*(Tá sorry orm, a eagarthóir!)*
Ní raibh Nollaig bhán ann ar fud na tíre, ach bhí an Nollaig bán go leor in áiteanna áirithe, a bhuíochas sin don chóicín ar fad a bhí dá smúradh ag liúdair agus ag óinseacha agus ag gamail na hÉireann.
Is dócha gur beag duine a déarfadh gur cuid suntais é an fógra ann féin agus thuigfeadh aon ghamal gur grá de shaghas éigin a bhí i gceist leis an ‘*it*’ sa bhfógra úd.