Tá
Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge!
Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.