Deirtear gur shíolraigh achan loscann atá in Éirinn anois ó ghlóthach fhroig a chaith fear darbh ainm an Dochtúir Gwithers isteach i ndíoga ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath thart fán bhliain 1690.
Lourdes, mo thóin! Fatima, mo thóin! Cnoc Mhuire, mo thóin! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair nach
gcuireadh múinteoirí na hÉireann spéis ag an am seo den bhliain ach sna crosóga Bhríde agus sa Charghas; sna plúiríní sneachta agus sa ghlóthach fhroig; sa tuiseal ginideach agus sa mhodh coinníollach; agus in aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir.
(D) An Siocadh Síos
=========
Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin.
Mar aon leis na héin, tiocfaidh an bláth ar an bhfál, an buinne ar an gcrann, léimfidh na loscainn romhat go fóill, agus beidh na gasúir amuigh ag spraoi leis an bhfad coiscéim coiligh atá ar chaon lá.
Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.