Bhí oíche airneáin ann ceann de na hoícheanta, agus ba muide an bheirt dheireanach a d'fhág an chistineach fháiltiúil sin le dul abhaile ag leathuair tar éis a seacht ar maidin! Agus ar ndóigh cé a bhí ar an gcéad bheirt a shroich an baile an lá dár gcionn le haghaidh tuilleadh den scléip chéanna?
Sea go deimhin, an bheirt cheannann chéanna!
As áit darb ainm Bun Dorcha do Shéamus, cúpla míle taobh amuigh de Chluain Cearbán, áit atá luaite san amhrán "Bruach na Carra Léith":
*Is chuala mé a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh,
Le Búrcach as Bun Dorcha, is go deimhin ní maith liom é.