sin ar fad, níl an feachtas ach ina thús agus chuireamar romhainn £20m a bhailiú taobh istigh de dheich mbliana chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna ó thuaidh.
an borradh atá faoi na meáin úra the growth in the new media
" Pléitear an borradh atá faoi na meáin úra sa chaibidil seo, na féidearthachtaí atá iontu don phobal agus na dúshláin a thugann siad do na meáin mhóra.
borradh mór big growth
" Cé gur cuid de chathair Learphoill é Walton anois, ba bhaile ar leith é go dtí gur tháinig borradh mór faoin chathair sa 19ú haois.
na tréimhsí de bhorradh agus meathlú. the periods of growth and downturn.
" Sa deireadh, buíochas le Dia, d'éirigh na vótálaithe, iad siúd i lár Shasana fiú, breán de Voodoo Economics, agus na tréimhsí de bhorradh agus meathlú.
borradh ollmhór huge growth
" Ag tógáil an chomhlachta “céim ar chéim”, mar a deir sé féin, tá borradh ollmhór tagtha faoi Nemeton, faoi stiúir Mhic Mhurchú, ón uair a bunaíodh é.
borradh growth
" Nuair a tháinig borradh faoi thrádáil anseo, bhí easpa fostaíochta in Éirinn.
borradh growth
"borradh faoi chúrsaí ealaíon agus cultúrtha sa tír le dornán blianta anuas, rud a chuireann go mór le muinín na tíre ar ndóigh.
a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas having undergone unprecedented growth in the last number of years
" Maítear go bhfuil gá lena leithéid mar thoradh ar an tAontas Eorpach a bheith méadaithe as cuimse le dornán blianta anuas - tá 27 ballstát ann faoi láthair.
ag dul trí thréimhse fáis agus forbartha going through a period of growth and development
" Ach in ainneoin é a bheith ar an saol le fada (bhuel, sean-nós!), tá damhsa ar an sean-nós díreach ag dul trí thréimhse fáis agus forbartha anois agus ag fáil an aitheantais atá tuillte aige.
aimsir fhás na mbruachbhailte, the time of the growth of the suburbs,
" Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "*White Flight*" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte.
borradh growth
" Tháinig borradh faoin gcathair seo sa naoú haois déag mar thoradh ar dhéantúsaíocht síoda, agus bhí cáil uirthi mar "an chathair ab Éireannaí i Meiriceá" ag an am.
borradh mór a big growth
" Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “*designer difficulties*” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
bhorradh growth
" Is as Ard Mhacha í Ethel Brogan agus is ise, gan agó, a chur tús leis an bhorradh atá tagtha faoi fhoghlaim na Gaeilge ar chósta thoir Mheiriceá.
fás tapa quick growth
" B'fhéidir, mar sin, go dtiocfaidh fás tapa ar líon na dteachtaireachtaí téacs a sheolfar as Gaeilge an samhradh seo – agus tá a fhios agam féin cad é an chéad cheann a scríobhfaidh mé: "GRMMA Samsung".
borradh growth
" Tagann borradh faoin imeartas focal le linn an scéil agus baineann Biddy Jenkinson leas as an bhFraincis agus as an mBéarla i dteannta na Gaeilge chun íomhánna úra, spraíúla a chruthú.
ráta fáis rate of growth
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
borradh growth
" Agus b’fhéidir gurb é an maitheas a bhainfidh daoine áirithe as na heachtraí seo ar fad ná go bhfoghlaimeoidh siad ceacht agus nach gcaillfidh siad srian orthu féin ó thaobh tomhaltachais agus caiteachais de an chéad uair eile a bheidh borradh i gceist.
borradh eacnamúil economic growth
" Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist, ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.
borradh growth
" Deir sé liom gurbh é athair Joe a chuir tús le siopaí ceirníní san ardchathair ag deireadh na seascaidí agus borradh ag teacht faoi rac is roll in Éirinn – Murray’s Discs ar Bhóthar na Trá Thuaidh ba ainm don siopa a bhí aige.
borradh san fhoirgníocht. the growth in construction
" Sea, sín í an fhadhb ba mhó a bhí againn – an borradh san fhoirgníocht.
borradh seo faoin daonra this growth in population
" Ina theannta sin, cuireadh i gcuimhne dúinn gur chun leas na tíre atá an borradh seo faoin daonra.
fás an geilleagair the economic growth
" Tá lucht comhshaoil ag rá le roinnt blianta anuas gur gá dúinn an nasc idir fás an geilleagair agus gur gá fás na n-astuithe ceaptha teasa a bhriseadh.