"Bhail bíodh a fhios agat, a Leamh Uí Chuinneagáin," a bhladhraíonn Balor na Graince, "Go bhfuil fearg a dhóthain ar Bhalor agus nach baol don fhearg sin a bheith caillte!"
Is é atá ag cur isteach ar Fhear na Súile Nimhe nach bhfuair sé féin mar aitheantas ach seans dul ar "Cé atá ag Iarraidh Bheith ina Mhilliúnaí?", seó speisialta na Nollag, leis an Ghé Ó Broin.